Is é an siombalachas an máistir ó thuaidh i gcónaí

Níor chóir neamhaird a thabhairt ar an tábhacht stairiúil a bhain leis nuair a ceapadh Michelle O’Neill ina Céad-Aire

Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill. Grianghraf: Liam McBurney/PA Wire
Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill. Grianghraf: Liam McBurney/PA Wire

Ní nuacht ar bith é go bhfuil tábhacht ar leith le siombalachas i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann agus go meastar dul chun cinn ar an atmaisféar atá sa chóras polaitíochta chomh minic céanna agus a mheastar na himpleachtaí ar an talamh mar gheall ar na cinntí a dhéantar sa chóras céanna.

Tá dhá thaobh den bhonn seo. Ar thaobh amháin ciallaíonn sé gur féidir cosaint a dhéanamh ar easpa athruithe praiticiúla trí aird a tharraingt ar dhul chun cinn siombalach atá bainte amach agus go bhfuil sé seo ríthábhachtach ann féin. Ar thaobh eile an bhoinn, is féidir cáineadh a dhéanamh ar athruithe nó polasaithe mar gheall ar na himpleachtaí a bheadh ann don siombalachas, bealach amháin nó eile. Fáinne fí.

An tseachtain seo caite bhí dhá thaobh an scéil le feiceáil go soiléir. Chuir an SDLP rún os comhair an Tionóil maidir le leasú a dhéanamh ar na teidil ‘Céad-Aire’ agus ‘LeasChéad-Aire’ ar cheannasaithe an Fheidhmeannais agus ‘Comh-Chéad-Aire’ a úsáid don bheirt a shuífidh in Oifig an Fheidhmeannais amach anseo.

An réasúnaíocht taobh thiar den leasú molta seo ná go gcreideann an SDLP go mbíonn béim as cuimse ag am toghcháin ar cén páirtí a bheidh ar an pháirtí is mó toisc go mbeidh an teideal mar ‘Chéad-Aire’ ag an pháirtí sin, ach nach bhfuil aon impleachtaí praiticiúla san idirdhealú seo agus gur oifig roinnte atá sa ról cibé. Aithníodh sa rún go bhfuil na freagrachtaí céanna ag an dá ról ach go gcuireann na teidil éagsúla le roinnt an phobail ina threibheanna.

Ní seo an chéad uair a tháinig an díospóireacht aníos. Nuair a bhí Martin McGuinness sa ról mar LeasChéad-Aire mhol Sinn Féin go mbeadh a leithéid d’athrú ann chun léiriú níos fearr a dhéanamh ar nádúr an róil a bhí aige.

Sin ráite, san fheachtas toghcháin don Tionól in 2022 cuireadh béim mhór ar an fhéidearthacht go dtiocfadh le ball de Shinn Féin a bheith ceaptha mar Chéad-Aire, an chéad náisiúnach a bheadh sa ról sin i stair an Tuaiscirt. Cé go raibh sé ráite go soiléir ag an pháirtí cheana féin nach raibh aon tábhacht phraiticiúil leis an fhoclaíocht, ba leor an siombalachas chun feachtas a bhunú ar an fhéidearthacht go dtoghfaí poblachtánach. Agus bhí an lá leo. Ceapadh Michelle O’Neill ina Céad-Aire i mbua stairiúil don pháirtí agus don phobal náisiúnach.

Níor chóir neamhaird a thabhairt ar an tábhacht stairiúil a bhain leis sin. Ag am na críochdheighilte sna 1920idí cruthaíodh córas ina mbeadh sé dodhéanta do náisiúnaithe cumhacht a bhaint amach sa Tuaisceart. Léiríodh sa toghchán sin an t-athrú suntasach atá tagtha ar an déimeagrafaic le céad bliain anuas.

Fós féin, tá rialú iomlán éagsúil anois i bhfeidhm agus tá cumhacht roinnte i gcroílár an chórais. Mar sin, lasmuigh de chorrdhíospóireacht mar seo i measc daoine a dtaitníonn na rudaí seo leo, ní bhíonn mórán cainte nó plé ann le fírinne maidir leis na róil. Mar sin féin cruthaíodh an-aighneas mar gheall ar an cheist seo sa Tionól an tseachtain seo caite agus is léir nach mbeidh Sinn Féin ag glacadh le cur chuige móraigeanta ina leith am ar bith go luath. Ní mar gheall ar na buntáistí praiticiúla a bhaineann leis an teideal, ach mar gheall ar an siombalachas.

