An chathair scafar

Beocheist: Dá n-iarrfaí orm tuairim a thabhairt faoin tréith is suntasaí a bhaineann le Baile Átha Cliath, is é is dóichí gurbh…

Beocheist: Dá n-iarrfaí orm tuairim a thabhairt faoin tréith is suntasaí a bhaineann le Baile Átha Cliath, is é is dóichí gurbh é a déarfainn ná gur cathair leochaileach í, rud nach n-oireann a bheag ná a mhór dá stádas mar phríomhchathair an Stáit.

Ní hé pobal na cathrach atá i gceist agam leis an méid sin, ar ndóigh, ach an áit féin, na sráideanna, na foirgnimh agus an timpeallacht i gcoitinne. Go deimhin, níorbh annamh a rith sé liom nach raibh de chosúlacht ar an áit ach an tseanbhean gur leasc léi a ceann a ardú ar eagla go nochtfadh sí máchail éigin gurbh fhearr léi a choimeád faoi cheilt.

Seans gurb í is cúis leis sin ná nach mbaineann mórán den airde léi mar chathair (nó, ar a laghad, níor bhain go dtí le fíordhéanaí). Ar ndóigh, tharlódh gur tréith í sin a fuair sí le hoidhreacht, mar an tseanchathair a thóg na Lochlannaigh ba ar dhroim nach raibh ach ina mionchnapán i ngleann na habhann a bhí sí suite. (Dála an scéil, ba é 'An Ruirtheach' seanainm na habhann; ba í 'An Life' nó 'An Liphe' an gleann féin). Bheadh ar dhuine turas cuíosach fada ó dheas a chur air féin sara shroichfeadh sé aon talamh gurbh fhiú "ard" a thabhairt uirthi agus ba mho fós an t-aistear a bheadh air a chur de dá siúilfeadh sé treo ar bith eile.

Agus ar ball nuair a tosaíodh ar an gcathair a fhorbairt níorbh i dtreo na n-ard ó dheas a tháinig an leathnú, ach siar agus ó thuaidh i ngleann na habhann i gcónaí. B'fhéidir gurbh ar mhuintir Uí Thuathail agus ar mhuintir Uí Bhroin a locht san, ar ndóigh, ach ní ar an gcúis ach ar an toradh atá mé ag caint. Inniu féin, go deimhin, tá gach dealramh ann gur soir i dtreo na mara atá croí na cathrach ag bogadh.

READ MORE

Minic im sheasamh mé ag Cill a' Chaoich, áit a thosaíonn "an bóthar míleata" agus iontas orm faoina dheacra is atá sé na foirgnimh a aithint óna chéile sa chathair atá leata romham thíos, cathair ina bhfuil milliún duine nó breis um an dtaca seo. De ghnáth, is féidir liom an cruinneachán glas ar eaglais Ráth Maonais a dhéanamh amach, agus a macasamhla ar na Ceithre Cúirteanna agus ar Theach an Chustaim, b'fhéidir, ach sin an méid lasmuigh den leacht i gcuimhne ar Wellington i bPáirc an Fhionnuisce - go deimhin tá sé sin ar an bhfoirgneamh is léire a sheasann amach agus mise mar dhuine níl mé deimhneach gur ceann é gur chóir dúinn bheith bródúil as.

Anois is arís agus mé ag smaoineamh ar an gcathair seo ina bhfuil cónaí orm, faighim mé féin á cur i gcomparáid le cathracha eile sa tír, le cathracha nach bhfuil gar do bheith chomh mór léi, ó thaobh an daonra ná ó thaobh na fairsinge de, áiteanna mar Dhoire Cholmchille, nó Port Láirge, nó Corcaigh, mar shampla. Tá siadsan suite ar na cnoic nó ar na lochtáin talún agus braithim go bhfuil siad uaibhreach agus dínáireach dá bharr san. An tógtha orm an cheist a chur orm féin an mó é dealramh na príomhchathrach atá orthusan ná mar atá ar an ionad ina bhfuil rialtas na tíre?

Tá sé de rath orm le tamall beag anuas go raibh ar mo chumas roinnt mhaith taistil a dhéanamh ar an mór-roinn, san Iodáil, sa Bheilg agus sa Ghearmáin go háirithe. Agus má chuireann rud amháin iontas orm faoi na tíortha san sé sin uimhir na leachtaí cuimhneacháin atá iontu agus méid na leachtaí céanna. Ar ndóigh, níl amhras orm ach nach í an chuimhne is aidhm i ndáiríre leo ach an mórtas cine a chothú agus an fhéinmhuinín a spreagadh sa phobal.

Agus ansin cuimhním ar Pharnell bocht tréigthe in aice leis an Rotunda agus ar Ó Conaill ag bun na sráide, gan trácht ar an Dáibhíseach gar don Choláiste is gan aird ag mórán air, ná ar Tone i bhfolach i gcúinne d'Fhaiche Stiabhna.

Agus fiafraím díom féin an bhfuilimidne ag iarraidh an misneach agus an mórtas cine a bhrú faoi chois inár muintir féin, ar eagla nach mbeadh siad i dtiúin leis an íomhá dínn féin atáimid ag iarraidh a léiriú ar na saolta seo?

Tamall gearr ó shin, bhíomar go léir gafa leis an gcaint is leis an gconspóid faoin Spíce, cuid againn á dhearbhú go raibh sé gránna agus seafóideach, roinnt eile againn go diongbháilte de gur bhreá mar shiombail é den "confident go ahead Ireland of to-day". Cuma cén taobh den argóint ar a rabhamar, áfach, bhíomar ad unum ar phointe amháin; go gcaithfeadh cibé leacht a thógfaí bheith oiriúnach don chathair.

Is é atá ag déanamh buairimh domsa anois ná seo - nuair a bheidh críoch leis an obair go léir atá ar siúl faoi láthair an mbeidh an chathair in oiriúint don dúshlán is don ghealltanas atá sa Spíce?