Sna cuimhní sin a bhíonn ag an saol poiblí shleamhnaigh an ceann seo tharainn ciúin go leor. Bhí an gnáthchaointeachán ar siúl ag lucht poipíní a chaitheamh timpeall an ama chéanna, agus cuid acu ag caint le súlach ina gcuid fiacla ar chogadh domhanda a trí, fad is gur ligeadh cogadh deas beag sibhialta eile titim i ndíchuimhne.
Seachtó bliain ó shin, dhein Iosrael, an Fhrainc agus an Bhanríocht Aontaithe (is ea, bhí banríon ar an gcoróin ag an am) ionsaí gan choinne ar an Éigipt toisc gur chuir uachtarán na tíre sin, Gamal Abdul Nasser, Canáil Shuais faoi smacht áitiúil. B’in rud dána ó bhoicín de chuid na hAfraice nach raibh sásta a bheith umhal agus cúbadh faoi.
Sa mhéid is gur cogadh a bhí ann, bhí gairid go leor. Níor mhair ach naoi lá, agus is féidir a rá gur éirigh leis na fórsaí impiriúlacha den chuid is mó mar fheachtas míleata. Níorbh ionann ar fad cuspóirí Iosrael agus aidhm an ionsaithe Angla-Fhrancaigh. Bhíodar siúd ag iarraidh go n-osclófaí Caolas Tiran dá gcuid loingeas a bhí coscaithe orthu, ach is léir go raibh gabháltas talún breise sa mheá acu chomh maith. Sa mhéid sin bhíodar éiritheach gan cheist, fág ar tharla do shibhialtaigh Arabacha in Kafr Qasim agus in Rafah as an áireamh, rud nach ndéanann na daoine a tháinig slán.
Ba é iarmhairt an chogaidh do na cumhachtaí eile an rud ba thábhachtaí agus a d’oscail súile an domhain uair amháin eile. Ní nach ionadh bhí alltacht ar an domhan Moslamach, léirsithe de na céadta mílte sa Phacastáin, dódh Ard-Choimisiún na Breataine in Karachi, chuir an Araib Shádach trádbhac ola ar an mBreatain agus ar an bhFrainc.
READ MORE
Níos suimiúla ar fad, áfach, ba iad na Stáit Aontaithe agus an tUachtarán Dwight Eisenhower an chúis ba mhó gur cuireadh sos cogaidh i bhfeidhm. Lasmuigh den bhrú dioplamáideach, mhol siad rún ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a cuireadh ar aghaidh go dtí an Comhthionól Ginearálta ag éileamh go stopfadh an troid láithreach bonn baill. Níl aon duaiseanna le fáil féachaint cérbh iad na tíortha a vótáil in aghaidh an rúin sin – ach go díreach ar son do chuid fiosrachta a shásamh agus le léiriú go raibh an ceart agat, is ea, ba iad An Bhreatain, an Fhrainc, Iosrael, fara bábóga na hImpireachta, an Astráil, agus an Nua-Shéalainn. Díol spéise, leis, na tíortha a staon sa vóta: Ceanada, an Bheilg, an Phortaingéil agus an Afraic Theas Gheal. Ina theannta sin, mar choirnín breise ar eireaball na muice, léirigh Adenhauer seansailéir na Gearmáine Thiar bá speisialta leis an mBreatain agus leis an bhFrainc san aighneas. Is fada siar a ghabhann cealg agus galar an cheannais.
D’éascaigh seo an ghluaiseacht chun na saoirse i measc tíortha na hAfraice suim bheag blianta ina dhiaidh sin, cé go raibh na Sasanaigh fós ag troid go fíochmhar le gach barbaracht a bhí ina gcumas sa Chéinia, agus an Fhrainc gan bheith ina tánaiste dóibh san Ailgéir ag an am céanna.
D’fhás meas thar tomhas ar Nasser ar fud an tríú domhain mar a thugtaí go maslach air san am, agus d’éirigh leis greim docht a choimeád ar a mhuintir féin. Caitheadh go dona le Giúdaigh san Éigipt agus ghoid an rialtas go leor dá gcuid gnólachtaí uathu. Tuigeadh sa Bhreatain nár chumhacht dhomhanda iad níos mó, cé gur mall atá sin á bhualadh isteach i gcloigne áirithe. Thuig an Fhrainc nach bhféadfadh siad brath ar a gcuid comhghuaillithe.
Ach thar aon rud eile, léiríodh nach bhféadfadh seanmhaistíní an domhain léim isteach áit ar bith lena dtoil a chur i bhfeidhm feasta. Ceacht é, áfach, nach bhfuil sroichte chomh fada leis an Teach Bán fós.














