Cathal Ó Sándair: laoch litríocht Ghaeilge na n-óg

Nuair a bunaíodh an Gúm in 1926 rinneadh neamhaird i dtosach ar litríocht Ghaeilge na n-óg agus tosaíodh ar aistriúcháin a sholáthar

Foclóir: Íomhánna – images; éacht - achievement; ceiliúradh – celebration; i gcló – in print; coirscéalta – crime stories; scéalta bleachtaireachta – detective stories; scéalta fantaisíochta – fantasy stories; scéalta ficsean-eolaíochta – science fiction.

Céad bliain ó rugadh Cathal Ó Sándair in 1922 tá comóradh á dhéanamh air i mbliana agus ar an éacht a rinne sé ar son litríocht Ghaeilge na n-óg agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig. Tá athchló déanta ag an nGúm ar dhá leabhar dá chuid, Na Mairbh a D’fhill agus An tEitleán Dofheicthe, tá taispéantas taistil ar shaol Uí Shándair ar camchuairt timpeall na tíre agus is féidir teacht ar íomhánna agus eolas air go laethúil ag @COSandair2022 ar Twitter, Instagram agus Facebook. San Fhómhar beidh clár raidió á chraoladh ar Raidió na Gaelachta agus tá súil againn go mbeidh caint, comhrá agus ceiliúradh á dhéanamh ar Chathal Ó Sándair ag Oireachtas na bliana i gCill Áirne!

Is é Cathal Ó Sándair an scríbhneoir is mó foilseachán agus is mó díol sa Ghaeilge. D’fhoilsigh an Gúm 120 leabhar dá chuid idir na blianta 1943 go 1984, agus de réir chomhaid an Ghúim cuireadh thart ar 355,000 cóip dá leabhair i gcló sa tréimhse chéanna. Is éacht é sin ann féin, ach tá aitheantas ag dul do Chathal Ó Sándair mar scríbhneoir cruthaitheach a léirigh tuiscint ar leith ar litríocht na n-óg agus a phobal léitheoireachta agus a bhain úsáid as múnlaí mhórsheánraí an Bhéarla le scéalta a chur in oiriúint do léitheoirí Gaeilge.

Foilsíodh céad leabhar Uí Shándair, Na Mairbh a D’fhill, in 1943 agus in ainneoin an ghanntanais páipéir de bharr an chogaidh, cuireadh 9,000 cóip den scéal i gcló san iomlán.

READ MORE

Nuair a bunaíodh an Gúm in 1926 rinneadh neamhaird i dtosach ar litríocht Ghaeilge na n-óg agus tosaíodh ar aistriúcháin a sholáthar do pháistí óga agus do dhaoine óga. Cé go raibh léitheoirí, léirmheastóirí agus criticeoirí ar aon intinn i dtaobh thábhacht litríocht Ghaeilge na n-óg, d’fhéadfá a rá go raibh míthuiscintí éagsúla ann i dtaobh chur chuige an Ghúim; go raibh neamhaird á déanamh ar ábhar, ar réimse suime, agus ar sheánraí a thaitin le daoine óga. Bhí an iomarca béime á cur ar pholasaí teanga agus ar idé-eolaíocht iasachta mar bhonn do litríocht Ghaeilge na n-óg.

Bhí ábhair nua-chumtha dhúchasaigh ag teastáil ó pháistí agus ó dhaoine óga a raibh Gaeilge acu agus mheas Ó Sándair go bhféadfadh sé ábhar léitheoireachta Gaeilge a scríobh. In Earrach 1942 chas Ó Sándair ar Sheán Mac Lellan, eagarthóir sa Ghúm agus ag cruinniú idir an bheirt pléadh an fhís a bhí acu maidir le litríocht na n-óg, na cinéalacha scéalta a thaitin le daoine óga agus na féidearthachtaí a leithéid a chur ar fáil sa Ghaeilge.

Tar éis an chruinnithe chuaigh Ó Sándair abhaile agus scríobh sé céadeachtra Réics Carló, Na Mairbh a D’fhill.

Ní aithris iad scéalta Réics Carló ar scéalta Sherlock Holmes ná Bulldog Drummond sa Bhéarla ach d’fhéach Ó Sándair le fís agus le féiniúlacht Ghaelach a chur chun cinn. Rinne sé amhlaidh leis an mbuachaill bó, Réamonn Óg agus scéalta an Iarthair Fhiáin, le Buachaillí agus Cailíní Chluain Éanna agus an tsraith scoile agus leis na scéalta staire, na scéalta faoi fhoghlaithe mara agus na scéalta ficsean-eolaíochta.

Gné neamhghnách a bhain le scéalta Uí Shándair ná an bealach ar bhain sé eilimintí éagsúla ó sheánraí nach samhlófaí leis an seánra sin, mar shampla, thaisteal Réics Carló go dtí an Ghealach agus go Mars agus eilimintí den bhleachtaireacht agus den fhicsean-eolaíocht ag teacht le chéile, agus sna sraithscéalta scoile bhí daltaí i mbun eachtraí ag iarraidh saoirse agus neodracht na hÉireann a chosaint ó bhagairtí idirnáisiúnta! D’fhéadfadh rud ar bith tarlú!

