“My name is John Ford, I make Westerns.”
Ba le ceann de na westerns sin – My Darling Clementine – a cuireadh críoch le Féile John Ford sa Spidéal le gairid. Bhí an fhéile á reáchtáil don dara bliain as a chéile agus í ag dul ó neart go neart.
Oíche na hoscailte, bhí slua mór bailithe i halla Scoil Éinne, a bhí iompaithe ina phictiúrlann don deireadh seachtaine. Muintir na háite a bhí i bhformhór den dream a bhí i láthair agus bhí roinnt daoine a bhfuil gaol acu le John Ford ina measc.
Is í Áine Lally ó TG4 a bhí mar bhean an tí agus ba iad Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, chomh maith leis an amhránaí Eleanor Shanley agus í á tionlacan ag an ngiotáraí Cullen Vance, a bhí i mbun an cheoil.
READ MORE
An t-aisteoir Aidan Quinn a d’oscail an fhéile. Tá tréimhsí go leor caite ag Quinn in Éirinn óna óige agus dúirt sé go mbíonn tarraingt láidir ag an tír seo ar Ghael-Mheiriceánaigh i gcónaí. Ba amhlaidh a bhí sé le John Ford, a dúirt sé, mar ba mhinic dó cuairt a thabhairt ar cheantar an Spidéil.
Sa mbliain 1951, ba sa Spidéal a d’fhan Ford fhad is a bhí The Quiet Man á dhéanamh i gConga i gCo Mhaigh Eo agus ba é an scannán úd a taispeánadh an chéad oíche d’Fhéile John Ford 2026.
Sa mbliain 1914 a ndeachaigh John Feeney go Hollywood den chéad uair, áit a raibh a dheartháir Francis roimhe agus é ag déanamhscannáin buachaillí bó…
Bhí an-mheas ag Ford ar Chonamara agus ar an nGaeilge, a dúirt Nóra Bean Uí Chualáin (née Ní Chonghaile), nach maireann, in agallamh ón mbliain 2005 a taispeánadh ag an bhféile. Bhí an-nádúr aige leis na daoine freisin, a dúirt sí. Ba chol ceathracha iad a hathair agus Ford. Bhí Nóra fostaithe le líne i nGaeilge a mhúineadh do Maureen O’Hara nuair a bhí The Quiet Man á dhéanamh.
Satharn na féile, cuireadh go leor spéise sa bplé faoi mhuintir Chois Fharraige a chuaigh ar imirce go Portland, Maine sna Stáit Aontaithe.
Ba i bPortland a tógadh John Ford nó John Feeney, mar a baisteadh é. Ba é John Feeney a ainm dleathúil go lá a bháis in 1973.
Ba iad Seán Mháire Ó Féinneadh as an Tuar Beag sa Spidéal agus Barbara Frank Ní Churraoin as Indreabhán a tuismitheoirí. Cé gur tógadh an bheirt i bhfoisceacht cúpla míle dá chéile, ba i Meiriceá a chasadar ar a chéile agus ba ann a phósadar.
Sa mbliain 1914 a ndeachaigh John Feeney go Hollywood den chéad uair, áit a raibh a dheartháir Francis roimhe agus é ag déanamh scannáin buachaillí bó faoin ainm Francis Ford. Ba le Francis a fuair sé a chéad taithí scannánaíochta agus tuigtear gurbh ag an am úd a thosaigh sé ag tabhairt John Ford air féin.
Taispeánadh gearrscannán le Francis Ford, Unmasked, ón mbliain 1917, ar Dhomhnach na féile agus bhí Michael Ford, garmhac Francis, ann len é a chur i láthair.
Ar an saothar is sine le John Ford a taispeánadh le linn na féile bhí Hangman’s House, scannán balbh ó 1928.

In 1936, bhuaigh Ford a chéad ghradam Oscar mar stiúrthóir le The Informer, a bhí bunaithe ar an úrscéal a scríobh an tÁrannach Liam Ó Flaithearta. Taispeánadh é Satharn na féile i gcomhar le Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta, a bunaíodh in 2012 le saol agus saothar na ndeartháireacha as Inis Mór a chur ar a súile don phobal.
I ndiaidh an scannáin, labhair Eoin McDonnell ón gcumann faoin ghaol a bhí idir fear Árann agus Ford nuair a bhíodar beirt i Hollywood. Ní raibh aon bhaint ag Ó Flaithearta le script The Informer ach dúirt McDonnell gur oibrigh sé ar roinnt scripteanna eile ag an am.
Dar le McDonnell, bhí súil ag an bhFlaitheartach go ndéanfaí scannán dá úrscéal Famine a foilsíodh in 1937 ach níor tharla sin. Bhunaigh sé a úrscéal aorach Hollywood Cemetery ar a thaithí i Hollywood.
Tá sé mar chuspóir ag coiste Fhéile John Ford go spreagfaí suim sa scannánaíocht sna daoine óga i gCois Fharraige.
Chuige sin, tugadh cuireadh do ghasúir bhunscoile sa gceantar grianghraif a thógáil a léiríonn an ceangal atá acu lena n-áit dúchais.
Taispeánadh na grianghraif úd, faoin teideal Íor na Spéire, ar an scáileán mór le linn na féile agus bhíodar le feiceáil chomh maith ar bhalla i lár an Spidéil.
Ar lá deiridh na féile reáchtáladh Scéal, seisiún eolais agus plé faoin scríbhneoireacht don scáileán i nGaeilge.
Roinn triúr scannánóirí óga – Medb Johnstone, Seán Keeley agus Louise Richardson – a dtaithí ag scríobh is ag forbairt scripteanna le cabhair ó Tús agus Céim Eile, tionscnaimh de chuid TG4.
Thug an triúr le fios go bhfuil dúshláin go leor ag baint le scannán, is cuma cén fhad, a fhorbairt ón gcéad smaoineamh go dtí go bhfeictear é ar an scáileán mór, fiú nuair atá maoiniú agus tacaíocht ar fáil. Ach ba léir ó chaighdeán na ngiotaí dá scannáin a taispeánadh ag an ócáid seo gur éirigh leo na dúshláin sin a shárú.
Is dóigh nár cheap an fear óg a d’fhág Portland in Iúil 1914 agus a thug aghaidh ar Hollywood le cloigeann lán le híomhánna agus scéalta go mbeadh sé ariamh áirithe ar dhuine de mórstiúrthóirí scannán an 20ú haois.
Le fada bhí fís ag an scannánóir Pat Comer go ndéanfaí ceiliúradh ar an mhórstiúrthóir sin sa Spidéal agus tháinig coiste le chéile leis an bhfís sin a fhíorú anuraidh.
In éindí le Comer ar an gcoiste sin tá Redmond Morris a raibh a athair, an Tiarna Cill Aithnín, ina chara mór le John Ford; Tony Tracy, Stiúrthóir Scoil Scannán agus Meán Digiteach Huston in Ollscoil na Gaillimhe; Steve Ó Cúláin, arb as an Spidéal dó agus a bhfuil suim aige i John Ford óna óige; agus Pádraic Mac Diarmada, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.
Tá sárobair déanta acu agus ag daoine nach iad leis an bhféile a chur ar an bhfód agus le suim a mhúscailt inti go háitiúil, go náisiúnta is go hidirnáisiúnta.
Ba scéalaí a bhí i John Ford a chuir le miotaseolaíocht na Stát Aontaithe agus, amhail Liam Ó Flaithearta, tá miotaseolaíocht fásta timpeall air féin is ar a shaothar.
Ba dhuine casta a bhí i Ford agus bhí an diabhlaíocht ann freisin.
“The truth about my life is nobody’s damn business but my own,” a dúirt sé tráth.
Ní fíos go díreach cén ócáid ag a ndúirt sé an méid atá ráite ag tús an ailt seo. Ní hionann an t-eolas atá ag foinsí éagsúla faoi. Ach ní féidir a shéanadh nach bhfuil an fhírinne lom ann.
Agus mar a dúirt Tony Tracy agus é ag cur My Darling Clementine i láthair an oíche dheiridh den fhéile, i gcás John Ford “The story is more important than the truth.”
Foclóir:
tionlacan - accompaniment
aorach - satirical
scáileán - screen
dúshláin - challenges
ariamh - always
sárobair - great work
ní féidir a shéanadh - it cannot be denied










