Ní gá a bheith i do cheoltóir le tábhacht an cheoil i scéal na hÉireann a aithint. Tá a lorg agus a mhacalla i ngach áit. Luaitear é i litríocht ársa na tíre agus níl sráidbhaile sa tír nach mbíonn seisiúin cheoil i bhfoisceacht scread asail uait.
Tá an chláirseach ina suaitheantas oifigiúil ag an Stát: tá dearadh de chláirseach Bhriain Bhóramha greanta ar bhoinn airgid ó 1928 anall agus tá sí le feiceáil ar pháipéarachas na tíre.
Cé go mbaintear úsáid as an gcruit go hoifigiúil mar chomhartha d’fhéiniúlacht agus d’oidhreacht na hÉireann, is cleachtas sóisialta é seinm an cheoil, agus is é sin croí an traidisiúin.
Bíonn muintearas ar leith ag baint leis agus is minic gur ar mhaithe leis an gcomhluadar a thagann ceoltóirí agus lucht éisteachta le chéile.
READ MORE

Ba í an bhraistint phobail sin a mheall Deirdre McGillicuddy chuig Craobh Naithí, brainse de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Tá an chraobh ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh ceiliúradh mór ag an deireadh seachtaine chun oidhreacht na craoibhe a chomóradh agus beidh baill a bhí páirteach ann thar an 50 bliain sin i láthair.
D’inis McGillicuddy, atá ina hoifigeach Gaeilge sa chumann, faoin mborradh atá tagtha faoi Chraobh Naithí le blianta beaga anuas.
“Is dócha go bhfuil níos mó suime ag daoine sa Ghaeilge, sa chultúr agus sa cheol, agus tugtar seans anseo do dhaoine teacht le chéile, agus sin an rud a thaitníonn liomsa,” a dúirt sí.
Níl ach rudaí dearfacha a thagann as bheith ag plé le ceol nó ag seinm ceoil.
Shíolraigh Craobh Naithí, a bunaíodh in 1976, as seisiúin cheoil a reáchtáladh san Eagle House i nDún Droma go luath sna 1970idí. Ag an am sin bhí Dún Droma ag iompú ina bhruachbhaile ar imeall dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath. D’aistrigh go leor daoine ann as gach cearn den tír sna 1960idí agus sna 1970idí.
“Bhíodar ag seinm ceoil thart timpeall cheantar Dhún Droma,” a mhínigh McGillicuddy.
Bunaíodh Scoil Naithí in 1973 chun freastal ar an tóir a bhí sa phobal nua ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus níorbh aon ionadh gur bhain Craobh Naithí leas as an scoil chun ranganna a reáchtáil.
Ach de réir mar a d’fhás Craobh Naithí, ní fada go raibh gá teacht ar ionad níos mó.
Bogadh na ranganna go Pobalscoil Bhaile an tSaoir ar feadh roinnt blianta, agus anois tá Craobh Naithí i bPobalscoil Naomh Cholm Cille le thart ar 20 bliain anuas.
Tá pobal bríomhar tógtha timpeall ar an gcraobh agus dar le McGillicuddy go bhfuil ról tábhachtach á imirt ag an gComhaltas sa phobal áitiúil agus go mbaineann idir óg agus aosta leas as.
“Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach ár n-oidhreacht a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin, agus a thabhairt le fios go bhfuil beocht ann, agus go bhfuil meon dearfach againn mar dhaoine agus mar phobal Gaelach freisin.”
“Chuir mé ceist ar na páistí cad a cheapann siad faoi Chraobh Naithí agus an tábhacht, dar leo, atá leis,” ar sí.
“Dúirt siad gur áit spraíúil é agus gur féidir cairdeas a dhéanamh ann. Sin é an rud is breá liomsa faoi - cé go bhfuil muid ag glacadh páirt agus ag díriú isteach ar na fleadhanna agus na comórtais, an rud atá tábhachtach ná an cairdeas agus an ceol, agus sin é go bunúsach.”
Reáchtáiltear comórtais cheoil, ceolchoirmeacha, seisiúin, agus mórán imeachtaí eile le linn na bliana agus tá ráchairt mhór ar na ranganna ceoil agus iad ag méadú an t-am ar fad.
“Tá 260 páiste againn ag freastal ar ranganna,” a deir McGillicuddy.
“Tagann siad le chéile ar feadh uair an chloig gach Déardaoin, agus fad is atá siadsan ag seinm ceoil, tagann na páistí óga isteach. Tagann múinteoirí ó fud fad na tíre, go háirithe ó Chontae an Chláir, chun ceol a mhúineadh agus bíonn meascán den cheol ó gach ceantar - na ceantair láidre ó thaobh an cheoil thraidisiúnta.”
Is féidir le huirlisí ceoil a bheith daor le ceannacht ar na saolta seo, ach tá bailiúchán uirlisí ceoil ag Craobh Naithí a chuirtear ar fáil do na baill.
“Fuaireamar deontas airgid ó Music Network chun uirlisí a cheannacht don chraobh agus anois tá na huirlisí sin ar fáil do na baill le tógáil ar iasacht.”
Dar ndóigh is gné thábhachtach iad na comórtais i saol an cheoil agus glacann Craobh Naithí páirt i bhFleadh na hÉireann gach bliain.
“Bíonn Fleadh Bhaile Átha Cliath ann ar dtús, agus ina dhiaidh sin bíonn Fleadh Laighean ann agus téann na buaiteoirí ar aghaidh ansin go dtí Fleadh na hÉireann. Bhí triúr ón gcraobh ann i mbliana.”
Mar sin féin, ní hiad na comórtais “an t-aon fhócas” - reáchtáiltear imeachtaí ar nós ceolchoirmeacha d’othair agus d’fhoireann Ospidéal Naomh Lúcás agus do bhaill na leabharlainne i mBaile Uí Ruáin. Imríonn an Ghaeilge ról ar leith i saol na craoibhe freisin.
“Bhí mé ag iarraidh seans a thabhairt do mo pháistí féin an Ghaeilge a chloisteáil agus ceol a thriail,” a dúirt McGillicuddy.
Tá triúr páistí aici i gCraobh Naithí (Oisín, a sheinneann an fhidil, Fionn, a sheinneann an fhliúit agus an bainseó, agus Róise, a sheinneann an fhidil agus an bainseó) agus creideann sí “gan dabht ar bith” go gcabhraíonn an chraobh le daltaí an Ghaeilge a fheiceáil mar mhodh cumarsáide nach stopann ag geataí na scoile.
Freastalaíonn páistí ó scoileanna sa cheantar máguaird ar na ranganna agus ina measc sin tá roinnt mhaith atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge.
“Tá siad ag teacht ó Phobalscoil Naomh Cholm Cille, ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, ó Choláiste Eoin agus ó Choláiste Íosagáin, tá siad ag teacht ó Ghaelscoil Scoil Naithí agus ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna.
“Tá siad ag teacht ó gach áit.”

“Tá suim acu sa Ghaeilge,” a dúirt sí.
“Tá siad ag iarraidh í a labhairt, go háirithe na páistí óga a thagann as na Gaelscoileanna. Ní fhaigheann siad mórán deise í a labhairt taobh amuigh den Ghaelscoil.
“Tá comhluadar ann - tagann gach duine go dtí an halla. Bíonn muid ag labhairt i nGaeilge, agus tugann muid greamáin agus rudaí mar sin do na páistí, chun iad a spreagadh le Gaeilge a labhairt.
“Bíonn frásaí Gaeilge againn gach seachtain agus, chomh maith leis sin, bíonn póstaeir againn sa halla - faighim aon rud atá ar fáil ó Fhoras na Ghaeilge.
“Úsáidim an Ghaeilge ionas gur féidir leo a fheiscint - ‘tá áit anseo domsa freisin’.
Spreagann sé sin daoine eile freisin. “Nuair a fheiceann daoine gur féidir leo beagán Gaeilge a úsáid, spreagann sé iad chun tuilleadh a labhairt.”
“Cloistear Gaeilge agus Béarla á labhairt, agus chomh maith leis sin, bíonn Pop-Up Gaeltacht againn \[agus\] táim chun ciorcal cainte a chur ar siúl,” a dúirt sí.
Deir McGillicuddy go bhfuil gné ríluachmhar den cheol a chabhraíonn go mór le forbairt an duine.
“Deirimse i gcónaí gur cheart breathnú ar an taighde. Tá baint idir a bheith in ann ceol a sheinm agus cumas an duine fadhbanna a réiteach nó rudaí a fhoghlaim ar scoil. Deirim i gcónaí go gcabhraíonn sé leo forbairt go hintleachtúil.
“Níl ach rudaí dearfacha a thagann as bheith ag plé le ceol nó ag seinm ceoil,” a dúirt sí.
Foclóir:
Cláirseach – harp
suaitheantas – emblem
craobh - branch
geataí na scoile – school gates
deis – opportunity
leas - benefit













