Cá bhfuil an Ghaeilge sa Chomhdháil um Oideachas?

Tá bearnaí sa dioscúrsa reatha faoi thodhchaí an oideachais sa stát

Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Pádraig Mac Brádaigh. In alt a scríobh sé, dúirt sé nach luaitear an Ghaeilge i gclár na Comhdhála um Oideachas. Grianghraf: Barry Cronin
Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Pádraig Mac Brádaigh. In alt a scríobh sé, dúirt sé nach luaitear an Ghaeilge i gclár na Comhdhála um Oideachas. Grianghraf: Barry Cronin

Tá an Chomhdháil um Oideachas faoi lán seoil agus an tríú cruinniú acu an deireadh seachtaine seo caite, an 27-28 Meán Fómhair. Maíonn an Roinn Oideachais agus Óige gur “deis aonuaire í an Chomhdháil um Oideachas do leanaí, do dhaoine óga, do thuismitheoirí, d’oideachasóirí agus don tsochaí i gcoitinne chun cabhrú le córas oideachais na hÉireann a fhorbairt sna blianta amach romhainn”.

Tá an sainchúram neamhspleách ar an Roinn agus, ós rud é go bhfuil freagracht tríú leibhéal faoin Roinn Ardoideachais, is ar oideachas bunscoile agus meánscoile atá an Chomhdháil dírithe. Tá sé i gceist go gcuirfeadh obair na Comhdhála eolas ar fáil do straitéis fhadtéarmach na Roinne don oideachas, is é sin ‘Ár Scoileanna, Ár dTodhchaí’.

Más fíor seo, is ait an rud é nach bhfuil an Chomhdháil mórán i mbéal an phobail go dtí seo ar a laghad. Agus is ait an rud é freisin nach bhfuil mórán tráchta go dtí seo ach oiread ar thábhacht na teanga, ná teangacha i gcoitinne, in amchlár na Comhdhála.

Foilsíodh eagrán speisialta don iris <i>Studies</i> an tseachtain seo le cur leis an gcomhrá maidir le hoideachas na tíre.

Mar chuid den phlé seo maidir le todhchaí an oideachais, tugadh faoi ‘Comhrá Náisiúnta’, lena n-áirítear suirbhé náisiúnta (le breis is 40,000 freagra) mar aon le rannpháirtíochtaí scoile agus réigiúnacha, a bhailigh ionchur ó gach cearn den tír. Cé go raibh raon feidhme teoranta ag baint leis an bhfiosrúchán – níor tugadh cuireadh do dhaoine athbhreithniú a dhéanamh ar na géarchéimeanna atá romhainn go léir – thug sé deis, mar sin féin, tosaíocht chomhsheasmhach a thabhairt do théamaí ina bhfuil dúshlán roimh an gcóras reatha freastal ar riachtanais na huaire seo.

Tionóladh cruinniú tosaigh deireadh seachtaine den Chomhdháil i mBaile Átha Luain ar an 21-22 Márta 2026 sular leag an Rialtas amach téarmaí tagartha na Comhdhála i mí Aibreáin, agus bhí dhá chruinniú eile ina dhiaidh sin, ar an 9-10 Bealtaine agus an 26-27 Meán Fómhair. Tá seisiúin bhreise sceidealaithe don 14-15 Samhain.

Foilsíodh eagrán speisialta don iris Studies an tseachtain seo le cur leis an gcomhrá maidir le hoideachas na tíre. Ní mór dom a lua gur faoi mo stiúir a cuireadh an t-eagrán seo le chéile. Mar a deir Dermot Roantree, eagarthóir Studies, ina réamhrá ar an eagrán speisialta, tá sé mar thraidisiún bunaigh ag an iris tabhairt faoi dhíospóireachtaí ar chúrsaí agus ar chonspóidí a bhaineann leis an oideachas, siar ó thús in 1912 agus an tÍosánach, Timothy Corcoran, an tOllamh san Oideachas in UCD, ina chéad eagarthóir. Bhí dearcadh agus tírdhreach níos coimeádaí an t-am sin ar ndóigh agus béim níos suntasaí sa lá atá inniu ann ar neamhspleáchas na mac léinn ina bhfoghlaim féin.

Tá níos mó le rá ag eascairt as an eagrán speisialta ach tá roinnt le rá ann freisin maidir leis an nGaeilge agus ról na Gaeilge in oideachas na tíre. Cé go bhfuil cothú comhluadair mar chuid de chur chuige na Comhdhála, tá ról na teanga i gcruthú agus i gcaomhnú an chomhluadair chéanna in easnamh i gclár oibre na Comhdhála, ar a laghad mar atá leagtha amach go foirmeálta.

Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil freisin bunluachannna ár gcórais oideachais a phlé. Tá luach an oideachais féin i gcroílár na ceiste sin. San eagrán speisialta, ceanglaíonn páipéar Finbarr Bradley prionsabail agus cleachtas trí ghníomh a chuir sé i bhfeidhm mar oideachasóir le cabhrú le “mic léinn saol maith a chaitheamh seachas caighdeán maireachtála maith a bhaint amach”. Áitíonn sé ar son barántúlachta, fírinne an duine féin i dtaca le mothú fréamhaithe domhain, agus an nasc is gá a chothú le háit ar leith. Pléann sé samplaí de chur chuige i leith an oideachais a fhiafraíonn “conas a chruthóidh mé saol barántúil dom féin?” a bheadh mar bhunús le saol maith.

Cuireann sé an cheist seo i gcomhthéacs níos leithne freisin ina bhfuil an teanga - an Ghaeilge ach ní hamháin an Ghaeilge - ina comhthéacs iarmhartach. Bhunaigh Bradley Fiontar in DCU, scoil ghnó tré Ghaeilge atá fós ar an bhfód, cé go bhfuil coincheap beagán difriúil anois aici. Bhí - agus tá - mar fhealsúnacht ag an gcúrsa gur bunchloch na féiniúlachta agus na féinmhuiníne í an Ghaeilge. Agus dar le Finbarr go bhfuil ceisteanna teangan bunúsach, eiseach le teacht ar an bpréamhú pearsanta atá in easnamh lenár linn.

Is ábhar é seo a phléitear i bpáipéar Paul Gillespie (a scríobhann go minic don nuachtán seo) a mholann go bhfuil “fíordheis ag Éirinn thar an gcéad ghlúin eile sochaí a chruthú ina bhfásfaidh go leor teangacha, an Ghaeilge san áireamh, le chéile sa tsochaí ilchultúrtha i bhfad níos casta atá tagtha chun cinn sa tír le tríocha bliain anuas”. Déanann an páipéar aige iniúchadh ar thírdhreach ginearálta an oideachais teanga in Éirinn agus leagann sé amach léaslíne nua don chur chuige ilteangach i leith an oideachais go dtí an réimse cultúrtha. Tá Scoil Bhríde (cailíní) i mBaile Bhlainséir ina heiseamláir dar leis ar cad is féidir a bhaint amach i gcomhthéacs ilteangach agus ilchultúrtha na tíre mar atá anois.

I ndiaidh pháipéar Gillespie, pléann an mac léinn meánscoile, Jacob Roantree, a thaithí féin ar an bhfoghlaim teanga, ag cáineadh an chur chuige reatha. Mar fhocal scoir ar a phíosa, spreagann sé “múinteoirí chun oibriú leis an teanga chun bealach a aimsiú leis na rudaí is tábhachtaí a sholáthar do na daltaí sin: rochtain a fháil ar ealaín, stair, amharclann, ceol, agus i bhfad níos mó seachas an líon is mó ticbhoscaí i scrúduithe”. Luíonn sé seo le téamaí atá snite trí pháipéir eile san eagrán speisialta: an gá dul i ngleic le daltaí mar rannpháirtithe san fhoghlaim agus gur turas le chéile í an fhoghlaim, chomh tábhachtach leis an gceann scríbe.

Déantar an pointe seo in alt as Gaeilge san iris Studies le Pádraig Mac Brádaigh, atá anois ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn tar éis dó a bheith ar an gcéad Oifigeach Gaeilge lánaimseartha ar Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide. Is as Nua-Eabhrac do Phádraig ó dhúchas agus d’fhoghlaim sé an Ghaeilge ina aonar roimh a bhunchéim a dhéanamh sa Luath agus Nua-Ghaeilge. Ag tús a ailt, tugann sé faoi deara nach “luaitear an Ghaeilge i gclár na Comhdhála um Oideachas”. Is suntasach an t-easnamh é seo dar leis ós rud go mbeidh “moltaí ón gComhdháil um Oideachas mar bhonn eolais do straitéis fhadtéarmach nua na Roinne Oideachais agus Óige don oideachas in Éirinn”. Cuireann sé ós ár gcomhair na dúshláin agus na féidearthachtaí maidir leis an nGaeilge ach go háirithe agus muid ar thairseach “saolré An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030...go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaithe na hearnála poiblí in ainm agus a bheith inniúil sa Ghaeilge le seirbhísí a chur ar fáil don phobal”.

Luann téarmaí tagartha na Comhdhála go bhfuil cíoradh le déanamh acu ar na luachanna agus ar na huaillmhianta a chuireann taca le fís don oideachas agus a mhúnlaíonn an tsochaí don todhchaí, sin agus ar luachanna an oideachais agus ar chomhluadair chruthaitheacha, láidre, inbhuanaithe a chothú. Thuigfeá go bhfuil clár oibre na Comhdhála ag seachaint cheisteanna conspóideacha an lae inniu, abair cnámh spairne na pátrúnachta nó fiú an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht. Ach i ndíospóireacht “aonuaire” ar ‘Ár Scoileanna, Ár dTodhchaí’, cad is fiú fís gan trácht ar an teanga, cad as luachanna gan luach na féiniúlachta agus cad chuige comhluadar gan caint ar chumarsáid?

Tá Ciarán Ó hÓgartaigh ina Chathaoirleach ar an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (an ESRI) agus ina bhall den Chomhairle Stáit, ceaptha ag an Uachtarán Connolly. Tá sé freisin ar bhord eagarthóireachta Studies. Is i gcáil phearsanta a scríobh sé an t-alt seo.

Foclóir:

sainchúram - remit

freagracht - responsibility

athbhreithniú - revision

bunchloch - foundation (stone)

féiniúlacht - identity/selfhood

inbhuanaithe - sustainable

téarmaí tagartha - terms of reference