‘Braitheann tú go bhfuil an Ghaoluinn ag leathnú amach’

Scrúdaíonn sraith nua raidió Labhraimid Gaeilge i nDún Garbhán úsáid na Gaeilge sa bhaile seirbhíse Gaeltachta

Ag an margadh: Catherine Foley ag caint le Joe Prendergast ina bhácús le linn taifeadta na sraithe Labhraimid Gaeilge i nDún Garbhán.
Ag an margadh: Catherine Foley ag caint le Joe Prendergast ina bhácús le linn taifeadta na sraithe Labhraimid Gaeilge i nDún Garbhán.

FOCLÓIR: Aonteangachas – monolingualism; stól – stool; teocht – temperature; Gaoluinn (Gaeilge) – Irish; méadú suntasach – marked increase; comharthaíocht - signage; suaitheantas – badge; ugach – confidence/encouragement.

Anuas go dtí le gairid, ba chosúil gurbh ar chonair chúng an aonteangachais amháin a bhí an tír ag taisteal.

Ach de réir mar a cuireadh bonn reachtaíochta faoi chearta teanga le fiche bliain anuas, d’fhás an tuiscint go bhfuil tábhacht ar leith le bailte sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i dtaobh iarrachtaí athnuachan teanga.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugadh aitheantas speisialta do bhailte le daonra níos mó ná 1,000 duine, atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó buailte léi, agus a sholáthraíonn seirbhísí do mhuintir na Gaeltachta. Is ‘cos amháin de stól trí-chosach’ iad na Bailte Seirbhíse Gaeltachta sa phróiseas pleanála teanga, mar aon le líonraí Gaeilge agus limistéir phleanála teanga Ghaeltachta.

Leathnú na Gaeilge mar theanga labhartha pobail an bhunaidhm.

Bíonn ról lárnach ag an bpobal sa phróiseas: chun go mbronnfaí stádas Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ar bhaile, bíonn gá plean teanga a aontú leis an bpobal. De bharr rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas, bítear ag súil go mbeidh muintir an bhaile tugtha do na spriocanna agus do chur i bhfeidhm an phlean a thagann chun cinn.

A luaithe is atá plean teanga dréachtaithe agus faofa, ní mór don aire stádas oifigiúil a cheadú ionas gur féidir tús a chur le cur i bhfeidhm an phlean. Nuair a bhronntar stádas ar bhaile mar Bhaile Seirbhíse, cuirtear maoiniú ar fáil d’oifigeach teanga agus don phlean teanga.

Dún Garbhán

Tugadh aitheantas oifigiúil bhaile seirbhíse Gaeltachta do bhaile Dhún Garbhán, i gContae Phort Láirge, i mí Iúil 2022.

Labhair Tuarascáil leis an iriseoir Catherine Foley atá tar éis sraith nua clár raidió, Labhraímid Gaeilge i nDún Garbhán, a chur i láthair don stáisiún áitiúil WLR FM. Cuirfear tús leis an tsraith a chraoladh ar Mháirt na seachtaine seo. “Sraith deich gclár atá ann agus níl i ngach clár ach deich nóiméad nó mar sin,” a dúirt sí.

Is í an slat tomhais is fearr leis an dul chun cinn a mheas ná dul amach i measc an phobail chun labhairt le daoine agus sin go díreach a rinne Foley.

Labhair sí le daoine atá ina gcónaí agus ag obair sa bhaile le go bhfeicfeadh sí an fíor é go bhfuil stádas Bhaile Seirbhíse Dhún Garbhán ag imirt tionchair ar nósanna teanga na ndaoine.

“Theastaigh uainn blaiseadh a fháil - an teocht a thógaint - nó go bhfeicimis cad atá ag tarlú sna siopaí agus sna gnóanna – go bhfeicimis an bhfuil Gaoluinn le cloisteáil i nDún Garbhán,” a dúirt sí.

“Agus, de réir dealraimh, tá sí le cloisteáil. Tá muinín ag daoine inti anois. Tá an nasc traidisiúnta idir an Ghaeltacht agus an baile mór láidrithe, tá sé níos feiceálaí,” a dúirt sí.

“Chuamar thart ag bualadh le daoine. Thosaíomar sa leabharlann agus rinneamar go leor de na cláir i siopaí an bhaile. Rinneamar ceann i siopa a dhíolann táirgí oifige, agus ceann eile i siopaí éadaí.

“Bhuaileamar le daoine le Gaoluinn agus le duine nó beirt nach raibh mórán acu. Bhí siad go léir dearfach agus lánchinnte go bhfuil níos mó Gaoluinne le cloisint i nDún Garbhán le déanaí,” a dúirt sí.

Bíonn ar na heagrais a roghnaítear chun plean teanga a réiteach a léiriú go bhfuil fís acu. Socraítear cuspóirí ag brath ar láidreachtaí agus ar laigeachtaí an bhaile chomh maith le clochmhílte ar gá a bhaint amach go ceann deireadh thréimhse seacht mbliana.

Nuair a cheadaigh Jack Chambers, a bhí ina Aire Stáit ag an am, plean teanga Dhún Garbhán in 2022, bhí sé ar an naoú ceann a ceadaíodh lasmuigh den Ghaeltacht. Cheap an eagras Dún Garbhán le Gaeilge oifigeach pleanála teanga chun an plean a chur i bhfeidhm agus cuireadh ciste bliantúil ar fiú €80,000 é ar fáil.

