“Beidh mé ionraic leat, tá mé ag déanamh go mbeidh oíche ann nach mbeidh a macasamhail sa cheantar go ceann fada go leor.”
Sin a dúirt an láithreoir raidió Dónall Mac Ruairí agus é ag trácht ar na ceoltóirí a bheidh ar an ardán i gceann de na ceolchoirmeacha is beoga dá bhfuil súil leis i saol na Gaeilge i mbliana.
De dheasca feachtas de chuid Mhic Ruairí, a chuireann an clár Cóisir Cheoil i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, reáchtálfar an cheolchoirm Cóisir Cheoil – An tAmhrán is Ansa Linn an tseachtain seo.
“Bhí mé ag déanamh gur cineál smaoineamh beag simplí a bhí ann go ndéanfainn feachtas beag do mo chlár féin,” a dúirt Mac Ruairí le Tuarascáil.
READ MORE
“Is maith linn uilig liostaí ar nós cé na deich bpeileadóir is fearr in Éirinn, cé na deich leabhar is fearr agus cé na deich scannán is fearr.
“Agus is ón bhunsmaoineamh sin a mhéadaigh sé,” ar seisean.
D’iarr an láithreoir ar a chuid éisteoirí rogha amhrán a sheoladh isteach chuig an gclár, agus tiomsaíodh liosta de na hamhráin Ghaeilge is fearr leo as na freagraí.
…is annamh a bhíonn gach duine ar aon fhocal faoi liostaí mar seo, agus dá ndéanfaí lá eile é, seans gur liosta iomlán éagsúil a bheadh ann.
Cé go bhfuil dáimh ar leith ag Mac Ruairí leis an lucht éisteachta, chuir líon na bhfreagraí ionadh air.
“Bhí na céadta i dteagmháil liom, idir théacsanna agus ríomhphoist agus ghlaochanna ar an stáisiún agus is cinnte gur chuir an pobal suim ann,” a dúirt Mac Ruairí.
“Tá tú i gcónaí, mar láithreoir, ag iarraidh go mbeidh an t-eolas sin ag teacht go nádúrtha ó na héisteoirí agus is cinnte gur chuidigh an cleas beag seo iad a spreagadh.
“Ach níor shíl mé go n-iompódh sé insan behemoth seo a bhfuil muid ag déileáil leis anois,” a dúirt sé.
Ar na gnéithe ba shuimiúla a bhain leis an bhfeachtas bhí na scéalta a d’inis na héisteoirí faoi na hamhráin, agus na fáthanna ar roghnaigh siad iad.
“Tá tábhacht ag amhráin ar leith do dhaoine ar leith,” a mhínigh Mac Ruairí agus é ag trácht ar na freagraí a seoladh isteach chuige.
“Ní hamháin go raibh siad ag inseacht domh faoi na hamhráin a raibh meas acu orthu, ach bhí siad ag inseacht dúinn fosta cad chuige.
“Bhí nótaí beaga galánta ag teacht isteach leis na moltaí. Bhí siad ag rá, b’fhéidir, ‘Ba é seo an chéad amhrán a bhí á cheol sa chéilí nuair a casadh mo ghrá geal orm tríocha bliain ó shin’, nó ‘Seo an chéad amhrán ar éist mé leis nuair a bhí mé imithe as baile - nuair a chuirim an píosa ceoil seo ar siúl, cuireann sé an baile i gcuimhne domh’.
“Bhí sé galánta go raibh na scéalta beaga sin ag teacht isteach ó na héisteoirí,” arsa Mac Ruairí.
Moltóirí
Bronnadh fadliosta amhrán ar na moltóirí agus roghnaigh siad sin gearrliosta de na cinn ba mhó a thaitin leo.
“Shuigh siadsan leis an chúpla céad moladh a tháinig isteach agus nuair a bhí muid san aon seomra amháin, roghnaigh achan duine na deich n-amhrán ab ansa leosan.
“Bhí sé le feiceáil láithreach bonn go raibh muid ar aon intinn, déarfainn, faoi sheacht gcinn acu sin.
“Cuirim i gcás Samhradh, Samhradh [Thugamar féin an Samhradh Linn],Bruach na Carraige Báine [amhrán ar an sean-nós as Corca Dhuibhne], An Cailín Álainn [amhrán a chan Tomás Mac Eoin], Pócaí Folamh is Cloigeann Tinn [clasaic le John Beag Ó Flatharta], Amhrán Mhuíse [amhrán ar an sean-nós as Conamara].
