Caithfear a rá gur fhéile den scoth a bhí i Seachtain na Gaeilge i mbliana maidir le haitheantas agus stádas na teanga. Bhí na himeachtaí pobail i gcróilár na féile arís ach i mbliana fógraíodh méid mór maoinithe d’earnáil na n-ealaíona teangabhunaithe agus na leabhar Gaeilge.
Ag caitheamh súil siar dúinn:
· Reáchtáladh Cruinniú mhíosúil Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath as Gaeilge. Ag an gcruinniú stairiúil sin tugadh léargas leathan ar réimse gníomhaíochtaí agus beartas atá idir lámha ag an gComhairle chun an teanga a chur chun cinn sa phríomhchathair. Más féidir le Baile Átha Cliath é a dhéanamh, cén fáth nach bhféadfadh comhairlí eile an dea nós nua a leanacht?
· Thug Aire Oideachais Stormont, Paul Givan ón DUP cuairt ar Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn i gCo Thír Eoghain. Cáineadh Paul Givan roinnt blianta ó shin nuair a chuir sé deireadh le maoiniú do scéim foghlama Gaeilge agus é ina Aire Pobal. Dúirt Givan le linn a chuairte go ndéanfadh sé a dhícheall ar son an Ghaeloideachais. An tseachtain chéanna, rinne Conradh na Gaeilge cur i láthair a bhí go hiomlán i nGaeilge os comhair coiste i dTionól Thuaisceart Éireann. Cé gur tús maith a bhí ann agus go bhfuil luach agus tábhacht ar leith leis na heachtraí seo, beidh súil ghéar á choinneáil ag pobal na Gaeilge ar pholasaithe agus ar bheartais na n-aireachtaí.
· D’fhógair an Roinn
Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán straitéis agus scéim nua mhaoinithe a bhfuil luach €20m uirthi d’eagrais Ghaeilge sa phobal, do na healaíona teangabhunaithe, agus do dhaoine óga sa Ghaeltacht. Leagtar amach sa straitéis bealaí chun na healaíona teangabhunaithe a chur chun cinn agus a neartú sa phobal agus bealaí chun iad a bheith san áireamh sa chóras oideachais agus sa chóras luathbhlianta.
Táthar ag súil go gcuirfidh sé seo bonn níos láidre faoi na healaíona teangabhunaithe.
· D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ciste maoinithe chun athchló a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge. Tá deontas de €289,030 ceadaithe d’Fhoras na Gaeilge chuige sin anois. Mar a dúradh ag am a sheolta, ba cheart go mbeadh rogha leathan leabhar ar fáil do phobal na Gaeilge “a chlúdaíonn réimse fairsing spéiseanna, ábhar agus seánraí agus a dhéanann freastal ar leibhéil éagsúla chumais agus líofachta.”
Is féile chultúrtha go príomha í Seachtain na Gaeilge dar ndóigh, ach lena linn tugtar deis freisin d’eagrais stáit agus do chraoltóirí cur le stádas na teanga trí bhlúiríní beaga a dhéanamh as Gaeilge anseo agus ansiúd. Ba dheas an rud é an teanga a chloisteáil á labhairt ar phríomh-bhealaí na tíre le linn na coicíse atá thart. Ach nach bhféadfaí, amach anseo, níos mó ná ‘Tá fáilte romhat’ nó ‘Slán leat’ a rá agus agallamh iomlán Gaeilge a chur ar dhaoine ó am go chéile?
Agus níos fearr fós, seachas deireadh a chur leis an nós nuair atá Seachtain na Gaeilge 2024 tagtha chun críche, cén fáth nach féidir leanacht le nósmhaireacht úsáid na Gaeilge? Coscann rialacha neamhscrite cainte é sin faoi láthair, is léir, ach nár cheart an fhaill a thapú agus tabhairt faoi thionchar na ngnásanna teanga atá i réim sa tír a laghdú?
- Listen to our Inside Politics Podcast for the latest analysis and chat
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date