Easpa Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht tuairiscithe

Tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga

FOCLÓIR: Céim - step; faoi bhráid - presented to; tuarascáil - report; imscrúdú - investigation; faireachán - observation; scórtha - scores; moltaí - recommendations; athbhreithniú - review; curtha i bhfeidhm - implemented; fionnachtana - discoveries; clár athraithe leanúnach - continuous change programme.

Tá tuarascáil faoin líon íseal Gardaí le Gaeilge atá stáisiúnaithe sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag an gCoimisinéir Teanga.

Cuireadh an tuarascáil faoina mbráid an tseachtain seo nuair a theip ar An Garda Síochána moltaí a rinne oifig Rónán Uí Dhomhnaill a chur i bhfeidhm go cuí.

Is í an chéim is déine í gur féidir le hOifig an Choimisinéir Teanga a ghlacadh agus  is é seo an dara huair a chuir Oifig Uí Dhomhnaill a leithéid de thuarascáil ar aghaidh.

READ MORE

Socraíodh an tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais de bharr nár chuir an Garda Síochána moltaí imscrúdaithe a rinneadh i 2011 i bhfeidhm agus nárbh fhéidir leis an gCoimisinéir Teanga aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí ar an bhfórsa an méid sin a dhéanamh.

Dúirt Ó Domhnaill gur cúis mhór aiféala dó é nach raibh na moltaí curtha i bhfeidhm.

“Tar éis dom an cás a athbhreithniú ina iomláine, feictear dom nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe curtha i bhfeidhm go sásúil ag an nGarda Síochána agus nach féidir liomsa, faoi réir na gcumhachtaí atá tugtha dom, aon chéim bhreise a ghlacadh chun a chur ina luí orthu an méid sin a dhéanamh,” a scríobh sé sa tuarascáil.

Imscrúdú

Cuireadh tús leis an imscrúdú foirmiúil i 2011 nuair nár éirigh le ball den phobal gnó a dhéanamh i nGaeilge i stáisiún na nGardaí ar an mBun Bheag/Doirí Beaga (Gaoth Dobhair), Co Dhún na nGall i mí na Samhna, 2010.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána, a mhéid is indéanta, a chinntiú gur comhaltaí den fhórsa atá líofa sa Ghaeilge a chuirtear ar dualgas i ndúiche ina bhfuil limistéar Gaeltachta.

Fiosraíodh i 2011 an raibh sárú á dhéanamh ag An Garda Síochána ar na dualgais reachtúla atá mionsonraithe in Acht an Gharda Síochána, 2005, agus ar scéim teanga an Gharda Síochána maidir le hinniúlacht chuí sa Ghaeilge a bheith ag comhaltaí den Gharda Síochána atá ar stáisiún i limistéar Gaeltachta.

Thaispeáin an imscrúdú nár chomhlíon an Garda Síochána a ndualgais reachtúla teanga maidir leis an líon comhaltaí den fhórsa a bhí ar dualgas i nGaeltacht Dhún na nGall. Chomh maith leis sin,deireann an Coimisinéir gur sáraíodh gealltanas reachtúil atá i scéim teanga an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I dtuarascáil faireacháin a d’fhoilsigh Oifig an Choimisinéir Teanga ar dhul chun cinn An Garda Síochána anuraidh, dúirt Ó Domhnaill gurbh “bocht an scéal é nach raibh moltaí uile an imscrúdaithe a rinneadh sa bhliain 2011 curtha i bhfeidhm.”

De réir na tuarascála atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais an tseachtain seo, d’aithin Ó Domhnaill go raibh “iarrachtaí áirithe” déanta ag an nGarda Síochána ó 2011 ar aghaidh a dhírigh ar na moltaí a d’eascair as imscrúdú na bliana sin. Ach, ní mó nó sásta a bhí sé leis na bearta sin.

“Ach cé go raibh bearta éagsúla tionscanta ag an nGarda Síochána ó 2011 i leith mar fhreagra ar fhionnachtana agus ar mholtaí an imscrúdaithe, is é mo thuairim mheáite í nach raibh na bearta sin le chéile géilliúil don bhundualgas reachtúil i bhfo-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána, 2005.”

Ábhair suntais

Fuarthas amach mar thoradh ar phróiseas faireacháin agus de réir chóras féinmheasúnaithe an fhórsa féin i Samhain 2020 nach raibh ach 35 Garda le Gaeilge as 95 Garda ina iomláine atá lonnaithe i stáisiúin Ghaeltachta.

Tá sé sin cothrom le 37 faoin gcéad de na comhaltaí atá lonnaithe i stáisiúin sa Ghaeltacht.

“Ábhar suntais” a bhí ann, a dúirt an Coimisinéir Teanga, nár tháinig aon mhéadú ar an gcéatadán sin ó aimsir an imscrúdaithe in 2011.

“Go deimhin, cé go raibh slat tomhais éagsúil á úsáid ag an nGarda Síochána i dtaobh inniúlacht teanga in 2020 i gcomparáid le 2012, is cosúil gur laghdú atá tagtha ar líon na gcomhaltaí atá ar dualgas sa Ghaeltacht ó 2012,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Domhnaill gurb “ábhar suntais” freisin a bhí ann a laghad gardaí atá á n-earcú tríd an Sruth Gaeilge (sruth ar leith earcaíochta atá ann do dhaoine atá líofa sa Ghaeilge) sa Gharda Síochána.

Bhí ionadh air nár earcaíodh ach triúr nua ón Sruth in 2019.

“Ina theannta sin, is léir go bhfuil 18 gcomhalta as 55 comhalta, sin 33 faoin gcéad de na comhaltaí a earcaíodh tríd an Sruth Gaeilge ó 2013 i leith, lonnaithe i Ranna nach bhfuil aon stáisiún Gaeltachta faoina gcúram.”

Cumarsáid

Dúirt Ó Domhnaill go raibh “na scórtha” teagmhálacha idir a Oifig agus an Garda Síochána ó aimsir an imscrúdaithe i 2011.

“Bhí níos mó cumarsáide leis go deimhin ná le haon chomhlacht poiblí eile i gcomhthéacs cur i bhfeidhm moltaí imscrúdaithe. Is trua liom nach bhfuil toradh níos fearr le feiceáil ar na hiarrachtaí sin,” a dúirt sé.

Cuireadh moltaí an Choimisinéir Teanga faoi bhráid Choimisinéar an Gharda Síochána Drew Harris ag cruinniú a bhí acu i Márta 2019. Sheol an Coimisinéir Ó Domhnaill litir chuige ina dhiaidh sin i mí Aibreáin na bliana sin inar leag sé amach na beartais a bhí de dhíth chun an scéal a chur ina cheart.

Fuair Oifig Uí Dhomhnaill freagra ar ais ón nGarda Síochána le tuairisc i Samhain 2019 agus cuireadh in iúl sa bhfreagra sin go gcuimseofaí na dualgais atá ar an nGarda Síochána seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge ina chlár athraithe leanúnach.

Rinne oifig an Choimisinéir Teanga scrúdú ar na beartais a bhí geallta ach cé go raibh freagra tugtha ar an méid a bhí iarrtha ag an gCoimisinéir ina litir, “bhí an easpa ghnímh soiléir”.

“I bhformhór na gcásanna is easpa sprioc ama nó doiléireacht nó tuiscintí coinníollacha a bhí le brath,” a dúirt sé sa dtuarascáil.

Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Garda Síochána ar an 5 Feabhra 2021 go raibh sé beartaithe aige “i bhfianaise na heaspa dul chun cinn” tuarascáil a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar an ábhar.

Lorg An Garda Síochánta cruinniú ar Oifig Uí Dhomhnaill ina dhiaidh sin ar an mbonn go raibh sé i gceist ag an bhfórsa céimeanna breise a ghlacadh chun dul i ngleic leis an easpa dhul chun cinn.

Dúirt Ó Domhnaill gurbh é a “thuairim mheáite i gcónaí” nach mbeadh aon ardú suntasach ar an 37 faoin gcéad de chomhaltaí atá ar dualgas sa Ghaeltacht de thoradh na mbeart reatha agus na dtionscnamh úra seo.

Theastódh treochlár soiléir “lena ngabhfadh sainspriocanna agus spriocdhátaí” chun go bhféadfaí a dhéanamh amach “cén chaoi a dtiocfadh ardú incriminteach agus intomhaiste ar an gcohórt reatha.”

“Tá deich mbliana caite ó aimsir an imscrúdaithe tosaigh agus ní féidir liom mar Choimisinéir Teanga glacadh leis go bhfuil an suíomh reatha géilliúil do na dualgais atá ar an nGarda Síochána faoi fho-alt 33(2) d’Acht an Gharda Síochána, 2005.”

Bunú an stáit

Dúirt Ó Domhnaill ina thuairisc gur aithníodh ó aimsir bhunaithe an stáit an tionchar diúltach a bhí ag oifigigh stáit gan Ghaeilge ar lagú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dúirt sé go ndearnadh an chéad Choimisiún Gaeltachta tagairt shonrach don ábhar seo “chomh fada siar le 1926”.

“Údar díomá (é), agus bonn faoi chóras riaracháin an Stáit le beagnach céad bliain, go bhfuil na breithnithe ón am sin ina n-ábhar tuarascála chuig Tithe an Oireachtais in 2021,” a dúirt sé.

“Is ar Thithe an Oireachtais a thiteann sé anois aon chéimeanna breise a thógáil, má mheastar gur cuí sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.