Dominic Savio

Is í an cheist mhór ná cad fáth nach gcúisítear daoine gurb Eorpaigh nó de shliocht Eorpach iad?

An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Grianghraf: EPA

An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Grianghraf: EPA

 

Nuair a bhíomar ar scoil bhí Dominic Savio ar dhuine de na heiseamláirí ba mhó a mholtaí dúinn. Bhítí ag tathant orainn a bheith cosúil leis, ach ní raibh aon duine againn ag iarraidh bás a fháil in aois ár gceithre mbliana dhéag dúinn. Is cuimhin liom sagart ag insint dúinn gur cnámh éisc a chuaigh greamaithe ina scornach ba thrúig bháis dó, rud a d’fhág go raibh eagla mo sceadamáin orm leathóg leamh na hAoine a ithe. Níor réitigh sin lem mháthair gurbh éigean di teacht slán ó mhangairí mhargadh an Bhéarla i gCorcaigh gach seachtain d’fhonn plaicín a choimeád linn fad is nach stéig ná leadhb muiceola a bheadh ann.

Is i bhfad ina dhiaidh sin a d’fhionn mé gur pliúraisí ba thrúig bháis dó, rud a chuidigh liom gach saghas éisc a shlogadh ar ball, fág go bhfuil amhras fós orm maidir le sliasta an mhíl mhóir, nó smut de chroí Fungi nó a shamhail a fheiscint ar an bpláta. Agus mura bhfuil a fhios agat cérbh é Dominic Savio ní bhfuair tú an t-oideachas a fuaireas-sa!

Mo thrua ghéar ghéar, áfach, bhí Dominic Savio eile á dhaoradh chun cúig mbliana fichead príosúin sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an tseachtain seo caite. Dominic Ongwen Okumu Savio is fearr aithne air agus bhí sé i gceannas ar bhuíon den Lords Resistance Army a dhein scrios is uafás ar fud thuaisceart Uganda sna 1980í. Dá léifeá mar gheall ar chuid den ár a raibh sé páirteach ann ba chuma leat cén saghas cnámh éisc a rachadh greamaithe ina sceadamán nuair a bhí sé ceithre mbliana dhéag d’aois.

Pé cuntas a léifeá mar gheall ar ar tharla sna blianta sin ní bheadh aon amhras ort ach go raibh sé ciontach siar amach. Dá mbeinn im chontrárthachtaí ceart bheadh m’ainm in airde ar fud an domhain ach cosaint a dhéanamh air.

Ach is chuige atáim ná go bhfuil ceisteanna móra le freagairt ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir leis na daoine a stractar os a comhair is a dhamnaítear nuair a oireann. Ní taise do Dhuais Nobel na Síochána é ina dtugtar gradam do dhaoine a bhfuil níos mó fola ar a lámha acu ná búistéir beag an bhaile. Thar dhuaiseanna uile Nobel is í an duais síochána is mó a thuill droch-cháil don dínimiteoir deas Alfred.

Is fíor gur féidir amhras a chaitheamh ar an duais litríochta, tar éis an tsaoil cérbh iad Karl Kralfeldt nó Elfride Jelinek? Agus níl aon bhrí le duais eacnamaíochta ach an oiread is a bheadh le duais asarlaíochta ná piseog. Ach cad is fiú duais síochána a bhfuil Henry Kissinger agus Beairic Ó Buama agus Abiy Ahmed agus Yessur Arafat agus Yitshack Rabin ar a bhfud? Ach an oiread leis an duais litríochta nach bhfuair ach dornán scríbhneoirí as teangacha móra móra an domhain aon bheith istigh ann (Portaingéilis, Araibis, Sínis, Indinéisis, Hausa, Beangáilis, Berberis, Iorabais) áfach, cad ina thaobh gurb Afracaigh is mó a cúisíodh sa Chúirt Idirnáisiúnta seo?

Ní hé nár bharbaraigh gan trócaire iad is nach raibh a ndamnú tuillte thar amhras anonn.

Is í an cheist mhór ná cad fáth nach gcúisítear daoine gurb Eorpaigh nó de shliocht Eorpach iad?

Tá siad fós beo, formhór na ndaoine sin nár chás leo scrios a tháladh anuas ón spéir is a thug ordú pras na cnaipí a bhrú is a thug tacaíocht dá gcairde deachtóirí is a scaoil airm le háthas is nach bhfaca pioc de thoradh a saothair ar theilifís ar bith is nár chaill oíche chodlata de dheasca a mbearta gránna, ach ar éigean go mbeidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar a dtóir murab ionann is Dominic Ongwen Savio.