Fáilte Isteach!

Is í an cheist mhór, mar sin, cad a bheadh le tairiscint againne sa phoblacht dóibh a d’éascódh an tslí?

Is é nach dtuigtear go forleathan ná go mbeadh fáilte mhór roimh an bpobal aontachtach in Éirinn gan roinn. Cé nach bhfuil aon chuma air go gceapann siad féin é sin, ach a mhalairt, is ‘oscailte, fáilteach an tír sin Éire,’ mar adúirt an file. Nuair a gheobhaidh Alba a neamhspleáchas i gceann suim bhlianta cuirfear na ceisteanna bunreachtúla go léir trí chéile thall agus ní bheidh aon éalú feasta ar athruithe dá réir abhus.

Is í an fhírinne shearbh ná go gcaithfidh aontachtaithe de gach dath agus cuma an t-orlach sin a bhogadh i dtreo socraithe eile, agus é sin a dhéanamh go deonach. Níl aon chuma air go bhfuil an mhórchuid díobh sásta dul scrimh na hiongan féin sa treo eile fós.

Is í an cheist mhór, mar sin, cad a bheadh le tairiscint againne sa phoblacht dóibh a d’éascódh an tslí?

Rud amháin nach mbeidh inghlactha ná ‘Sagsa nua darb ainm Éire’ a chruthú, rud a thaibhseofaí duit atá a dhíth ó thráchtairí agus ó pholaiteoirí áirithe.

READ MORE

Ar an gcéad dul amach bheidís ag ceangal le ceann de na stáit is éirithí ar domhan de réir gach tomhais idirnáisiúnta dá bhfuil ann. Bheadh cearta saoránachta acu murab ionann agus a bheith ina ngéillsinigh faoi reacht atá feodach agus meánaoiseach.

Bhí tráth ann nuair a deireadh daoine go saonta ‘Ó, dá mbeimis ó dheas níos saibhre agus córas eacnamaíochta níos fearr againn, bheadh na haontachtaithe ar a dteann díchill chun teacht linn.’ Tá sin amhlaidh le fada, ach níor athraigh puinn.

Deireadh daoine eile níos saonta fós: ‘Ó dá scaoilfí cumhacht na hEaglaise Caitlicí….’ An té a dhéanfadh cosaint de shaghas ar bith ar an eaglais chéanna anois, níorbh fholáir dó a bheith ina Chú Chulainn le misneach.

B’í íoróin na híoróine séipéil a bheith ar oscailt ó thuaidh le linn na Cásca, fad is gur coir a bhí ó dheas freastal ar Aifreann!

Is é sin, níorbh í an eacnamaíocht ná an creideamh riamh an drogall a bhí ar aontachtaithe roimh an bpoblacht, ach an scarúint leis an mBreatain.

Dá bhrí sin, tugtar an ceangal sin leis an mBreatain dóibh!

Cheapas féin riamh go mbeadh ‘comhúdarás’ ina réiteach cothrom ina bhfágfaí cearta an dá phobal slán. Is é sin, gur saoránaigh d’Éirinn aontaithe a bheadh ann dóibh siúd arb é sin a mian, agus gur géillsinigh de chuid na Breataine iad siúd arb é sin a bhí ag teastáil uathu. Deirtear go bhfuil seo casta, aimpléiseach, ach is féidir linn daoine a chur chun na gealaí agus múoin* a aimsiú laistigh den adamh, ach ní thig córas rialaithe eile a cheapadh! Samhlaíocht, a dhuine!

Níos soiléire ná sin, b’fhéidir suíocháin faoi ráthaíocht a chur ar fáil sa Seanad - sop a chloisim - ach níos tábhachtaí go mbeadh cead acu fós teachtaí a chur go Westminster! Anois, ní fhaca tú an ceann sin ag teacht! Is é sin, sa chás is go mbeadh rialtas na Breataine sásta glacadh leo. Chruthófaí cochall polaitiúil toghchánaíochta faoi leith dóibh a choinneodh an ceangal dílseachta.

Is é sin, bheadh MPíonna i Londain, agus teachtaí dála comhuaineach in Dáil Éireann. Cad ab fhéidir a bheith níos flaithiúla ná sin?

Agus, dá mbeadh páirtí aontachtach in Dáil Éireann, cé dúirt nach mbeadh siad mar chuid de rialtas na tíre go minic? Ag cuimhneamh dúinn ar a scoilte is atá na páirtithe anseo, tá gach seans ann go mbeadh an DUP agus, abair, FG agus prumpa an Lucht Oibre i gcumhacht, agus go rialta.

Níl sa mhéid sin ach cnámha an scafaill, ach bheadh pribhléidí ag an bpobal aontachtach in Éirinn nua nach bhfuil acu faoi láthair sa dlínse ina bhfuil siad. Níl uainn ach an t-orlach sin.

* Múon: pairteagal guagach laistigh den adamh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar