Iarratais ar oscailt do Sheachtain Faisin na hÉireann 2026

Seachtain Faisin na hÉireann, Éadaí folláine Éireannacha, Brigit 2026 agus Andrea Rossi

Seachtain Faisin na hÉireann
Seachtain Faisin na hÉireann

Tá Seachtain Faisin na hÉireann ar ais don dara bliain as a chéile. Beidh seónna agus imeachtaí ag titim amach i mBaile Átha Cliath idir 7-12 Deireadh Fómhair 2026.

D’fhógair an lucht eagraithe ar na mallaibh go bhfuil siad ag cur fáilte roimh iarratais ó dhearthóirí faisin atá lonnaithe in Éirinn, chomh maith le dearthóirí Éireannacha a bhfuil cónaí orthu thar sáile, a bheith páirteach in imeacht na bliana seo. Beidh iarratais ar oscailt go dtí an 16 Feabhra 2026.

I ndiaidh rath iontach na chéad bhliana ina raibh seacht seó, 55 dearthóir, níos mó ná 2,000 duine i láthair agus 500+ milliún amharc ar na meáin shóisialta, tá sé beartaithe ag Seachtain Faisin na hÉireann forbairt go suntasach in 2026. Roghnófar 75 dearthóir chun a gcuid oibre a chur i láthair i mbliana, ag cruthú níos mó deiseanna do dhearthóirí atá ag teacht chun cinn, do chéimithe agus do dhearthóirí a bhfuil taithí acu cheana féin.

Díríonn Seachtain Faisin na hÉireann ar an infheictheacht agus ar an phobal a chothú. Mar imeacht sé lá, tugann sé deis do dhearthóirí, do stíleálaithe, do ghrianghrafadóirí agus do chomhoibrithe teacht le chéile, aithne a chur ar a chéile agus naisc a dhéanamh sa tionscal. Chomh maith leis sin, beidh grodchúrsaí ar fáil do dhearthóirí áirithe a thabharfaidh deis dóibh foghlaim go díreach ó shaineolaithe idirnáisiúnta mór le rá chun branda rathúil dá gcuid féin a chruthú.

Buntáiste dochreidte eile a bhaineann le Seachtain Faisin na hÉireann ná go gclúdóidh siad 100% de na costais léirithe a bheadh ar chéimithe, agus é mar aidhm acu eispéireas den chéad scoth a thabhairt do dhearthóirí óga atá ag teacht chun cinn gan aon chostas.

Is féidir d’iarratas a chur isteach anois ag www.irelandfashionweek.substack.com

Éadaí folláine Éireannacha ó Aria Activewear
Éadaí folláine Éireannacha ó Aria Activewear

Éadaí folláine Éireannacha ó Aria Activewear

Ní fada anois go mbeidh sé ina earrach, an lá ag dul chun síneadh agus an aimsir ag éirí níos fearr giota ar ghiota. Is breá liom an t-am seo bliana nuair a bhíonn solas na gréine ag lonrú faoi dheireadh agus pleananna á ndéanamh don samhradh atá ag tarraingt orainn.

Is maith liom níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh na laethanta seo fosta agus leas a bhaint as solas an lae i ndiaidh na hoibre. Tháinig mé ar Aria Activewear ar Instagram le gairid mar gheall ar fheachtas margaíochta den scoth a bhí idir lámha acu agus réimse éadaí compordacha faiseanta ar díol acu chomh maith.

Is branda Éireannach éadaí folláine é Aria Activewear ar bhunaigh mná i mBéal Feirste é. Déanann siad éadaí ilúsáideacha a bheadh fóirsteanach do réimse leathan gníomhaíochtaí cosúil le pilates, ióga, bailé, scátáil oighir agus go díreach chun dul amach ag siúl.

Tá inbhuanaitheacht agus ardchaighdeán iontach tábhachtach don bhranda fosta mar úsáideann siad éadach atá deimhnithe ag Oeko-Tex, rud a chinntíonn go ndéantar na hábhair gan ceimiceáin dhochracha agus go bhfuil siad sábháilte don chraiceann agus don timpeallacht araon. Gabh chuig www.ariaactivewear.co.uk le hamharc ar an réimse iomlán éadaí.

Brigit 2026: ag ceiliúradh na mban
Brigit 2026: ag ceiliúradh na mban

Brigit 2026: ag ceiliúradh na mban

Bain leas as deireadh seachtaine Imbolc agus tabhair faoi shráideanna Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh scoth na n-imeachtaí ag tarlú mar chuid d’Fhéile Brigit 2026.

Spreagann an fhéile seo gach duine teacht le chéile agus cruthaitheacht, oidhreacht agus tionchar na mban a cheiliúradh i bpríomhchathair na tíre. Beidh sraith spleodrach cainteanna, taispeántas agus ceardlann ar siúl fud fad na cathrach, chomh maith le ciorcal comhrá Gaeilge saor in aisce le Mollie Guidera Dé Sathairn.

I measc na n-imeachtaí suimiúla eile beidh seó soilse ag Ard-Oifig an Phoist, Sauna na mBan, ceardlann déanta ime agus ceolchoirm le Gemma Dunleavy ag Eaglais Phreispitéireach na Mainistreach. Tá clár iomlán na féile ar fáil ar www.dublin.ie/whats-on/brigit/

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Andrea Rossi
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Andrea Rossi

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Andrea Rossi

Seoidín beag galánta ar an chósta thiar is ea an Cheardlann sa Spidéal i gcroílár Chonamara, áit a mbíonn go leor turasóirí ag tarraingt air ó cheann ceann na bliana le hamharc ar na hearraí ceardaíochta áitiúla atá ar díol agus le sult a bhaint as áilleacht an cheantair. Chomh maith leis sin is féidir greim beag le hithe a fháil sa chaifé Builín Blasta nó freastal ar cheolchoirm sa stiúideo taifeadta béal dorais, Stiúideo Cuan.

Ceann de na háiteanna is ansa liomsa sa Cheardlann ná Stiúideo Andrea Rossi. Tá an siopa beag seo ag pléascadh le hornáidí ildaite Gaelacha, cuimhneacháin bheaga ghleoite agus pictiúir mhóra mhionsonraithe ar na ballaí. Chaithfinn an lá ar fad sa siopa seo dá mbeadh an t-am agam agus is breá liom a bheith ag amharc thart ar na táirgí Gaeilge a dhíolann Andrea. Bíonn sí féin ag obair agus ag péinteáil sa stiúideo seo chomh maith, agus déantar achan uile phíosa de láimh.

Caithfidh tú bualadh isteach chuig an stiúideo leis na píosaí ealaíne a cheannach, ach nach maith an rud é nach bhfuil siopa ar líne aici mar bheinn i ndiaidh leath an stiúideo a cheannach mé féin!

Tá stiúideo Andrea Rossi lonnaithe i gCeardlann an Spidéil agus tá sí ar fáil ar Instagram fosta ag @andrearossiartstudio.