Buille eile a bhí ann don Ghaeilge sa Tuaisceart an tseachtain seo caite nuair a bhain an DUP leas as achainí ar bhonn ábhar buartha chun bac a chur ar Bhille Gaeloideachais dul fríd an chéim dheireanach sa Tionól.
Ní hamháin gur cuireadh bac ar dhul chun cinn tábhachtach d’earnáil na Gaelscolaíochta, ach caitheamh solas ar cheann de na laigí is mó i struchtúr an Tionóil féin a d’fhág go bhféadfaí an chros a chur i bhfeidhm.
Bille praiticiúil teicniúil a bhí sa Bhille seo sa chéad dul síos. Bhí sé mar sprioc leis an Bhille tacú leis an Roinn Oideachais pleanáil foirne a dhéanamh d’earnáil na Gaelscolaíochta ar bhealach nach bhfuil ag tarlú go dtí seo - pleanáil atá de dhíth go géar le tacú le soláthróirí oideachais ag leibhéal naíscoile, bunscoile agus meánscoile atá ag troid le fada a dhóthain acmhainní agus foirne a mhealladh le dul i ngleic leis na éileamh ollmhór atá ar an Ghaeloideachas faoi láthair.
Tá dualgas ar an Roinn Oideachais cheana féin an Gaeloideachas “a éascú agus a chur chun tosaigh”. Leagadh an dualgas seo síos san Ord Oideachais (Tuaisceart Éireann) 1998 agus dá bhrí sin tá sé de chumas ag an Roinn – agus de dhualgas uirthi – cinntí a dhéanamh d’earnáil na Gaescolaíochta nach gá a dhéanamh do scoileanna eile.
READ MORE
Ach, ina ainneoin sin, tá go leor deacrachtaí ag earnáil na Gaelscolaíochta fás agus forbairt a dhéanamh de réir éilimh. I gcás Ard-Chúirte in 2011, cinneadh in éadan na Roinne Oideachas, agus dúirt an Breitheamh Treacy ag an am gur chóir go mbeadh “iarmhairtí praiticiúla agus suntas reachtúil” ag eascairt as an dualgas. Fiú ó shin, tá an-chuid samplaí den earnáil a bheith ag streachailt chun acmhainní, foireann agus aitheantas cuí a bhaint amach le tabhairt faoin bhorradh atá tagtha ar an éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge le blianta beaga anuas.
Mar sin féin, fiú agus dualgas reachtúil agus rialú Ard-Chúirte ag tacú le cás na Gaelscolaíochta, b’éigean do Pat Sheehan, MLA de chuid Shinn Féin, urraíocht a dhéanamh ar an Bhille seo chun iarracht a dhéanamh an aird agus na hacmhainní cuí a fháil don earnáil. Tá an Bille seo ar na bacáin le ceithre bliana anuas agus tá na céadta uaireanta an chloig oibre curtha isteach ag páirtithe leasmhara, ag foireann an Tionóil agus ag an Choiste Oideachais. An chúis frustrachais is mó a bheidh ar ionadaithe ó earnáil na Gaelscolaíochta ná nach raibh forálacha an Bhille lárnach sa chinneadh i dtaca leis an chros a úsáid.
Go bunúsach, dá mba MLA ó pháirtí ar bith eile a d’urraigh an Bille, ní bheadh spreagadh ann don DUP cosc a chur air, rud a léiríonn a olcas is atá an caidreamh idir an dá pháirtí i láthair na huaire.
I ndiaidh don DUP an cinneadh a dhéanamh, ba é an t-aon seans a bhí fágtha ag an reachtaíocht seo ná nach mbeadh an UUP sásta an achainí a shíniú. Cé go raibh ceannaire an UUP Jon Burrows éiginnte ar dtús, thug an páirtí na sínithe breise don DUP a bhí de dhíth chun an achainí a fheidhmiú.
Níor lean Burrows reitric an DUP maidir le cros a chur ar an Bhille. Dúirt sé go raibh dúbláil i gceist in ábhar an Bhille féin agus gur chóir go mbeadh an Roinn Oideachais ag tabhairt aghaidh ar na deacrachtaí foirne atá trasna na hearnála oideachais ar fad seachas in earnáil na Gaelscolaíochta amháin. Ach fiú dá mbeadh glacadh le réasúnaíocht Burrows ar chros a dhéanamh ar an Bhille seo, fós féin ní bheadh na fáthanna a thug sé ag teacht leis an sprioc atá leis an achainí. Níor mhaígh sé ag pointe ar bith go mbeadh pobal amháin thíos leis dá mbeadh rath ar an Bhille áirithe seo.
Sa deireadh, baineadh úsáid as meicníocht atá ann chun grúpaí mionlaigh a chosaint chun mionlach a ligint síos. Théip ar an Bhille ag an chéim dheireanach sa phróiseas, agus beidh earnáil na Gaelscolaíochta thíos le cinneadh a rinneadh le pointí polaitíochta a scoráil in áit ligint don phróiseas daonlathach titim amach mar ba chóir.
Agus plé leanúnach ag dul ar aghaidh maidir le hathruithe agus leasuithe chun na hinstitiúidí ó thuaidh a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe, bíonn ceist ann go minic faoi úsáid na hachainí ar bhonn ábhar buartha. Baintear mí-úsáid iomlán as an mheicníocht seo ró-mhinic agus nuair nach mbíonn aon impleachtaí trasphobail ag baint lena húsáid, léirítear nach bhfuil páirtithe ag feidhmiú laistigh de spiorad na gComhaontaithe a thug chomh fada seo muid.
Tá bunús teoiriciúil leis an achainí agus le meicníocht éigin a bheith sna struchtúir lena chinntiú nach féidir le tromlach cinntí a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar mhionlach, ach ní ar leas aon duine é mí-úsáid a bhaint as an chóras mar atá ag tarlú faoi láthair.