Bhí tuiscint faoi leith ag Ó Sándair go bhféadfaí múnlaí agus comharthaí sóirt na mórsheánraí a úsáid agus a cheangal le hábhar dúchasach agus go bhféadfaí idé-eolaíocht agus féiniúlacht náisiúnaíoch a shamhlú le scéalta agus le carachtair. Bhí buachaillí agus cailíní óga ag léamh coirscéalta agus scéalta bleachtaireachta, scéalta fantaisíochta, scéalta ficsean-eolaíochta i measc eile, as Gaeilge agus bhí teacht ag daoine óga ar ábhair léitheoireachta go rialta leis na carachtair chéanna.

Bhí na scéalta suite in Éirinn agus le carachtair Éireannacha agus léiríodh tuiscintí ar stair agus ar chultúr na hÉireann agus ar fhéiniúlacht Ghaelach iar-choilíneach. Cuireadh íomhá nua chun cinn d’Éirinn, tír neamhspleách agus nua-aimseartha ina bhféadfadh éachtraí móra tarlú.

Rinne sé scéalta Chlub Leabhar Réics Carló a shuíomh i gCathair Bhaile Átha Cliath agus léirigh sé saol na cathrach agus saol nua-aimseartha don chéad uair i litríocht dhúchasach na n-óg sa Ghaeilge. Shamhlaigh Ó Sándair an Ghaeilge mar mhórtheanga agus mar theanga dhomhanda. Ba í an Ghaeilge teanga náisiúnta na nGael agus léiríodh í mar ghnáth-theanga chomhaimseartha in Éirinn. Chomh maith leis sin, bhí an Ghaeilge úsáideach mar theanga chumarsáide i dtíortha agus in áiteanna taobh amuigh d’Éirinn agus bhí spéis ag daoine eile í a fhoghlaim chomh maith. Ag amanna bhí deacrachtaí agus dúshláin ag baint leis sin ach rinne Ó Sándair téarmaíocht nua a chumadh le dul i ngleic leis an saol nua-aimseartha.

Ba iad Réics Carló, bleachtaire, agus Réamonn Óg, buachaill bó, an dá shraith scéalta ba líonmhaire dá shraith scéalta uile agus in ainneoin go bhfuil carachtar amháin i mbun eachtraíochta i mBaile Átha Cliath agus in Éirinn go príomhúil, agus carachtar eile i suíomh iomlán coimhthíoch, an Rio Grande is laochra Gaelacha iad ina ndomhain féin. I gcomparáid le scéalta eachtraíochta eile ina léiríodh ról an laoich le bundúchasaigh a chur faoi chois agus le córas riaracháin a chur i bhfeidhm, tugtar faoi deara go bhfuil ról Réics Carló agus Réamoinn Óig eisceachtúil.

I scéalta Chlub Leabhar Réics Carló déantar cur síos ar thábhacht na saoirse, ar thábhacht éirí amach i gcoinne déachtóra nó Impirí agus is minic do Réics cúnamh a thabhairt do dhaoine atá faoi chois, gnéithe nach mbeifeá ag súil leo i scéalta bleachtaireachta.

I scéalta an Iarthair Fhiáin déantar cur síos ar uathlathas na bhfear bán agus ar chás na nIndiach agus is ábhar díomá é seo do Réamonn Óg nach gcaitear go cothrom leis na hIndiaigh. Léirítear tuiscint Réics Carló agus Réamonn Óig ar chúrsaí staire agus ar chúrsaí polaitiúla sna scéalta. Bhí sin neamhghnách i scéalta do dhaoine óga ach bhí sé spéisiúil sa chaoi ar léirigh sé tuiscintí maidir le daoine agus pobail eile.

Rinne Ó Sándair seo le formhór na bpríomhcharachtar – ba Ghaeil go smior iad, ba laochra uaisle tuisceanacha iad agus léiríodh an-mheas ar luachanna a samhlaíodh le Nua-Éirinn.

Thaitin sraithscéalta Uí Shándair le daoine óga; bhíodh an carachtar céanna mar phríomhcharachtar na sraithscéalta; bhí struchtúr agus comharthaí sóirt na sraithscéalta céanna ag baint leis na scéalta ar fad, agus béim ar eachtraí agus ar cheisteanna éagsúla a bhí le réiteach ag bleachtairí, buachaillí bó, buachaillí agus cailíní scoile, spás-phíolótaí agus foghlaithe mara!

Cé nach bhfuil gach scéal oiriúnach ná spéisiúil do dhaoine óga anois is scéalta eachtraíochta taitneamhacha iad lán d’áibhéil, de mhistéir agus de spraoi! Tá sé tráthúil go bhfuil dhá scéal de chuid Réics Carló á athfhoilsiú agus comóradh á dhéanamh ar Chathal Ó Sándair. Dá spreagfaí pobal léitheoireachta nua le haithne a chur ar Réics Carló agus a chairde, nárbh iontach sin!

* Is léachtóir le Gaeilge í Dr Róisín Ní Mhulláin i gColáiste San Aingeal, Sligeach agus is ball í ar an gcoiste ‘Comóradh Coiste Comórtha Chathail Uí Shándair’. Beidh sí ag caint ag an taispéantas ‘Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair’ i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste ar an 26/8/2022 ag 1pm.