Ailse & Ise: Spléachadh ar sheirbhísí ailse do mhná in Éirinn

Agus minicíocht na hailse i measc an phobail ag dul i méid tá dúshláin mhóra roimh an tseirbhís sláinte i gcónaí.

Foclóir: Ailse - cancer; úithín - cyst; deisbhéalach - well spoken/fluently; scéiniúil - frightening; céadghin - firstborn; cnap - lump; cógas - medicine; fáthmheas - diagnosis; toircheas - pregnancy.

“Nuair a thosaigh an dochtúir ag caint ar ailse chíche, is beag nár thit mé as mo sheasamh. Ní raibh mé ag súil leis sin ar chor ar bith. Cheap mé gur úithín a bhí ann. Ní raibh mé tinn roimhe sin, cén fáth go mbeinn tinn anois? Bhí báibín álainn folláin againn agus bhí gach rud go maith go dtí sin.”

Sin í an chuimhne atá ag an gcraoltóir Evelyn O’Rourke ar an lá a dúradh léi, breis agus deich mbliana ó shin, go raibh seans ann go raibh ailse uirthi.

Labhair Tuarascáil le hEvelyn faoina scéal féin agus faoina clár teilifíse, ‘Evelyn O’Rourke: Ailse & Ise’ atá le craoladh an tseachtain seo ar TG4. Labhraíonn sí go hoscailte agus go deisbhéalach sa chlár faoi na himeachtaí scéiniúla seo. Cuireann sí síos go cumhachtach, go corraitheach agus go tuisceanach ar a scéal féin agus ar scéalta daoine eile ar fud na tíre ar bhuail an galar seo iad.

READ MORE

Rugadh Oisín, céadghin Evelyn agus a fear céile John, i Mí na Nollag, 2009. Bhí ag éirigh go geal le gach rud agus í ar saoire mháithreachais. Ach, thart ar Aibreán 2010, tháinig sí ar spota beag ar a cíoch a chuir cearthaí uirthi.

“Bhí mé neirbhíseach faoi,” a dúirt sí le Tuarascáil.

Is minic a thagann athrú ar cholainn mná tar éis páiste a iompar agus a bhreith. Ní haon ionadh mar sin é nach dtabharfadh daoine mórán airde uaireanta ar athruithe beaga a tharlaíonn.

“Ní cnap a bhí ann. Bhí sé ar nós aicne a bheadh ag déagóir.”

Fuair sí treoir ón dochtúir roinnt cógas a chaitheamh agus bhí súil aici go dtiocfadh laghdú ar an spota.

“Bhí mé ag stánadh air ar feadh seachtaine ag ceapadh go raibh sé ag laghdú. Ach ní raibh sé ag laghdú. Chuaigh mé isteach go hOspidéal Naomh Uinseann agus cuireadh tús leis na scrúdaithe.

Toircheas
Glacadh samplaí agus cuireadh abhaile í. Cúpla lá ina dhiaidh sin, sa bhaile a bhí sí agus í ag súil le torthaí na scrúdaithe ar na samplaí nuair a tháinig scéal eile.

“Fuair mé amach go raibh mé torrach arís.” Chuir sí in iúl don ospidéal go raibh sí ag iompar clainne.

“Chuaigh mé isteach ag an ospidéal leis na torthaí ó na samplaí a fháil agus dúirt an dochtúir: ‘Tá fadhb againn anseo.”

Ní hamháin gur baineadh geit aisti nuair a dúradh léi go raibh ailse uirthi ach chuaigh an scéal go smior inti.

“Níor thuig mé aon rud faoi ailse. Thosaigh mé ag caoineadh agus d’fhiafraigh mé den dochtúir an raibh mé chun bás a fháil.”

Chuaigh Evelyn faoi scian go luath tar éis di an fáthmheas a fháil agus nuair a bhí sí sa dara tréimhse thoirchis, thosaigh sí ar an gceimiteiripe.

“Rinne mé sé bhabhta de sin. Chríochnaigh muid leis i Mí na Samhna.

Bheadh an cóir leighis ann féin dian ach bhí cúrsaí níos casta mar go raibh sí torrach freisin agus cúis mhór imní di a bhí sa leanbh ina broinn.

“Bhí mé ana-bhuartha faoi,” a dúirt sí.

Ach bhí na dochtúirí an-sásta leis an dul chun cinn agus chuireadar í ar a suaimhneas faoi shláinte an linbh.

“Chuile scan ultrafhuaime a rinne muid ar Ross bhí sí sé i gcónaí i gceart. D’éirigh leis gach cloch mhíle a bhaint amach. Ní raibh siad buartha faoi ariamh.”

“An coincheap sin go raibh ailse agam i bpáirt amháin de mo chorp agus ansin go raibh an báibín ag fás in áit eile agus iad díreach in aice lena chéile!

“Ceann amháin díobh sin, is beatha atá ann. Rud atá chomh dearfach. Agus, an rud eile, rud é atá diúltach. Ach bhí siad i gcomharsanacht a chéile, rud a bhí an-ait.

“Leanamar ar aghaidh. Bhí dóchas againn don bháibín freisin ach bhí sé ana-dheacair.”

“Ag breathnú siar bhí sé iomarcach do thuismitheoirí nua ach bhí gach duine dochreidte cineálta linn”

Faoiseamh mór a bhí ann ansin nuair a rugadh Ross i mí Feabhra.

“Bhí sé folláin. D’athraigh sé sin an domhain domsa. Mhothaigh mé chomh freagrach as nuair a bhí mé torrach.”

B’éigin an raidió teiripe a theastaigh a chuir siar go dtí sin ar eagla go ndéanfaí aon dochar don leanbh. Cuireadh tús leis ansin agus rinne sí 36 seisiún.

Ní raibh am aici breathnú siar ar chúrsaí nuair a tháinig deireadh leis an gcóir leighis.

“Bhí beirt óg agam agus ní raibh mórán ama agam don anailís. Bhí Ross foirfe - iontach, ar aghaidh linn! Bhí buidéal ag teastáil uaidh láithreach bonn!

Clár
Agus í ar chamchuairt ar fud na tíre dá clár casann Evelyn le daoine ar nós an fheachtasóra Stephen Teap. Insíonn sé scéal a chéile Irene a bhásaigh de bharr ailse cheirbheacs agus faoi mar a tarraingíodh isteach í i gceann de na scannail sláinte ba mhó a tharla riamh sa stát.

Tugtar léargas cuimsitheach sa chlár ar na fadhbanna atá sa chóras sláinte agus ar an tionchar phearsanta agus aigneolaíoch a bhíonn ag ailse ar dhaoine.

Casann sí le mná, le dochtúirí, le soláthraithe seirbhíse, le file agus le síciteiripeoir leis an scéal a scrúdú.

Agus í féin deich mbliain saor ón ngalar, cíorann sí a bhfuil i ndán do mhná le hailse in Éirinn sa lá atá inniu ann agus déanann sí iniúchadh ar na cóir leighis nua atá ar fáil ar na saolta seo d’ailse chíche

“Sin fáth amháin go bhfuil mé ag iarraidh cláir mar seo a dhéanamh,” a dúirt sí le Tuarascáil.

“Mar, sin é an tuiscint a bhí agam - cheap mé gurbh ionann ailse agus an bás. Níor thuig mé go bhféadfá cóir leighis a fháil agus go bhféadfadh tú leanacht ar aghaidh.”

Ó tháinig biseach ar Evelyn tugann sí tacaíocht don eagras Cancer Trials Ireland.

“Má bhím buartha faoi rud éigin nó má thagann pian ait orm smaoiním ar na daoine atá ag obair le Cancer Trials Ireland agus deirim liom féin - “tá siad ag obair ar seo.”

Moladh
Agus minicíocht na hailse i measc an phobail ag dul i méid tá dúshláin mhóra roimh an tseirbhís sláinte i gcónaí.

Tá an-dochar déanta ag Covid-19 agus tugtar léiriú duairc sa chlár ar thionchar na paindéime.

Ach mar sin féin, molann Evelyn do dhaoine gan drogall ar bith a bheith orthu labhairt le dochtúir má thagann amhras orthu faoi aon rud.

“An rud atá muid ag iarraidh a rá le daoine ná go bhfuil na dochtúirí ag iarraidh cloisteáil uait - a luaithe a théann tú chucu is ea is luaithe is féidir leo rud éigin a dhéanamh duit.”

* Craolfar Evelyn O’Rourke: Ailse & Ise ar TG4 ag 9.30pm Dé Céadaoin an 12 Bealtaine

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.