Ardú na gcostas, idir bhreosla agus daonna

Tá tionchar diúltach le brath i measc an phobail sna Stáit Aontaithe agus níos mó Meiriceánach in aghaidh an chogaidh ná mar atá ar a shon

Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Grianghraf: Andrew Harnik/Getty Images
Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Grianghraf: Andrew Harnik/Getty Images

Bhíos ag tiomáint ar chúlbhóithre Chontae Chorcaí thart ar 20 bliain ó shin nuair a stopas an carr chun glaoch gutháin a ghlacadh.

Tharraing mé isteach ón mbóthar ag seangharáiste a bhí dúnta le roinnt blianta. Bhí an áit tréigthe, fuinneoga an tsiopa briste, féar agus fiailí ag fás aníos tríd an tarmac. Bhí na caidéil pheitril fós ina seasamh ach cuma chaite mheirgeach orthu.

Tá mé ag ceapadh gur 2006 an bhliain, le linn an tsamhraidh. Ní cuimhin liom cén ceann scríbe go baileach a raibh mé ag dul ina threo ach bhain sé le hobair, táim cinnte faoi sin.

An rud eile a thug mé faoi deara ná go raibh na seastáin arda ar ar taispeánadh praghas an bhreosla fós ina seasamh ag gob an tseangharáiste. Caithfidh go raibh siad ag taispeáint praghas peitril agus díosail in aghaidh an lítir ar an lá a dúnadh an áit. Ar bhealach, bhí sé ar nós clog a bhí ina stad.

Ach nuair a thug mé sracfhéachaint orthu, bhuail sé mé go raibh rud éigin corr, beagáinín as riocht. Bhí sé á fhógairt ar an gcomhartha gurbh é praghas an pheitril ná €1.20 in aghaidh an lítir. Níor réitigh sé sin liom.

Bhí a fhios agam go maith go raibh costas níos lú ná €1 in aghaidh an lítir ar pheitreal ag an am. Cén fáth a raibh an costas chomh hard in áit a bhí dúnta le blianta? Bheifeá ag súil go mbeadh sé níos ísle, má bhí sé in oiriúint do rothaí an tsaoil. B’fhéidir gur sin an fáth a ndeachaigh siad as gnó, a dúirt mé liom féin, mar go raibh siad ag gearradh praghas scannalach ar a gcuid custaiméirí!

Go tobann thuig mé an scéal ina iomlán. Níorbh é sin an fáth ar chor ar bith. Is léir gur dúnadh an áit am éigin in 2003 le linn an ionraidh a rinne na Stáit Aontaithe ar an Iaráic. Bhí ardú tobann ar phraghsanna ola le linn an chogaidh sin a bhuail daoine go trom ar fud an domhain, Éireannaigh ina measc. B’shin an fáth le praghsanna arda an gharáiste thréigthe.

Tá tionchar diúltach le brath i measc an phobail sna Stáit Aontaithe freisin. Tá níos mó Meiriceánach in aghaidh an chogaidh ná mar atá ina fhabhar.

Níorbh é sin an t-aon uair sa chéad seo a tharla a leithéid. In 2022 nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin chuaigh praghsanna ola in airde go géar laistigh de chúpla lá.

Níorbh aon iontas é gur i gcruachás a bhí úinéirí tí, feirmeoirí agus daoine a raibh baint acu leis an iompar agus leis an bhfuinneamh. Ní raibh an dara rogha ag an Rialtas ach idirghabháil a dhéanamh.

Tá an rud céanna ag tarlú anois i ndiaidh na n-ionsaithe míleata a rinne Meiriceá agus Iosrael ar an Iaráin. Tá ardú mór tagtha ar phraghsanna ola ar fud an domhain, agus tá sé le feiceáil anseo in Éirinn freisin. Bhí díosal thart ar €1.70 an lítear cúpla seachtain ó shin, ach anois tá sé os cionn €2 an lítear agus €2.05 in áiteanna áirithe.

In ainneoin go bhfuil an freasúra ag éileamh ar an Rialtas rud éigin a dhéanamh chun an brú ar dhaoine a mhaolú, níl tada déanta aige go fóill. Cuireann an Rialtas i gcuimhne dúinn gur thóg sé níos mó ná mí tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin sular fógraíodh an chéad phacáiste cabhrach don chostas maireachtála. Mar sin tá an Rialtas ag feitheamh agus ag faire, drogall orthu aon rud a dhéanamh róluath.

Is í an fhadhb a bheidh ag rialtas ar bith ná, cé nach raibh aon pháirt acu sa chogadh uafásach seo, gurb iad féin a mhothóidh an titim amach polaitiúil. Níl aon olltoghchán i mbliana ach beidh an dá fhothoghchán i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Má leanann an cogadh ar aghaidh agus má leanann na praghsanna ag ardú leo, beidh tionchar mór aige sin ar thoradh na dtoghchán sin. Bí cinnte faoi.

Má fhéachtar ar an scéal i gcomhthéacs níos leithne, ar an leibhéal domhanda, is beag dea-scéala atá le fáil. Tá sé soiléir anois le seachtain anuas nach bhfuil aon chuspóir soiléir cogaidh ag Meiriceá.

Is cinnte gur theastaigh ó Iosrael an cogadh seo a chur ar bun agus gur éirigh leo Donald Trump a mhealladh chun páirt a ghlacadh ann leis an argóint go raibh bagairt bhunúsach ag teacht ón Iaráin ar Mheiriceá. Ráiméis amach is amach a bhí sa mhaíomh sin. I ndáiríre, níl an cumas teicniúil ag an Iaráin ionsaí mar sin a dhéanamh agus tá a fhios sin ag an domhan, seachas Trump.

Tá an easpa cuspóir soiléir ag teacht chun solais anois. Tá fáthanna éagsúla curtha chun cinn maidir leis na spriocanna: cumas núicléach na hIaráine a scriosadh (dodhéanta); athrú réimis (tá sé admhaithe ag na Stáit Aontaithe nach bhfuil sé ina chuspóir anois); agus an Iaráin a lagú go míleata. Is féidir le Meiriceá agus le hIosrael an Iaráin a chur faoi chois sa ghearrthéarma mar gheall ar an neart míleata atá acu araon. Ach is minic a thagann réimeas mar seo slán arís le himeacht ama agus go bhfaigheann siad a gcumas míleata ar ais.

Ionsaí drochmheasta a bhí ann, gan sprioc shoiléir, gan aon deireadh straitéiseach, agus gan mórán airde ar an dlí idirnáisiúnta. Cosúil le go leor eachtraí eile de chuid Mheiriceá thar lear, seans maith go dtarraingeoidh sé trioblóid air féin agus go mbeidh drochdheireadh ar an scéal.

Tá níos mó Meiriceánach in aghaidh an chogaidh ná mar atá ina fhabhar. Tá praghsanna breosla ardaithe go mór. Tá “gas”, mar a thugann siad air ansin, tar éis dul suas go $3.48 an galún.

Bhí uachtaránacht Trump ag streachailt cheana féin leis an gcostas maireachtála, agus ní chuideoidh ardú ar phraghsanna breosla leis na Poblachtánaigh sna toghcháin mheántéarma. Tá a thromlach sa dá theach den Chomhdháil fíorbheag, agus d’fhéadfadh fiú luascadh beag an chumhacht a aistriú i dtreo na nDaonlathaithe.

Is é an tragóid is mó, mar is gnách le haon chogadh, ná an costas daonna. Meastar gur maraíodh thart ar 150 cailín óg i scoil san Iaráin tar éis ionsaí buamála. Beatha tuilleadh daoine a cailleadh go fánach.

Foclóir:

tiomáint = driving

cúlbhóithre = backroads

breosla = fuel

sracfhéachaint = glance

ardú tobann = sudden increase

an Iaráin = Iran

thar lear = abroad

streachailt = struggling

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times