Lean ar Aghaidh

Fighting Words 2021: A poem by Sarah Little (18), Loreto Secondary School, Bray, Co Wicklow


Lean ar Aghaidh
Eitlíonn na héin sa spéir
Ag glioscarnach faoin ghrian
Ach féachaim tríd an bhfuinneog

Ardaíonn na bláthanna a gcinn
Agus tógann siad a gcéad anáil
Ach féachaim tríd an bhfuinneog

Déanann na cait a gcuid damhsa
Ag rolladh go leisciúil ar na sráideanna teo
Ach féachaim tríd an bhfuinneog

Leanann an domhan ar aghaidh
Ach féachaimid tríd an bhfuinneog

Fighting Words is an Irish charity that helps children and adults to develop their creative writing skills. This is part of their annual publication with The Irish Times