Tá an t-idirdhealú seo idir na teidil úsáideach do na páirtithe móra.

Ar an chéad radharc, tá comórtas idir Sinn Féin agus DUP maidir le cé acu a bhainfidh an teideal amach mar Chéad-Aire. An íoróin atá ann ná nach mbíonn Sinn Féin agus an DUP i gcomórtas lena chéile, ach bíonn siad i gcomórtas le páirtithe eile sa champa céanna maidir leis an cheist bhunreachtúil. Cruthaíonn an cheist maidir le cé a cheapfar ina Chead-Aire gléas iontach don dá pháirtí le lucht tacaíochta a mhealladh agus a spreagadh chun vóta. An teachtaireacht a thagann ón dá pháirtí mhóra ná gur gá do dhaoine vóta a chaitheamh dóibh nó beidh an bua mór seo ag an dream eile.

Mar sin, is iad na páirtithe níos lú atá thíos leis na gnéithe seo den díospóireacht le blianta beaga anuas agus dealraíonn sé gur sin cuid den spreagadh ag an SDLP a leithéid de leasú a mholadh. Níl aon amhras gur fhulaing an SDLP, i bpáirt, mar gheall ar an mhóiminteam a bhí san fheachtas chun Michelle O’Neill a fheiceáil mar Chéad-Aire tríd an líon is mó suíochán a thabhairt do Sinn Féin.

Dá n-athrófaí na teidil agus dá dtiocfadh fíorchothromas idir baill Oifig an Fheidhmeannais ar bhealach siombalach chomh maith le bealach praiticiúil, bheadh deis caillte ag na páirtithe cás a chruthú dóibh féin ag am toghcháin. Ar a bharr sin, bheadh sé róshoiléir gur córas roinnte cumhachta atá i bhfeidhm agus go bhfuil, bíodh na torthaí maith nó olc, na polaiteoirí ag obair as lámh a chéile le linn na hama.

Sa deireadh, d’éirigh leis an rún a chuir an SDLP os comhair an Tionóil, ach níl sé ceangailteach, rud a chiallaíonn gur beag seans go mbeadh athrú ar bith ann roimh thoghchán na bliana seo chugainn. Arís eile, beidh díospóireachtaí fíochmhaire le linn an fheachtais faoi róil shiombalacha, is cuma faoin easpa difir eatarthu.

An Fhéile Litríochta Franca-Éireannach

Beidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Cúán de Búrca i measc na scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt i bhFéile Litríochta Franca-Éireannach san Alliance Française i mBaile Átha Cliath ag deireadh na seachtaine seo.

Beidh féile na bliana seo, ina nglacann scríbhneoirí Gaeilge, Fraincise agus Béarla páirt inti gach bliain, ar an 26ú féile a reáchtáladh go dtí seo.

‘Daoine eile’ téama na féile i mbliana agus déanfar plé ar ghnéithe den éagsúlacht chomh maith.

Cuirfear tús le himeachtaí ar an Aoine nuair a osclófar an fhéile ag a 6in le ‘Premières pages, An Chéad Leathanach’, ócáid oscailte na féile.

Léifidh na scríbhneoirí an chéad leathanach ón leabhar is deireanaí dá gcuid. Beidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Cúán de Búrca ag léamh dánta. Beidh aistriúchán go Fraincis agus go Béarla á theilgeadh ar scáileán le linn dóibh a bheith ag léamh.

Glacfaidh Ailbhe agus Cúán páirt i bpainéal cainte ag meán lae ar an Satharn dar teideal ‘Le Printemps des Poètes, Earrach na bhFilí’.

Cuirfidh Éamon Ó Ciosáin Ailbhe Ní Ghearbhuigh, a bhfuil spéis aici i litríocht agus i gcultúr na Fraince, faoi agallamh ag 2.30 i.n.

Bhí imeachtaí de chuid na Féile i bPáras cheana féin agus beidh na scríbhneoirí ag dul amach chuig ollscoileanna agus scoileanna i gceantar Bhaile Átha Cliath roimh agus tar éis na féile chomh maith.

Breis eolais: francoirishliteraryfestival.com

Foclóir:

Impleachtaí – implications

cinntí – decisions

bonn – coin

rún – motion

aighneas – argument/division

díospóireacht – debate

Ar an chéad radharc – at first glance