Soilse na hOíche
Na hoícheanta seo, b'fhéidir ar a dó nó a trí
 Chuile dhuine ina gcodladh go sámh
 Ach
 Tá mise i mo shuí
 Níl tada le cloisteáil ach an ghaoth bhog ag séideadh
 Solas snasta na gealaí
 Lonrú na réaltaí
Cuirtíní oscailte, tá solas geal na hoíche
 Casta air
 Ritheann smaointe trí mo chloigean
 Tagann deora i mo shúile
 Go tobann!
 Dorchadas
 Scamaill dhubha dhorcha
 Tá solas na hoíche múchta acu
 Leis sin fillim ar ais chun codlata
Fighting Words is an Irish charity that helps children and adults to develop their creative writing skills. This is part of their annual publication with The Irish Times











    