Subscriber OnlyTuarascáil

‘Roghnaíomar sráid fhánach i bhFionnghlas’

Tá sé mar bhunaidhm ag Gaeilge 365 cur chuige cruthaitheach a spreagadh i dtaobh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath

Foclóir: Cnáimhseáil - grumbling; fánach - random; Fionnghlas - Finglas; margántaíocht – horse-trading; fuarbhruite – lukewarm; sóisearach – junior; dea-chleachtas – best practice; tionscadal – project; iomrascáil – wrestling.

Is minic a dhéantar cnáimhseáil faoi straitéisí rialtais nach gcuirtear i bhfeidhm, faoi éilimh oideachais nach gcomhlíontar, faoi phleananna móra teanga nach gcuirtear i gcrích agus faoi dhearcadh fuarbhruite an stáit go ginearálta i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Seans nár chuir sé ionadh ar mhórán i bpobal na Gaeilge an tseachtain seo caite mar sin nuair a theip ar Fhine Gael aire sóisearach Gaeltachta dá gcuid féin a ainmniú.

Tuairiscíodh gur aistríodh an aireacht ar ais go Fianna Fáil toisc nach raibh teachta ar bith de chuid Fhine Gael sásta, nó sách inniúil sa teanga chun tabhairt faoin gcúram tábhachtach seo.

READ MORE

Pé chúis a bhí leis sin, agus an margántaíocht agus an imghabháil ar siúl ar Shráid Chill Dara, bhí margaíocht de chineál eile ar fad ar siúl 10 nóiméid ó dhoras Theach Laighin.

Ar shráid stairiúil Uí Mhóra i dtuaisceart na cathrach bhí Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Daithí de Róiste, i mbun gnó oifigiúil.

Thug an tArdmhéara cuairt ar Troy’s Butchers agus ar thrádálaithe Shráid Uí Mhóra chomh maith le Hyne’s Bar i mBóthar na gCloch chun tús a chur le scéim nua Ghaeilge.

Tá sé mar aidhm leis an scéim “Give Gaeilge a Go” atá ina chomhthogra idir Bhaile Átha Cliath le Gaeilge agus an Chomhairle Cathrach úsáid na teanga a spreagadh i siopaí agus i measc miondíoltóirí na cathrach.

“Tá an líon is mó cainteoirí laethúla Gaeilge sa tír i mBaile Átha Cliath,” a dúirt an tUasal de Róiste. Dúirt sé go bhfuil sé “thar a bheith tábhachtach” go mbeadh deiseanna acu siúd a labhraíonn Gaeilge “ár dteanga dhúchais a úsáid sa phobal”.

Tá a lán ar bun ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i réimse na Gaeilge faoi láthair. Bhunaigh an chomhairle tionscadal píolótach anuraidh, Gaeilge 365, chun dea-chleachtas a chruthú i dtaobh na Gaeilge.

Ceapadh Daithí de Buitléir (a raibh dlúthbhaint aige le bunú chumann lán-Ghaeilge CLG na Gaeil Óga) mar bhainisteoir cláir ar an togra nua.

Tá sé mar aidhm leis an tionscadal bealaí nua a aithint ina dtiocfaidh le húdaráis áitiúla cuspóirí reachtaíochta agus beartais teanga a chomhlíonadh agus deiseanna labhartha na Gaeilge a mhéadú sa chathair ag an am céanna.

Dúirt an tUasal de Buitléir le Tuarascáil go bhfuil sé mar aidhm ag an tionscadal líon na ndeiseanna atá ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid sa chathair a mhéadú faoi dheich faoi 2027.

Ceann de na rudaí is deise faoin gComhairle Cathrach ó thaobh na Gaeilge de ná go bhfuil “scóip iontach leathan ann” dar leis.

“Bíonn siad ag plé le féilte agus le himeachtaí éagsúla, na healaíona, cúrsaí spóirt, spórtlanna poiblí, leabharlanna, cúrsaí tithíochta agus forbairt an phobail.”

“Tá an smaoineamh simplí go leor,” a deir de Buitléir.

“Gach rud a dhéanann muid, tá sé uimhirdhírithe nó spriocdhírithe,” a dúirt sé.

“Tá 360,000 duine i gcathair Bhaile Átha Cliath ar mian leo Gaeilge a labhairt níos minice,” a dúirt sé.

“Tá Gaeilge ag 164,000 duine ach níl ach 6,000 duine ag labhairt Gaeilge gach lá.”

Creideann sé “nuair a dhéanann tú tochailt” ar uimhreacha an daonáirimh agus i bhfianaise an taighde atá déanta, go bhfuil sé “an-soiléir” go bhfuil daoine “ag iarraidh Gaeilge a labhairt níos minice.”

Ach seachas a bheith “báite le straitéis” nó a bheith de shíor ag iomrascáil le polasaithe agus tionscadail fhadtéarmacha, molann de Buitléar gur cheart tabhairt faoi chur chun cinn na Gaeilge ar bhealach nuálach.

