Gá le héiteas dátheangach a thógáil ón mbun arís

Baintear úsáid as seirbhísí i nGaeilge nuair a bhíonn fáil orthu

FOCLÓIR: Taighde - research; gníomhairí - agents; údar - cause; riachtanais shainiúla - specific needs; comhthéacs - context; earcaigh - recruits; trédhearcach - transparent; ganntanas - shortage; éiteas - ethos.

Ó aimsir bhunaithe an stáit, aithníodh an tionchar diúltach a bhí ag oifigigh stáit gan Ghaeilge ar lagú na Gaeilge mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta.

Sin a scríobh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina thuairisc sular chuir sé faoi bhráid Thithe an Oireachtais é an tseachtain seo caite.

Leis an bpointe sin a léiriú, thagair Ó Domhnaill don téacs seo as tuairisc Choimisiún na Gaeltachta (1926):

READ MORE

‘Ionas go dtuigfí an scéal go hiomlán, níor ghá ach beairic de chuid an Gharda Síochána ina bhfuil Gardaí ar Béarlóirí iad a shamhlú i gceartlár ceantair Ghaeltachta; nó Oifig Poist i mbaile Gaeltachta nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith inti; nó oifigeach nach bhfuil Gaeilge aige de chuid na Roinne Talmhaíochta, nó na Roinne Custam agus Máil, ag feidhmiú as measc phobal na Gaeltachta. Is gníomhairí díreacha iad na hoifigigh seo maidir le bunú agus leathadh an Bhéarla.’

“Údar díomá, agus bonn faoi chóras riaracháin an Stáit le beagnach céad bliain, go bhfuil na breithnithe ón am sin ina n-ábhar tuarascála chuig Tithe an Oireachtais in 2021,” a scríobh Ó Domhnaill agus é ag tagairt don líon íseal Gardaí le Gaeilge atá sa Ghaeltacht.

Seachtain roimhe sin tuairiscíodh gur diúltaíodh d’iarratais i nGaeilge ar shaorántacht Éireannach a rinne beirt de bhunadh na Síne. Iarradh orthu na foirmeacha a chomhlíonadh arís ach é sin a dhéanamh i mBéarla. Shílfeá go mbeadh fáilte agus fiche roimh iarracht na beirte ach meon dúr, cúng, aineolach a léiríodh.

Nár thráthúil é gur thart ar an am céanna ar tháinig deireadh le díospóireacht Chéim an Choiste den Bhille Teanga a tháinig scéal Fangzhe Qui agus a bhean chéile Lijing Peng chun solais?

Bille é sin dar ndóigh atá in ainm is cearta teanga a láidriú chun freastal cuí a dhéanamh ar riachtanais shainiúla agus ar éilimh phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar sheirbhísí stáit ina dteanga féin.

Agus is léir gur éilimh iad seo atá láidir ar fud na Gaeltachta.

De réir ‘Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht’ ar ghlac os cionn 1,000 teaghlach Gaeltachta páirt ann, léiríodh go sonrach go mbaintear úsáid as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht nuair atá siad ar fáil.

Tuairiscíodh sa suirbhé, a reáchtáil Tuismitheoirí na Gaeltachta, go bhfuil 81 faoin gcéad de theaghlaigh a ghlac páirt sa suirbhé “a bhaineann, a bhain nó a bhainfeadh úsáid” as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht ach iad a bheith ar fáil. Léiríodh freisin go bhfuil líon mór (48 faoin gcéad) de phobal na Gaeltachta a dúirt nach raibh seirbhísí teaghlaigh ar fáil dóibh nó nach raibh aon eolas acu fúthu.

Baintear úsáid as seirbhísí i nGaeilge nuair a bhíonn fáil orthu.

Bille Teanga
Maidir le heaspa seirbhísí, níl aon cheist faoi ach go bhfuil go leor ag brath anois ar an mBille Teanga nuachóirithe.

Caitheadh dúthracht nach beag sa Dáil ag plé an 308 leasú a moladh ar an mBille úd. Níor glacadh le formhór na leasuithe sin. Ba aisteach sin, ach cuireadh fáilte roimh an méid a bhí le rá ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers nuair a d’admhaigh sé go raibh sé riachtanach sprioc shoiléir dhleathach a chur leis an bplean.

Faoin mbliain 2030, tá sé beartaithe go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.

Níorbh éilimh mhíréasúnta mórán de na leasuithe a diúltaíodh. Níor ligeadh ar aghaidh iad, ach ní hé sin deireadh an scéil.

Tá deis ann an reachtaíocht a láidriú fós agus beidh an tAire Chambers agus oifigigh Roinn na Gaeltachta ar a ndícheall agus iad ag ullmhú a gcuid moltaí anois do Chéim na Tuarascála (an chéad chéim eile sa phróiseas).

Is cinnte go mbeidh athruithe bunúsacha agus smaointeoireacht nua ag teastáil má táthar chun freastal a dhéanamh go cóir ar phobal na Gaeilge.

D’imigh an t-éiteas dátheangach a bhí sa stát chóras le cinneadh an rialtas stádas na Gaeilge a chur ar leataobh i 1974. Agus gan amhras cuirfear i gcoinne aon athruithe fónta a dhéanfadh leas na teanga sa chóras.

Beidh ar na polaiteoirí agus ar na hoifigigh an dúshlán sin a fhreagairt.

Tá sé i gceist, taobh istigh de sé mhí tar éis don Bhille a bheith achtaithe go mbunófar Coiste Comhairleach agus go mbeidh sé de dhualgas ar an gcoiste sin Plean Náisiúnta Earcaíochta trédhearcach don státseirbhís a fhoilsiú laistigh de dhá bhliain.

Beidh ar an gcoiste seo na riachtanais phráinneacha a aithint agus is cinnte gur cheart go mbeadh tionchar ag an earnáil thríú leibhéal agus ag saineolaithe ar theanga sa tsochaí ar an bpróiseas sin.

Má táthar chun a chinntiú nach leanfar leis an neamhaird a bhfuil a fréamhacha go domhain anois sa chóras, caithfear caidreamh buan a chothú idir foireann Roinn na Gaeltachta agus na comhlachtaí agus ranna Stáit.

Is ar bhonn costais don chuid is mó a dhícheadaigh Oifig na mBillí i dtithe an Oireachtais na leasuithe sa Bhille Teanga ach tá sé ríthábhachtach go gcuirfí na hacmhainní cearta ar fáil chun an reachtaíocht a chur i bhfeidhm i gceart.

Beidh gá le scéimeanna agus cúrsaí oiliúna a chur ar bun; beidh gá le daoine atá inniúil ar an teanga a earcú sna heagrais stáit. Beidh gá le hacmhainní suntasacha foirne agus airgeadais chun go bhféadfar dul i bhfeidhm i gceart ar an gcóras.

Mura gcuirtear na hacmhainní seo ar fáil, teipfidh ar an iarracht.

Nuair a bheidh acht teanga fiúntach i réim, don chéad uair le leathchéad bliain anuas beidh an stát ag rá le daltaí scoile a bhfuil ardchumas acu sa Ghaeilge go mbeidh postanna fiúntacha ar fáil dóibh sa chóras agus go mbeidh cearta acu dul chun cinn a dhéanamh ar an mbonn céanna leis na hoifigigh aonteangacha.

Beidh obair le déanamh sna meánscoileanna agus sna hollscoileanna le daoine a mhealladh le cur isteach ar na poist seo.

Tamall beag de bhlianta ó shin, d’ admhaigh Príomhchigire an Roinn Oideachais, an Dr Harold Hislop, go raibh fadhb ann maidir le caighdeán mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.

Is fáinne fí é. De bharr go bhfuil an laige sin ann bíonn sé deacair i gcónaí múinteoirí a earcú atá lán-oilte agus lán-inniúil ar an nGaeilge agus a bhfuil ar a gcumas an teanga, agus na scileanna cuí, a chothú agus a fhorbairt ina gcuid scoláirí.

Sa chomhthéacs seo cuireadh ionadh agus díomá ar go leor daoine nuair a d’fhoilsigh an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais Simon Harris straitéis trí bliana don tríú leibhéal. Ní raibh focal ann faoin nGaeilge.

Cé a shílfeadh go bhféadfaí an tsúil a dhúnadh go hiomlán ar an teanga náisiúnta i straitéis ardoideachais?

Níor deineadh tagairt don dualgas ar leith atá ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh maidir le Gaeilge nó don mhéid atá á dhéanamh ann chun an dualgas sin a chomhlíonadh. Níor luadh na ranna agus ionaid láidre teanga atá sna coláistí tríú-leibhéil eile. Agus níor moladh réiteach ardoideachais ar an nganntanas múinteoirí le hardchumas Gaeilge.

Má tá sé mar sprioc sa Bhille Teanga go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua sa chóras poiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030 beidh gá le hionchur suntasach ó institiúid thríú leibhéal. B’fhéidir anois go bhfuil sé in am ceist Ollscoil Ghaeltachta a phlé !

Cuimhneachán
D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Catherine Martin clár na gcuimhneachán 1912-1923 an tseachtain seo caite. Fógraíodh infheistíocht shuntasach i dtaispeántais nua agus i gcoimisiúin ealaíonta chun comóradh cultúrtha a dhéanamh ar na príomh chuimhneacháin chéad bhliain.

Nach comóradh níos buaine ar 100 bliain an stáit a bheadh ann an cultúr diúltach sa státchóras a chur ar leataobh agus an t-éiteas dátheangach úd a caitheadh i dtraipisí i 1974 a thógáil ón mbun arís?

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.