An talamh neamhbhuan

Fág cúrsaí aeistéitice as an áireamh, bíonn cúiseanna polaitiúla agus sóisialta le haistriú ainme go minic.

Liospóin na Portaingéile
Liospóin na Portaingéile

Tá an talamh ag bogadh faoinár gcosa. Tá gach aon rud ag gluaiseacht. Tú anseo inniu ach in áit eile amárach gan do bhróg a luascadh. Bhíos in Odryssa nó b’fhéidir Philippopolis nó Ulpia nó Poulpoudeva aon uair amháin, ach ar éigean gur aithníos í, mar is í Plovdiv na Bulgáire anois í. Olisipo chomh maith ach is fearr aithne air mar Liospóin inniu.

Bhínn ag triall ar Leningrad tráth, ach tugadh foláireamh dom St Petersburg a thabhairt air, cé go raibh boc sa chomhluadar arbh fhearr leis Petrograd. Nuair a chuir an Mons Pádraig de Brún Gaeilge ar dhán Oliver St Gogarty, is fearr a rith an líne ‘Tháinig long ó Valparaiso’ ná ‘Ghluais an bád ó Nuestra Senora de Las Mercedes de Puerto Claro.’

Is é sin le rá bíonn athrú ainmneacha ag dul ar áiteanna - tíortha, cathracha, sráideanna, cearnóga, lánaí, pasáistí, foirgnimh – chomh gasta le bainisteoirí foirne sacair nach bhfuil ag éirí leo.

Uaireanta is maith mar a thuigfí sin. Ní thógfá ar phobal Asbestos in Quebec a ainm a dhíbirt, agus tá Puddletown anois ar Piddletown in Dorset Shasana, cé go bhfuil ainm amháin chomh hoiriúnach leis an dara ceann. Athraíodh Fucking san Ostair go Fugging, ach dá mbeadh in Éirinn is ródhócha go mbeadh Fecking air.

Fág cúrsaí aeistéitice as an áireamh, bíonn cúiseanna polaitiúla agus sóisialta le haistriú ainme go minic. Is fada ó shiúil aon duine síos trí Sackville Street i mBaile Átha Cliath, agus is í an t-aon ócáid a luaitear Maryborough le Port Laoise ná nuair a bhítí ag tagairt do theach na ngealt ann. Ní hionadh go dtugann rialtas Shead N’Djamena anois ar Fort Lamy mar a bhíodh, cé go bhfuil Fort William agus Fort Augustus in Albain i gcónaí mar bhuanchuimhne ar an ngabháltas. Is dócha go mbeadh an Gearastan agus Cille Chuimein ag dul rófhada lena gcasadh siar.

Mar sin féin, bhí sé de mhisneach ag Glaschú Sráid Jamal Khashoggi a thabhairt ar an tsráid ar a bhfuil Ambasáid na hAraibe Sádaistí, agus tá Boulevard Nelson Mandela in Tehran gan a bheith rófhada ar do shiúlta ó Shráid Bobby Sands ann.

Níor déanadh gortghlanadh léirscriostúil abhus ar ainmneacha agus ar chomharthaí na ndaoine a raibh a gcosa ar ár mbolg acu mar a déanadh san Afraic agus in oirthear na hEorpa.

Uaireanta is é scrios na ndrochchuimhní is bun leis an athrú do na pobail atá ag teacht aníos, uaireanta eile is é athainmniú iomlán ar fhearann nua a bhíonn ann d’fhonn tabula rasa a dhéanamh de na hainmneacha dúchais i gcás pobail atá thuas.

Ní fearr sampla de sin lenár linn ná an díAraibisiú a dhein Iosrael ar logainmneacha na Palaistíne nuair a chrom an pobal isteach ar lonnú ann.

I litir a scríobh sé chuig an té a bheadh ina chathaoirleach ar choiste a bunaíodh chun an obair seo a chur i gcrích, bhreac David Ben-Gurion: ‘Ní foláir dúinn na hainmneacha Arabacha a neamhniú ar chúiseanna riachtanacha stáit. Ar an gcuma chéanna is nach n-aithnímid seilbh na nArabach ar an talamh, ní aithnímid ach an oiread a seilbh spioradálta ná a gcuid logainmneacha.’

Saghas Coiste Logainmneacha mar atá againne a bhí ann, ach cumhacht charbad agus chamall sa bhreis aige d’fhonn ainmneacha Eabhraise a sholáthar do gach cnoc, gleann, sliabh, tobar, rinn, ros, binn, mullán, gort, ard, sruthán, achadh, caise, glaise, cluain, scairbh, tulach, millín, maolach, poll gaineamhlaigh agus cosán gabhair, ach fuarthas amach ar ball nach raibh an obair ar fad déanta agus go raibh roinnt fothracha fós gan ath-ainmniú. Beidh go leor oibre eile le déanamh acu anois.

Uaireanta bíonn cúis le dealramh ainm a athrú, uaireanta eile, is binne baol agus baile ina thost.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar