An tSeanmóir don Domhan

Is mallaithe don té a theitheann ón ainnise, mar tá sconsa de shreang dheilgneach ag feitheamh leis.

Agus nuair a chonaic Rí an Domhain na sluaite a bhí le héisteacht leis agus le féachaint air, agus nuair a chuir a chuid giollaí an smideadh air, agus nuair a bhí cleachtadh déanta aige go minic os comhair an scáileáin agus oiliúint fálta aige ón muintir ar íocadh chuige sin iad, shuigh sé os comhair na gceamaraí amach, agus d’oscail sé a bhéal, agus theagaisc sé iad agus is ea adúirt:

Is mallaithe do na bochta sa spioraid nó sa phóca, mar ní bhfaighidh siad tada sa ríocht seo.
Is mallaithe dóibh siúd atá umhal, mar ní bhfaighidh siad faic a’ bharra gan é a thógaint le lámh láidir.
Is mallaithe do lucht an dobhróin, mar is cinnte nach bhfaighidh siad sólás ar bith uainne.
Is mallaithe don mhuintir a bhfuil ocras agus tart orthu, mar pioc ní bhfaighidh siad ó bhord na ndaoine ramhra.
Is mallaithe do na daoine a bhfuil tart na córa agus na fíréinteachta orthu, mar déanfar gáire fúthu.
Is mallaithe do lucht na trócaire a dhéanamh, mar ní léireofar aon trócaire dóibh.
Is mallaithe do lucht an chroí ghlain, mar is beag duine eile atá cosúil leo.
Is mallaithe do lucht na síochána a dhéanamh, mar ní thabharfar cluas le héisteacht dóibh.
Is mallaithe do lucht na cothromaíochta a chothú, mar déanfar magadh fúthu.
Is mallaithe don mhuintir a fhulaingíonn crá ar son an chirt, mar ní leo reacht ná dlí ná cóir ná flaitheas.
Is mallaithe do na daoine a ndéantar spídiú agus ciapadh orthu agus an uile shaghas tromaíochta éithigh, mar leanfar de bheith ag déanamh spídiú agus ciapadh agus an uile shaghas tromaíochta éithigh orthu.
Is mallaithe don phobal atá i ngéibheann i ngeiteo, mar is gairid go scuabfar amach as iad.
Is mallaithe don leanbh atá ar easpa bia de dheasca gorta an duine, mar ruainne ní bhfaighidh sé.
Is mallaithe don té a thiomáineann otharcharr i gceantar cogaidh, mar séidfear san aer é.
Is mallaithe do na haltraithe san ospidéal faoi ionsaí, mar gheobhaidh siad riar na héagóra.
Is mallaithe don iriseoir a thuairiscíonn cad tá ar siúl, mar cuirfear corc ina bhéal agus piléar trína cheann.
Is mallaithe dóibh siúd a bhfuil teach le cónaí ann acu, mar séidfear san aer é.
Is mallaithe dóibh siúd ar thit an teach orthu, mar ní bhfaighfear beo iad faoin smionagar.
Is mallaithe don mhúinteoir cois claí a bhfuil rud éigin le teagasc aige, mar ní fada eile a bheidh.
Is mallaithe don té a ndéantar ciapadh coirp air sa seomra dorcha le hionstraimintí an stáit, mar ní chloisfidh cluasa bodhra uaill a phéine.
Is mallaithe don amadán a lasann coinneal faoi bhéal árthaigh, mar múchfar é go grod.
Is mallaithe don tráill a éalaíonn óna mháistir, mar tá tráill eile ag feitheamh leis.
Is mallaithe dóibh siúd ar salann an tsaoil iad, mar tá praghas an tsalainn thar a bheith suarach anois.
Is mallaithe don mhuintir atá ina gcónaí i gcathair ar chnoc, óir ní féidir a fholachadh ó na buamaí.
Is mallaithe don té a theicheann ón ainnise, mar tá sconsa de shreang dheilgneach ag feitheamh leis.
Is mallaithe don té a chuireann an sconsa de shreang dheilgneach thairis, óir tá an gaineamhlach roimhe amach.
Is mallaithe don teifeach ó uafás an chogaidh agus an ocrais, mar is ródhócha go mbáfar san fharraige é.
Is mallaithe don díbeartach a shroicheann tearmann slán, mar déanfar a áras a loscadh.
Is mallaithe don Chríostaí aneas a shíl go raibh Críostaithe ó thuaidh, mar beidh breall air.
Is mallaithe don duine a shíl go raibh cearta daonna ann, óir, cad iad sin?
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar