Comharthaí dátheangacha, Aip nua, Uirlis teagaisc

Nótaí: ‘Labhair Gaeilge Liom,’ Izak 9 agus TG4 ag lorg iarratais ó chéimithe

Ceistneoir: Tá suas le míle freagra bailithe ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona ar cheistneoir faoi chomharthaí dhátheangacha san ollscoil.

“Ba cheart don Ollscoil treoir na saineolaithe a chur i bhfeidhm sa chás seo, agus moltaí ... a chur i bhfeidhm, a chuireann in iúl go soiléir nach sáraíonn comharthaí dátheangacha cearta aon duine eile, ach go gcuireann siad le feiceálacht agus le normalú na teanga dúchais,” a dúirt Naoise Ó Cuilín ón gCumann Gaelach..

* Aip nua as Gaeilge dhá fhorbairt: Tá Nóirín Ní Bhraoin, atá ina iar-múinteoir bunscoile agus síceolaí, i mbun aip nua Gaeilge a fhorbairt. Tá sí ag iarraidh ar dhaoine suirbhé a líonadh. "Beimid buíoch daoibhse, lucht labhartha na Gaeilge amuigh ansin ach dul go dtí an suirbhé agus é a chomhlánú," a dúirt sí. Is féidir sin a dhéanamh ag: gaeilg-aip.com. Tá an dara páirt ag dul leis an tionscadal: Dá mbeadh suaitheantas le 'Labhair Gaeilge Liom' scríobhta air dhá chaitheamh ag baill foirne i ngnóthaí a bhfuil Gaeilge acu, cén toradh a bheadh ar sin? Baineadh trial coicíse as an smaoineamh an mhí seo caite agus de réir dealramh dúirt na rannpháirtithe go raibh Gaeilge á labhairt leo ag custaiméirí. Deich siopa a bhí i gceist sa chéad chéim agus an aidhm atá ann ná gnólachtaí ar fud na tíre a thiomsú isteach sa tionscadal don dara céim. Tá Nóirín ag iarraidh ar éinne ar mhian leo a bheith rannpháirteach teagmháil a dhéanamh ag: gaeilgel@yahoo.com.

* Izak9: Tá acmhainn nua don oideachas trí Ghaeilge, a fheabhsaíonn rannpháirtíocht leanaí sa mhatamaitic, lainseáilte go hoifigiúil ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh. In úsáid i mbeagnach 1,000 scoil sa tír, cumadh é le cuidiú le haistriú ó dhaltaí idir an bhunscoil agus an iar-bhunscoil. Baintear úsáid as an achmhainn chun smaointeoireacht agus idirghníomhaíocht a bhaineann leis an matamaitic a spreagadh agus muinín a mhéadú maidir le huimhreacha agus ríomh. Sheol an tAire Oideachas an achmhainn go hoifigiúil i Scoil Neasáin, Gaelscoil i mBaile Hearmann atá i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

READ MORE

* Céimithe: Tá TG4 ag lorg iarratas ó chéimithe, nó ó thosaitheoirí, do scéim thaithí oibre atá á reáchtáil acu i mbliana. Beidh ceithre fholúntas taithí oibre ar fáil - trí oiliúnaithe don ról 'Comhordaitheoir do na meáin shóisialta' agus duine amháin le dul chun oibre mar fhorbróir bogearraí/Idirlíne. Deir TG4 gur deis í seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil, chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íoctar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus bíonn deiseanna oiliúna breise ar fáil i rith na bliana. Is ó Lúnasa 2019 go Lúnasa 2020 a bhíonn an tréimhse taithí oibre ar siúl. Ní mór d'iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu chun cur isteach ar an Scéim Taithí Oibre Bliana seo. Tá na sonraí uilig ar fáil ag TG4.ie/foluntais