Cuirtear agallamh ar an oifigeach pleanála teanga Bróna Coleman sa deichiú clár. “Cheapamar go mbeadh sé tráthúil bualadh leis na daoine atá gníomhach ar son na Gaeilge,” a dúirt Foley.

Insíonn Bróna go mbaineann muintir an bhaile taitneamh “as a bheith ag caint, ag foghlaim nó fiú amháin ag éisteacht le daoine atá ag caint Gaeilge”

Cuirtear agallamh freisin ar Silvia Uí Sheanlaoich, príomhoide Scoil Gharbháin, Gaelscoil a bunaíodh i nDún Garbháin in 1982. Tá 23 múinteoir ag múineadh inti anois agus breis is dhá chéad is ochtó scoláire ag freastal uirthi. “Feiceann sí an fás atá ag teacht [faoin tsuim atá ag daoine sa Ghaeilge],” a dúirt Foley. “Scoil an-mhór í agus tá an-éileamh uirthi,” a dúirt sí.

Athrú dearfach eile a bhaineann leis an scoil ná go bhfuil níos mó páistí ó chúlraí éagsúla cultúrtha agus eitneacha ag freastal ar Scoil Gharbháin anois agus go bhfuil ilteangachas ag éirí níos coitianta.

Bíonn tionchar eile ag an scolaíocht trí mheán na Gaeilge nach dtomhaistear go ró-mhinic: tá iarscoláirí atá ag obair i ngach cineál gnólachta sa bhaile anois ina gcainteoirí Gaeilge.

“Tá an Ghaoluinn lárnach anois i meon na ndaoine, níos mó ná riamh, dar liom féin,” a dúirt Foley.

“Feiceann daoine go bhfuil sí mar chuid dár bhféiniúlacht.”

Cuireadh agallamh freisin ar Stefanie Stude, bean Ghearmánach a tháinig chun cónaithe i nDún Garbhán tamall de bhlianta ó shin.

Sa Rinn atá sí ag cur fúithi, agus tá a mac óg líofa i dtrí theanga – Gearmáinis, Béarla agus Gaeilge - agus is féidir leis aistriú go héasca ó theanga amháin go teanga eile.

D’inis sí don chlár go bhfuil sí tar éis “méadú suntasach” ar úsáid na Gaeilge a thabhairt faoi deara sa bhaile ón uair a bronnadh stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta air.

“Tugaim athrú mór faoi deara. Feicim i bhfad níos mó Gaeilge i bhfuinneoga siopaí. Agus tá neart imeachtaí ar siúl anois...agus tá ceardlanna amhránaíochta dátheangacha ann freisin.”

Mura rachaidh tú ar aghaidh, rachaidh tú ar gcúl, mar a deirtear, agus in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, bhí moltaí ag roinnt daoine chun tuilleadh a dhéanamh chun úsáid na teanga a neartú.

“Luaigh duine nó beirt gur cheart suaitheantas nó biorán a chaitheamh, a chuirfeadh in iúil go bhfuil Gaoluinn ag duine. Ní bhíonn a fhios agat i gcónaí go bhfuil Gaoluinn ag an duine eile agus teastaíonn uainn an Ghaoluinn a bheith beo,” a dúirt Foley.

Ugach

Thug sé ugach do Catherine agus a deirfiúr RoseAnn (a bhí i mbun an taifeadta) bheith in ann obair a dhéanamh i nGaeilge.

“Tugann sé an-mhisneach agus spreagadh iontach duit, agus thug don bheirt againn, bheith in ann ár ngnó a dhéanamh trí Ghaoluinn, agallaimh a dhéanamh, agus caint le daoine eile a bhfuil Gaoluinn acu.”

“Bhí sé go hiontach,” a dúirt sí.

Agus an oiread sin airde ar ghéarchéim mhaoinithe earnáil na Gaeilge i láthair na huaire, léiriú is ea an méid atá bainte amach i nDún Garbhán ar fhiúntas an mhaoinithe sin agus an tábhacht atá len é a chosaint agus a mhéadú.

“Braitheann tú go bhfuil an Ghaoluinn ag leathnú amach, go bhfuil sí ag méadú agus go bhfuil dea-thoil le braistint ag méadú,” a dúirt Catherine.

“Tá sé mar a bheadh taoide ag tuilleadh agus cuireann sé sin leis an misneach atá ag daoine i gcoitinne. Is rud é atá ag tarlú de réir a chéile,” a dúirt Catherine.

* Craolfar Labhraimid Gaeilge i nDún Garbhán ar WLR FM (wlrfm.com) gach lá ag 6.45 iarnóin ón 4ú Márta.

* Nóta: Tá saor-iriseoir cumasach, cruthaitheach agus díograiseach de dhíth chun ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a scríobh. Beidh an t-iarrthóir in ann ailt i nGaeilge, agallaimh agus saothar a sholáthar go rialta agus go tráthúil. Déan teagmháil le:

eanna.ocaollai@irishtimes.com.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is Irish Language Editor at The Irish Times