Prionsa an Chomhraic

Is díol suime nach iad an t-aos clabaireachta amháin a bhí deighilte maidir leis an gCorsaiceach beag.

Fuair Napoleone di Buonaparte bás dhá chéad bliain ó shin an tseachtain seo caite. An raibh aon phearsa eile chomh mór iomrá, chomh leathan tionchair, chomh sean agus nua-phléite, chomh rómánsúil, chomh fíochmhar leis a chothaigh aighneas in Eoraip na naoú haoise déag? Murach stair bharbartha léanmhar an 20ú haois bheadh sé fós idir chamáin díospóireachta lenár linn.

Is beag staraí a mbeadh aon rud dearfach le rá aige mar gheall ar, abraimis Pol Pot, nó Slobodan Milosovic nó Genghis Khan (mura mbeadh ag obair leis in íoslach éigin in Ulan Bator), ach in ainneoin an áir agus an choncais tá a lucht páirte féin ag Napoléon i gcónaí. Is duine é ar furasta clár comhardaithe a tharraingt aníos ina thaobh - ar a shon, mar a dhaingnigh sé réabhlóid na Fraince, a dhíbir tíoránaigh agus ríthe, a bhunaigh córas dlíthiúil atá fós i réim, a leathnaigh an t-oideachas, agus ina choinne, mar a chuir sé é féin in uachtar, mar a d’athbhunaigh sé sclábhaíocht, a fhothaigh tíorántacht dá chuid féin, a thionscnaigh cogaí gan ghá.

Mar a thuigfeá, bhí an díospóireacht sin níos bríomhaire agus níos fíochmhaire sa Fhrainc ná in aon áit eile. D’fhéadfaí liostáil a dhéanamh ar staraithe, ar thráchtairí, ar scríbhneoirí, ar fhealsaimh ar thaobh amháin nó ar thaobh eile mar a dhein an staraí Dúitseach Pieter Geyl ina shaothar ‘Napoléon: For and Against.’ Chuirfeadh sé na cogaí cathartha idir ár gcuid staraithe féin i gcuimhne duit agus ní haon chogadh na gcarad é sin ach an oiread.

Is díol suime, áfach, nach iad an t-aos clabaireachta amháin a bhí deighilte maidir leis an gCorsaiceach beag. Ach níor deighilt idé-eolaíoch mar a bheadh idir liobrálaigh agus impiriúlaigh, nó idir lucht cearta saoránach agus lucht cosanta na bunaíochta a bhí ann i measc an ghnáthphobail, ach ceist dílseachta náisiúnta ar an mórchóir.

READ MORE

Is iad na hamhráin agus na bailéid a fhaigheann leathantas guth an phobail abhus seachas a mbíonn de dhíospóireacht ann idir an académie agus an université mar a bhí sa Fhrainc. Ní cúrsaí iontais é, mar sin, gurb amhráin mholta ar Napoléon is ea na hamhráin cháiliúla is mó ina thaobh in Éirinn, agus go mbíonn sé á mhallachtú go héag sna bailéid Shasanacha agus Albanacha.

Againne anseo b’é an ‘gallant hero’ é, ‘the Goddess of Freedom’, sinn ag cur fáilte roimh Napoléon ‘to Erin the Green.’ Agus sa mhóramhrán ‘Ráiteachas na Tairngreacht’ is é a thuartar go ‘Tiocfaidh aon-mhac phrionsa an chomhraic gurb ainm dó siúd Bonaparte’ chun fóirithinte orainn mar a ghealltaí go dtiocfadh buachaill bán nó giolla mear nó mac hucstaera nó charlie éigin roimhe sin.

Is í an íoróin mhór a leanann seo ná go n-áirítear gurbh as Éirinn an ceathrú cuid, nó b’fhéidir níos mó, de shaighdiúirí na Breataine ag Waterloo, ach dá ainneoin sin, go raibh bá na ndaoine le Napoléon. Is fíor go bhfuil roinnt amhrán ann a chásaíonn marú leannáin nó mic in arm Wellington, ach amhráin ghrá agus caointe iad, seachas cinn a léiríonn claonadh polaitiúil.

Mar a chéile sa Bhreatain féin. Tá dornán amhrán a rianaíonn meas ar Napoléon mar laoch a chosnódh an chosmhuintir, ach ceaptar gurbh iasachtaí aniar as Éirinn cuid acu sin. Is dóichíde ar fad gur ‘little Boney’, ‘short-legged Boney’, ‘the Corsican monster’ nó a leithéid a gheobhaidh tú.

Ní léargas bunúsach é go ndéantar breith ar an stair de réir cén áit a bhfuil do sheasamh nó do leagan amach féin, agus bíonn aicme agus airgead agus náisiúntacht agus dínit agus leithleachas agus pearsantacht go léir caite isteach sa phota stobhaigh áirithe sin.

Cár mhiste aighneas deas eile a bheith againn faoi Napoléon d’fhonn féachaint cé sinn anois?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar