Taighde baoth

B’fhéidir go bhfuil an ceart acu, nó b’fhéidir go gcosnódh sé a dhá oiread, a thrí oiread sin

Tharla gur thuirling taighde eile fós anuas orainn i dteannta na báistí síoraí an tseachtain cheana. Ceann eile ó eacnamaithe, an ghairm úd a thuar seacht gcinn den trí chúlú geilleagair deiridh. Is iad atá oilte ar fhigiúir a ionramháil is a shuathadh, ach ní féidir leo miosúr a chur ar fhairsinge an duine. Ba dhóigh leat gur leor gurb eacnamaithe a chum is a cheap mar leithscéal le neamhaird a dhéanamh ann, ach toisc é a bheith i ngob an phobail agus daoine ag tachtadh air, ní foláir pus a thabhairt air.

B’é taighde é sin ná an ceann a dhein John Fitzgerald agus Edgar Morganroth a léirigh, dar leo, go gcosnódh athaontú an oileáin (gan trácht ar Thoraigh, ar Reachlainn, ar na hÁrannachaí, ar Inis Bigil, ar na Blascaoid bheannaithe ná Béarra, ar Gharinis agus ar Gharmna, ar Sceilg Mhichíl agus ar Sceilg na Scannán, ar eagla go ndéanfaí leathcheal ar oileán ar bith) suas is anuas le fiche billiún d’airgead Ursula von der Leyen in aghaidh na bliana sa chás is go nascfaimis le chéile arís uair éigin amach anseo ar maidin.

B’fhéidir go bhfuil an ceart acu, nó b’fhéidir go gcosnódh sé a dhá oiread, a thrí oiread sin.

Nach cuma, agus nach róchuma?

READ MORE

Chum James Carville, comhairleoir Bill Clinton, nath a leathnaigh ó shin agus ar geall le halt creidimh é ag a lán: ‘Is í an eacnamaíocht í, a éagain!’

Ní hí an eacnamaíocht í, a éagain, ar ais! Is cuimhin linn go léir, sinne atá níos críonna ná na trioblóidí, an mana simplí a bhíodh ann, ‘dá mbeimis (is é sin, an phoblacht, na sé chontae fichead, an saorstát) níos saibhre, níos rafaire, níos raimhre airgead ná iad siúd eile (an Tuaisceart, na sé chontaetha, Uladh thoir thuaidh) go mbeadh a mbundún Oráisteach á gcur amach acu gabháil isteach linne!’ Bhuel, tá an taobh ‘ó dheas’, níos fearr as go mór is go fada le glúin nó le dhá ghlúin anuas agus ní léir aon ghluaiseacht shimplí aontachtach anoir aduaidh i dtreo ceangail leis an deisceart in ainneoin go bhfuilimid níos fearr as feoirling ar fheoirling, euro ar euro, punt an rí ar phunt an rí. Dá ainneoin sin is uile, ní léir go bhfuil oiread sin in íochtar úd na tíre sásta glacadh le lira na Vatacáine nó le pingin an Phápa. Ní féidir a mhaíomh go bhfuil a ndílseacht don leathchoróin (nuair a bhí ann) seachas don choróin ríogúil, mar adeirtí le seanbhlas.

Is de shuimiúlacht dhoshéanta gur bheag an plé mionscagúil a déanadh ar staid eacnamaíochta na tíre seo nuair a bhí an díospóireacht mhór ar siúl roimh agus le linn Chogadh na Saoirse. Gabh ag tumadh leat go domhain sa cháipéisíocht uile, sna hóráidí uile, san áiteamh uile a bhain leis an suathadh mór gur dá bharr a gearradh Saorstát Éireann amach as an Ríocht Aontaithe le gunnaí scréach is le lámhach na bpiléar agus mún dreoilín in uiscí na bhfarraigí fairsinge an costas eacnamaíochta. Ní léir dom go raibh pearsa mhór phoiblí ar bith, ná leipreachán de chuid na linne ach an oiread, a d’áitigh go mbeadh an tsaoirse inmholta ach nach mbeimis in ann íoc as.

Aisteach go leor, tar éis dom snámh ar bhóchna an phlé ar éileamh an neamhspleáchais sa Laitvia, sa Liotuáin, san Eastóin lenár linn, i dtíortha na hAfraice le ceithre scór bliain anuas, i gcríocha leathana na hÁise Bige is Móire gan trácht ar an dioscúrsa stairiúil nuair a bhíothas ag iarradh cosa na himpireachta a ardú ó bholg an domhain, níor léir mórán eacnamaithe ar nós Fitzgerald agus Morganroth ag fiafraí cad a chosnódh athrú réime ná an tsaoirse féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar