Pleanáil teanga: ‘Tá cuid mhór de na heilimintí ag teacht le chéile’

Céard go díreach atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na pleananna teanga?

Foclóir: Aitheantas oifigiúil - official recognition; cén fheidhm - what function; leas - benefit; daonáireamh - census; torthaí - results; Go bunúsach - basically; cuspóir - objective; fís - vision; athfhorbairt - redevelopment; stádas comhdhaonnach - social status.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil Plean Teanga do Chaisleán an Bharraigh ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Tabharfar aitheantas oifigiúil don bhaile mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus cuirfear maoiniú ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun an plean teanga a chur i bhfeidhm.

Ach céard go díreach atá i gceist leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na pleananna teanga seo? Cén fheidhm atá leo agus cén leas a bhainfear astu?

“Tá na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar chos amháin de stól trí-chosach – na Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta,” a dúirt an Dr Gearóid Trimble, Clárbhainisteoir Pobal agus Gnó le Foras na Gaeilge.

As Acht na Gaeltachta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a d’eascair an próiseas teanga atá faoi chaibidil agus i gcomhthéacs an ghéarchéim teanga is cinnte go bhfuil práinn leis an obair sin.

Cé go bhfuil ceisteanna ardaithe faoin daonáireamh mar shlat tomhais ar líon na gcainteoirí Gaeilge, léirigh torthaí Dhaonáirimh 2016 titim eile in úsáid na teangan: as an 1,761,420 duine a bhí in ann í a labhairt, níor labhair ach 73,803 acu Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, laghdú 3,382 ar fhigiúr 2011.

Aitheantas

Faoin gcreat reatha tugtar aitheantas do bhailte a chuireann seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta, fiú más lasmuigh den Ghaeltacht atá a bhformhór suite.

Tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta orthu seo agus den 16 baile atá aitheanta, tá 13 lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht agus tá trí cinn eile sa Ghaeltacht. Tá an obair sna bailte Gaeltachta faoi choimirce Údarás na Gaeltachta agus tá an chuid eile faoi chúram Fhoras na Gaeilge.

Ar ndóigh, dá bhféadfaí stádas comhdhaonnach na Gaeilge sna bailte sin a mhéadú bheifí ag súil go mbeadh dea-thionchar aige sin ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht agus níos faide i gcéin.

“An rud atá i gceist ná díriú isteach go sonrach ar fhorbairt agus leathnú na Gaeilge mar theanga labhartha pobail,” a dúirt an Dr Trimble.

Ceapfar plean teanga i ngach cás agus fostófar oifigeach teanga chun an plean sin a chur i bhfeidhm. Ó thaobh oiliúint de, éilítear cáilíocht ábhartha tríú leibhéal sa réimse pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar ar na hiarrthóirí.

Thar thréimhse seacht mbliana cuirfear acmhainní ar fáil do na bailte seirbhíse agus do shruth eile den phlean freisin – na Líonraí Gaeilge.

Feidhmíonn na Líonraí Gaeilge i gceantair atá taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil pobail Gaeilge iontu. Go dtí seo, tá stádas oifigiúil bainte amach mar líonraí Gaeilge ag Iarthar Bhéal Feirste, Carn Tóchair, Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin.

Gné lárnach

Athrú mór amháin sa chur chuige reatha ná an ról lárnach atá le bheith ag an bpobal sa phróiseas.

Tá an chomhpháirtíocht seo ina “chroí chuspóir” a deir Gearóid Trimble. Tugtar faoi ar bhealach “uileghabhálach” a chuireann gach gné de shaol an bhaile san áireamh.

“Go bunúsach, baineann mórán den mbunchoinceap le húinéireacht an phobail féin lena mbaineann an plean teanga go mbíonn siad lárnach sa phleanáil, ag dearadh agus ag cur i bhfeidhm an phlean a thagann chun cinn,” a dúirt an Dr Trimble.

Tá 22 oifigeach pleanála teanga fostaithe go dtí seo agus tá siad freagrach as bearta atá leagtha amach sna pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

“Don chéad uair riamh is féidir leis an oifigeach pleanála teanga cruinnithe a lorg – bíodh sé sin leis an oifig rialtais atá sa cheantar - agus a rá: ‘Tá moltaí ann, tá muid ag iarraidh forbairtí a dhéanamh ó thaobh feiceálacht na Gaeilge [agus] ó thaobh daoine gur mian leo leas a bhaint as seirbhísí trí Ghaeilge.’

Cur chuige é sin atá “ag saothrú i bhfad, i bhfad, níos fearr” do na hoifigigh teanga seachas iad a bheith “mar dhuine éigin ar an imeall” nach féidir leo ach dea-thoil a iarraidh.

Is minic gur cáineadh polasaithe teanga nuair nach raibh taighde agus cur chuige eolaíoch mar bhunús leis an obair. Ach, de réir an Dr Trimble, bíonn ar na grúpaí a roghnaítear chun plean teanga a réiteach úsáid a bhaint as taighde. Bíonn “an-dul chun cinn déanta ó thaobh bhailiú eolais, taighde agus staitisticí sular féidir leo aon phlean a chur le chéile,” a dúirt sé.

“Caithfidh na grúpaí seo a léiriú go bhfuil fís acu agus cuspóirí agus na clochmhílte a bheidh ann go ceann deireadh thréimhse seacht mbliana, fad saoil an phlean teanga féin.”

Luach

D’fhógair an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Chambers an mhí seo caite go gcuirfear €3,663,280 de mhaoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar an bpróiseas pleanála teanga.

Ach cén bhuntáiste a bheadh i gcur chuige mar seo do ghnólachtaí a mbíonn ar a laghad súil amháin acu ar chostais?

“An rud atá i gceist i dtaca leis an bplean teanga ná go mbeidh na páirtithe éagsúla - grúpaí oideachais, gnó, seirbhísí stáit agus pobail - rannpháirteach agus go bhfuil tionchar acu ar dhearadh an phlean agus go bhfuil ról acu i bhforfheidhmiú an phlean,” a dúirt sé.

Léiríonn taighde ar thuairimí an phobail i dtaobh na Gaeilge go bhfuil dearcadh dearfach ag formhór mór na ndaoine ina leith. Tá súil ag an Dr Trimble gur féidir le gnólachtaí leas a bhaint as sin agus ar an bhfonn atá ar dhaoine an Ghaeilge atá acu féin a chur ag obair.

“Tá deis ag an lucht gnó teacht ar bord agus leas a bhaint as na tacaíochtaí agus tá deis acu seasamh amach óna gcuid iomaitheoirí,” a dúirt sé.

Infheistíocht “sa bhreis ar an ngnáth infheistíocht” atá déanta sna ceantair seo, a deir an Dr Trimble.

“Is bun chuspóir é ó thaobh fheiceálacht agus chloisteáil na Gaeilge agus ó thaobh seirbhísí go bhféadfaidh daoine a gcuid gnó a dhéanamh [as Gaeilge]”

“Má tá muid ag breathnú ar meán ráta de thairbhe €80,000 in aghaidh na bliana atá á infheistiú ag an stát tríd Fhoras na Gaeilge i ngach uile Baile Seirbhíse Gaeltachta thar shaol ré de seacht mbliana [sin] beagáinín sa bhreis agus €500,000.

“Is deá scéal [é seo] ó thaobh athghiniúint agus athfhorbairt a dhéanamh ar an dóigh ina bhfuil an dá theangachas á chur chun cinn,” a dúirt sé.

Sheol Foras na Gaeilge an suíomh Gaelphobal.ie i mbliana mar fhoinse eolais agus fáisnéise do dhaoine maidir le himeachtaí ina gceantair féin. Feachtas é seo atá eagraithe ar bhonn oileánda.

“Is cuma má tá tú ag plé le pleanáil teanga i gConamara, i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste. Tá na prionsabail ceannann céanna ann agus tá na tacaíochtaí agus an treoir ceannann céanna ann,” a dúirt an Dr Trimble.

“Leis an tacaíocht múnlaithe atá curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge, táimid ag an bpointe anois go bhfuil polasaí mór maidir le cur chun cinn an dá theangachais á thiomáint ag an rialtas tríd Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dul chun cinn

“Ar bhealach amháin tá sé ró-luath é sin a rá,” a dúirt an Dr Trimble nuair a fiosraíodh uaidh cén chaoi atá ag éirí leis an obair.

“Tá cuid mhór de na heilimintí ag teacht le chéile go hana-mhaith – na ranna rialtas, polasaí rialtais, agus na heagrais stáit, mar shampla an tÚdarás agus an Foras atá rannpháirteach. B’fhéidir gurb é an ghné is tábhachtaí ná go bhfuil úinéireacht á thabhairt do na pobail sin chun dul i mbun a gcuid cinniúna féin ó thaobh teanga.

“Beidh le feiceáil cén cineál tionchair a fheicfear sa chéad daonáireamh eile.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí is an Irish Times journalist and editor of the Irish Times Student Hub