FÍS 2026: an t-imeacht Gairmeacha Gaeilge is mó riamh don aos óg

Na Ceithre hAirde: Fís 2026; Reifreann stairiúil in Ollscoil na Banríona agus Féile na Gealaí

I measc na gcainteoirí ag FÍS bhí DJ Próvaí, Hugh Carr, Éadaoin Fitzmaurice, agus Róisín Seoighe, amhránaí IMLÉ agus ambasadóir oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2026. Grianghraf: Nick Bradshaw
I measc na gcainteoirí ag FÍS bhí DJ Próvaí, Hugh Carr, Éadaoin Fitzmaurice, agus Róisín Seoighe, amhránaí IMLÉ agus ambasadóir oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2026. Grianghraf: Nick Bradshaw

Lá spreagúil a bhí ann in Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath Déardaoin seo caite agus níos mó ná 5,000 dalta ó gach cearn den tír tagtha le chéile chun FÍS 2026 a cheiliúradh. Is iad Conradh na Gaeilge agus Gaeilge 365 a bhí taobh thiar den imeacht, a raibh sé mar aidhm aige daoine óga a spreagadh leis an Ghaeilge a úsáid mar chuid nádúrtha dá saol acadúil, gairmiúil agus sóisialta.

Bhí breis agus 100 seastán san ionad agus fuair na daltaí deis ar leith bualadh le daoine gairmiúla agus eagraíochtaí a bhíonn ag feidhmiú i réimsí éagsúla cosúil leis na meáin dhigiteacha, an teicneolaíocht agus an státseirbhís. Chomh maith leis sin, ghlac cuid de na hainmneacha is mó i saol na Gaeilge páirt i bpainéal chun léargas beoga a thabhairt do na daltaí ar shaol dátheangach nua-aimseartha. I measc na gcainteoirí bhí DJ Próvaí, Hugh Carr, Éadaoin Fitzmaurice, agus Róisín Seoighe, amhránaí IMLÉ agus ambasadóir oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2026.

Dúirt Róisín le Scéal go bhfuil sí “thar a bheith dóchasach” faoi thodhchaí na Gaeilge tar éis a bheith páirteach in FÍS 2026 i mbliana.

“Is breá an rud é an oiread sin daoine óga a fheiceáil a bhfuil suim acu sa Ghaeilge sa lucht féachana ar an lá. Is léir go bhfuil grá ag an nglúin óg don Ghaeilge agus go bhfuil suim acu í a úsáid sa ghairm agus sa saol laethúil chomh maith. Is léir gur teanga bheo bhríomhar í an Ghaeilge agus go bhfuil borradh mór tagtha ar labhairt na Gaeilge i measc daoine óga ach go háirithe. Is iadsan an chéad ghlúin eile agus tá bród orthu!”

Eoghan Ó Conghaile agus Maithín Ó hÁgáin, Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona.  Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.
Eoghan Ó Conghaile agus Maithín Ó hÁgáin, Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona. Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.

Reifreann stairiúil ar bun faoi pholasaí dátheangach in Ollscoil na Banríona

Tá deis stairiúil ag mic léinn Ollscoil na Banríona comhionannas teanga a bhaint amach ar champas agus an Ghaeilge a chur ar comhchéim leis an Bhéarla den chéad uair riamh mar chuid de reifreann atá ar siúl ag Aontas na Mac Léinn faoi láthair. Tá go dtí an Déardaoin beag seo ag mic léinn vóta a chaitheamh ar líne.

I measc na bpríomhéileamh a bheidh ag Aontas na Mac Léinn má ghlactar leis an mholadh tá comharthaíocht dhátheangach ar fud an champais, polasaí cuimsitheach Gaeilge chun stádas na Gaeilge ar an ollscoil a ardú, agus aitheantas don Ghaeilge fud fad na hollscoile. Chomh maith leis sin, molfaidh siad go mbeidh ainm agus lógó na hollscoile dátheangach.

Tá Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona lárnach san fheachtas ar son na n-athruithe seo agus deir siad ar na meáin shóisialta “nach sáraítear cearta aon duine eile mar gheall ar an chomharthaíocht dhátheangach”, agus gur “deis a bheadh ann dea-chaidreamh trasphobail a chothú”.

Ag caint le Scéal an tseachtain seo, dúirt Maithín Ó hÁgáin, Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh:

“Tá sé ríthábhachtach go dtéann an reifreann seo i bhfeidhm san ollscoil agus go nglacann siad leis na héilimh atá againn. Tá sé leagtha amach fiú mar dhea-chleachtas ag an Aontas Eorpach go bhfuil feiceálacht teanga ríthábhachtach chun dul chun cinn a dhéanamh.

“Ní éilimh dodhéanta iad seo, agus dar liom is cearta bunúsacha iad i ndáiríre. Tá an ollscoil anois nasctha le hInstitiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, áit a bhfuil polasaí Gaeilge ann don teanga, agus ardaíonn sé seo an cheist: an bhfuil sé cothrom go bhfuil cearta teanga acu agus nach bhfuil cearta teanga againne?

“Níl sé ar chor ar bith. Níl muid ach ag iarraidh go mbeidh na cearta céanna againne agus atá acu ó dheas, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Tá sé in am don ollscoil súil a chaitheamh ar an mhéid daoine atá feargach faoin seasamh neamhghníomhach atá acu.”

Dúirt sé fosta go bhfuil sé “iontach dóchasach go mbeidh na mílte ag caitheamh vóta ar son na Gaeilge”.

Is féidir leis na mic léinn vótáil go digiteach go dtí Déardaoin, 19 Márta.

Féile na Gealaí
Féile na Gealaí

Clár oifigiúil Fhéile na Gealaí 2026 fógartha

Bliain mhór atá roimh Fhéile na Gealaí i mbliana agus iad ag ceiliúradh 10 mbliana ar an fhód, agus tá clár iontach ceoltóirí fógartha acu mar aitheantas ar an chloch mhíle.

Is iad Huartan, Grooveline, Jiggy, Sexy Tadhg agus Baby Guinness, cuid de na hainmneacha is mó sa cheol Gaelach, a bheidh ag tabhairt faoin ardán i Ráth Chairn an 5 & 6 Meitheamh 2026.

Bíonn na sluaite ag tarraingt ar Ráth Chairn Glas na Mí do dheireadh seachtaine lán le spleodar agus croí i mí an Mheithimh gach bliain, áit a gcuireann siad pubaill suas agus a líonann siad an sráidbhaile le ceol. Féile cheoil lán-Ghaeilge atá i bhFéile na Gealaí agus bíonn sé mar aidhm ag an lucht eagraithe ceol, cultúr agus na healaíona Gaelacha a chur chun cinn ar bhealach nuálach go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine as Albain fosta agus deis den scoth a bhíonn san fhéile aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile in atmaisféar beo bríomhar Gaelach.

Is féidir do thicéad a fháil anois ar shuíomh Fhéile na Gealaí feilenagealai.com.