“Bhí siad sin ag beagnach gach moltóir,” a dúirt Mac Ruairí.
“Lean muid ar aghaidh ansin agus fuair achan duine deis cúpla amhrán eile a mholadh agus cás a dhéanamh fána gcoinne. Ach sin mar a d’oibrigh muid tríd.
“Shíl mé féin go mbeadh sé iontach deacair, go mbeadh míshástacht ann, ach ní raibh. D’oibrigh achan duine go tomhaiste agus go cúramach le chéile.
“Tá torthaí ár gcuid oibre curtha i gcrích ach déarfainn gur beag a d’aontódh leis an liosta, ach measaimse gur sin rud folláin – cuireann sé daoine ag caint faoi na hamhráin, cuireann sé daoine ag smaoineamh faoi na hamhráin a raibh meas acu féin orthu.”
Oíche Dé Céadaoin na seachtaine seo, cruinneoidh plúr na gceoltóirí Gaeilge in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce, Gaeltacht Dhún na nGall, chomh maith le hocht gcéad duine sa lucht éisteachta le ceiliúradh a dhéanamh ar rogha de na 40 amhrán is mó cáil agus is ansa le pobal na Gaeilge.
“Beidh John Beag inár gcuideachta, beidh Altan inár gcuideachta, beidh Iarla Ó Lionaird inár gcuideachta, beidh Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta ann, agus níl ann sin ach cúpla duine.”
Tá Cóisir Cheoil – An tAmhrán is Ansa Linn á reáchtáil mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ agus tá sé ar cheann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Craolfar an cheolchoirm beo ar an raidió, agus déanfar taifeadadh air a chraolfar ar RTÉ One amach anseo.
“Beidh rud speisialta ag tarlú an oíche sin,” arsa Mac Ruairí. “Ní hamháin go mbeidh pobal na háite ag teacht ach beidh ceoltóirí mór le rá a bhfuil an oiread sin measa orthu fríd an tír inár gcuideachta fosta.”
Agus ar ndóigh, is iad na hamhráin a roghnaigh an lucht éisteachta a bheidh i gcroílár na hoíche.
“Oibreoidh muid fríd an liosta, ceann ar cheann agus iad á ceol i gcuideachta Cheolfhoireann Coirme RTÉ, agus tá mé ag déanamh go mbeidh cúpla aoi speisialta, cúpla ceoltóir óg atá ag teacht i méadaíocht le bheith inár gcuideachta fosta, agus sílim go mbeidh sé galánta.”
Ar ndóigh, is annamh a bhíonn gach duine ar aon fhocal faoi liostaí mar seo, agus dá ndéanfaí lá eile é, seans gur liosta iomlán éagsúil a bheadh ann. Ach mar sin féin, tá luach ar leith leis an bhfeachtas a reáchtáil Mac Ruairí.
“An rud atá deas faoi seo ná go dtarraingíonn sé aird an phobail ar amhráin an phobail,” a dúirt sé.
“Rud folláin atá ann sin, go bhfuil muid fós ag caint ar na hamhráin Ghaelacha seo”.
Cé go bhfuil móramhráin aitheanta na Gaeilge i measc na gceann a roghnaíodh, tá amhráin níos nua-aimseartha ar an liosta freisin.
“Rud eile ba dheas liom a rá, bhí sé galánta go raibh amhráin nuachumtha air, go raibh Séamus Barra Ó Súilleabháin air agus go raibh Huartan air, agus go raibh IMLÉ air agus go raibh Eoin Ó Ceannabháin air.
“Ní rud stálaithe atá ann seo. Bhí cuid mhór amhrán ón traidisiún ann, cinnte, agus tá sé galánta aird a tharraingt ar amhráin atá go mór i mbéal an phobail le díreach bliain nó dhó anuas, agus thóg sin mo chroí fosta.”
Tá ticéid do Cóisir Cheoil – An tAmhrán is Ansa Linn ar fáil ar eventbrite.ie.
Foclóir:
is ansa Linn - we love best / our favourite
gearrliosta - shortlist
plúr na gceoltóirí - the best / finest muscians
tomhaiste - measured / balanced
inár gcuideachta - in our company
stálaithe - stagnant / stale











