‘Dá ghaire don chnámh an fheoil is amhlaidh is milse í,” a deirtear.
Más fíor don seanfhocal, ba mhilse fós an teachtaireacht a bhí ar intinn Thaidhg Uí Choinnialláin agus inscríbhinn Ghaeilge á scríobh aige ar chnámh beithígh i Londain beagnach céad nócha bliain ó shin.
Síltear gur iarracht a bhí ann, agus Ó Coinnialláin ag dul i mbun a pheannaireachta in Windsor i mí Eanáir 1839, le hairgead a thuilleamh mar thacaíocht dá fheachtas chun an Protastúnachas a scaipeadh in Éirinn.
Beidh an chnámh aduain seo, atá ar cheann de cheithre cinn ar scríobh Ó Coinnialláin inscríbhinn ón mBíobla sa chló Gaelach orthu, ina hábhar plé i léacht a thabharfaidh Peadar Ó Muircheartaigh in Acadamh Ríoga na hÉireann an tseachtain seo.
READ MORE
Labhair Tuarascáil le hÓ Muircheartaigh - léachtóir sinsearach i Roinn na Ceiltise agus Léann na hAlban in Ollscoil Dhún Éideann – faoin mbíoblóir Tadhg Ó Coinnialláin (nó Thady Connellan, mar a tugadh air) agus an t-údar a bhí aige inscríbhinn a dhéanamh ar chnámha eallaigh.

“Baineann sé ar fad go dlúth le scéal a bheatha féin,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
Mhair Ó Coinnialláin le linn ceann de na tréimhsí ba chinniúnaí agus b’achrannaí i stair na hÉireann. Sa Scrín in iarthar Shligigh a rugadh Ó Coinnialláin thart ar 1780 nuair a bhí an Ghaeilge fós á labhairt go forleathan sa chontae agus is ann a cuireadh é nuair a bhásaigh sé in 1854. Tógadh ina Chaitliceach é agus cé go raibh sé ina ábhar sagairt ar feadh píosa, níor oirníodh é.
“Máistir scoile a bhí ann ina dhiaidh sin,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Chuir sé spéis sa léitheoireacht agus i litríocht na Gaeilge.
Bhí an tiontú creidimh agus an gníomhaíochas ina dhá ngné lárnacha d’fhealsúnacht na soiscéalaíochta agus ní fada go mbeadh freisin i saol Uí Choinnialláin.
Cumainn
Nuair a bhí Ó Coinnialláin sna fichidí, is ea a thosaigh an ghluaiseacht ar a dtugtar The Second Reformation, ina mbíodh misinéirí ag dul thart ag iarraidh Caitlicigh na hÉireann a iompú ina bProtastúnaigh.
Sa bhliain 1806 bunaíodh an London Hibernian Society, cumann a raibh sé ina sprioc aige an reiligiún leasaithe a scaipeadh in Éirinn.
Cuireadh fear eile ó Shligeach, Albert Blest, i gceannas ar an obair a bhí ar bun acu in Éirinn agus is de thoradh a oibre siúd a d’iompaigh Ó Coinnialláin.
“Bhí Ó Coinnialláin ag múineadh sa scoil aige féin agus ag dul timpeall mar a bheadh timire ag iarraidh daoine a chur ag léamh na Gaeilge agus ag léamh an Bhíobla nó téacsanna cráifeacha,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Bhí baint an-mhór aige le foilsitheoireacht agus leis an mhisinéireacht. Ar ndóigh bhí leabhair [reiligiúin] go mór in easnamh sa nGaeilge san am, rud a d’fhág gur fhoilsigh Ó Coinnialláin cuid mhór paimfléad – foclóirí, cuid den scrioptúr, leabhair scoile agus fiú cuid bheag d’fhabhalscéalta Aesop.”
D’fhoilsigh an scríbhneoir cáiliúil Béarla Sydney Owenson - Lady Morgan a bhí uirthi ina dhiaidh sin - tuairisc ar chuairt a thug sí ar scoil Uí Choinnialláin agus í ar thuras timpeall thuaisceart Chonnacht ag tús an 19ú céad. Is léir go ndeachaigh an méid a chonaic sí i gcion uirthi. Thart ar leathchéad dalta a d’fhreastail ar an scoil, agus bhí an rang sinsearach ag déanamh staidéar ar Homer, ar an bhfealsúnacht, agus ar an matamaitic.

“Tá trácht aicise ar an scoil agus go mbíodh na gasúir ag déanamh Gaeilge, Laidine agus Gréigise,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
Ach ní ar chúrsaí oideachais nó Gaeilge a bhí na cumainn a bhí sa treis ag an am ag díriú ach ar chúrsaí creidimh, rud nach raibh Ó Coinnialláin ar aon intinn leo ina thaobh.
“Bhí neart cumann ag an am a bhí ag iarraidh an Protastúnachas a chur chun cinn i measc an mhórphobail,” a dúirt Ó Muircheartaigh. “I gcás cuid mhór de na cumainn, ní raibh i litearthacht na Gaeilge ach céim i dtreo an Bhéarla. Níorbh ionann é sin agus scéal Thady,” a dúirt sé.
“Chreid sé go láidir go mb’fhiú an Ghaeilge a choinneáil, go mb’fhiú rudaí eile sa bhreis ar an scrioptúr a chur ar fáil, agus gurbh fhiú litríocht a chur ar fáil chomh maith. Mar sin, thit sé amach le cuid de na cumainn.”
Lean Ó Coinnialláin ar aghaidh ag bíoblóireacht agus chaith sé tréimhsí fada i Londain agus é ag cruinniú airgid nó i mbun foilsitheoireachta.
“Bhí cuid den lucht tacaíochta a bhí aige ina gcónaí sa mBreatain, agus ba bhealach é le dul i gcion orthu agus airgead a mhealladh astu le tacú le cuid de na tograí a bhí aige,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
Na cnámha
Ní raibh sé mar chuid de thraidisiún na Gaeilge inscríbhinní a dhéanamh ar chnámha agus creideann Ó Muircheartaigh gur chun airgead a bhailiú nó mar bhrontannais a rinne Ó Coinnialláin na hinscríbhinní.
Bhí suim freisin ag an tsochaí Victeoiriach in iarsmaí aduaine – iarsmaí a goideadh go minic ó thíortha a bhí faoi chois ag Sasana. “Is dóigh liom gur chuige sin a shocraigh sé é seo a dhéanamh,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Níor thug sé aon dúshlán do dhaoine nó don tuairimíocht a bhí sa treis go raibh an cineál léimh ’primitíbheach’ sin ag maithe agus ag móruaisle na Breataine ar chultúr na hÉireann. Is dóigh gur aithin Thady é sin agus go raibh sé in ann dul i bhfeidhm air sin chun airgead a bhaint astu.
“Tá a fhios againn gur scríobhadh ar an gcnámh atá san Acadamh i mí Eanáir 1839, agus déarfainn gur bronntanas a bhí ann do dhuine a bhí sásta airgead a thabhairt dó.”
Cé gur ar dhromchla míchothrom a rinne sé an inscríbhinn, tá cuma álainn ar an bpeannaireacht. “Bhain sé úsáid as an gcló Gaelach, tá sé thar a bheith slachtmhar,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
Bhronn Mike Tristram, Ruth Kenward agus Frances Tristram an chnámh ar Acadamh Ríoga na hÉireann anuraidh tar éis dóibh teacht air i gcófra teaghlaigh.
Tá trí chnámh eile ann, in Ollscoil Dhún Éideann, in Eaton College agus sa bhailiúchán ríoga i Londain.
Fágadh nóta suimiúil leis an gcnámh atá san Ollscoil i nDún Éideann. “Aistríodh cuid de na sailm in 1830 ach b’éigean iad a aistriú sách sciobtha agus mar sin aistríodh iad ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Bhí baint lárnach ag Thady leis an aistriúchán sin agus baineann an chnámh leis sin. Tá nóta a ghabhann leis a deir ‘Written in the Ancient Irish language. The only other example presented to Queen Victoria on the occasion of her coronation’.”
Conspóid
Bhain go leor conspóide leis na hiarrachtaí a rinneadh daoine a iompú ón gCaitliceachas sna blianta tubaisteacha sin. Ar ndóigh, ní mó ná sásta a bhí an Eaglais Chaitliceach faoin gcur chuige agus ba mhinic a caitheadh anuas ar leithéidí Uí Choinnialláin. “Bhí na sagairt go mór ina aghaidh agus cumadh roinnt mhaith filíochta in aghaidh Thady Connellan féin, i mBéarla agus i nGaeilge,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Fuair sé bás in 1854. Theastaigh uaidh go gcuirfí sa reilig lena mhuintir féin é, is é sin lena thuismitheoirí.”
Ach bhí círéib ann nuair a rinneadh iarracht é a chur i gcré na cille sa reilig Chaitliceach. “Go deimhin, bhí tuairiscí sna páipéir nuachta, ní hamháin in Éirinn ach bhí tuairiscí sna páipéir Shasanacha chomh maith,” a dúirt Ó Muircheartaigh.
“Ón tuairisc atá againn tagann sé ó fhear darbh ainm Nagle a bhí ina bhiocáire.
“Bhí siad ag béicíl agus bhí ráiteas acu: ‘Ashes to Ashes and dust to dust and if God won’t take him, the devil must’.”
Tabharfaidh Peadar Ó Muircheartaigh léacht ar an ábhar an 5 Márta ag a 1i.n. Breis eolais ria.ie/events
Foclóir: cnámh - bone; inscríbhinn - inscription; aduain - strange; bíoblóir - Bible-reading proselytiser; soiscéalaíocht - evangelization; peannaireacht - penmanship; slachtmhar - well finished, tidy; cófra teaghlaigh - family chest; biocáire - vicar.