Cuireadh meitheal oibre d’fhostaithe na Comhairle Cathrach ar bun chun tograí nuálacha a phlé agus a fhorbairt le deireanas ar a tugadh an Chomhairle Craiceáilte.

D’eascair go leor smaointe ón bpróiseas, ina measc samhail tithíochta theangabhunaithe a chruthú do chainteoirí Gaeilge sa chathair, turasóireacht teanga agus clár teanga a fhorbairt do ghrúpaí leabharlainne.

“Rinneamar an-chuid oibre leis na fostaithe agus anois tá muid chun tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh chun gur féidir leo a gcuid smaointe a chur i gcrích,” a dúirt de Buitléir.

Comhairle Cathrach

Cuireadh clár cinnireachta ar fáil d’fhostaithe na Comhairle Cathrach chun tograí nuálacha a fhorbairt.

“Nuair a fheiceann daoine go bhfuil feidhm ag baint leis an teanga agus nuair a fheiceann siad gur rud beo í, tosaíonn siad ag cur spéise ann,” a dúirt de Buitléir.

Tá thart ar 100 fostaí ag freastal ar ranganna Gaeilge faoi láthair.

“Tá naoi rang dhifriúil ar siúl againn faoi láthair. Tá rang amháin ann do dhaoine nár fhoghlaim Gaeilge riamh – den chuid is mó is as lasmuigh d’Éirinn dóibh. Tá siadsan ar aistear foghlama teanga anois.”

“Tá súil againn go dtiocfaidh go leor tríd agus go mbeidh siadsan in ann páirt a ghlacadh sa Chomhairle Craiceáilte nó i dtograí eile. Is leosan an Ghaeilge sa chaoi chéanna gur liomsa agus gur leatsa í. Tá sé sin an-tábhachtach.”

“Is daoine iad go leor acu a thagann ó thíortha ilteangacha nó ó thíortha ina gcuirtear go leor béime ar an ilteangachas. Feictear dóibh gur rud nádúrtha é an teanga a fhoghlaim.”

Más é an teaghlach an áit is tábhachtaí leis an Ghaeilge a chaomhnú do na glúinte atá le teacht, tagann an pobal máguaird go te sna sála air.

Agus chun iarracht a dhéanamh an nósmhaireacht nua teanga sin a chruthú agus líonra nua teanga a spreagadh, reáchtáil Gaeilge365 togra nuálach ar leibhéal na sráide dar teideal Spraoi Sráide. Tugann an daonáireamh an-chuid eolais ar nósmhaireacht teanga an phobail agus d’fhonn tástála, socraíodh díriú isteach ar shráid amháin.

“Is féidir breathnú ar an daonáireamh ar leibhéal na sráide agus is féidir feiscint cé mhéad duine a bhfuil Gaeilge acu,” a dúirt de Buitléir.

“Is minic a deirtear nach bhfuil na figiúirí sa daonáireamh a bhaineann le cumas agus labhairt na teanga fíor,” a dúirt sé.

“Cheap mise i gcónaí go raibh siad fíor agus creidim fós go bhfuil siad fíor, ach b’fhéidir go bhfuil siad róchoimeádach in áiteanna.”

“Roghnaíomar sráid go fánach i bhFionnghlas,” a dúirt de Buitléir.

“Ní raibh ann ach gnáth shráid i mBaile Átha Cliath.”

“Bheartaíomar dul ó dhoras go doras. Chnagamar ar na doirse agus d’fhiafraigh muid an raibh Gaeilge ag na daoine a d’fhreagair.”

“Thángamar ar sheachtar nó ochtar a raibh meascán de chaighdeán Gaeilge acu,” a dúirt sé.

Bhí daoine ón nGaeltacht ina measc chomh maith le daoine eile a raibh Gaeilge an-mhaith acu agus daoine eile arís a bhí tar éis filleadh ar fhoghlaim na teanga.

“D’fhiosraíomar díobh an mbeadh spéis acu togra ealaíona a reáchtáil trí Ghaeilge do mhuintir na sráide.”

“Bhí suim acu ann agus chuir siad féile shráide ar bun i dteach duine de mhuintir na sráide.”

“Tugadh cuireadh don chomharsanacht ar fad teacht agus tháinig 50 duine as an 200 atá ina gcónaí ar an tsráid. Gaeilge go príomha a bhí á labhairt acu.”

“B’fhéidir, nach bhfuil muid dírithe ar an áit áitiúil sa chaoi ina smaoiníonn muid,” a dúirt de Buitléir.

B’fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim ag na polaiteoirí ón gcur chuige seo. Ní hamháin gur léirigh fostaithe na Comhairle Cathrach agus muintir na cathrach toil agus suim sa dtogra, ach léiríodh gur féidir deiseanna nua labhartha a chruthú agus ní fios, bfhéidir go n’eascróidh líonraí nua teanga as iarrachtaí nuálacha mar seo freisin.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.