Torann an domhain

Sna seanscéalta théadh an gaiscíoch ó íochtar an domhain go huachtar an domhain d'fhonn gníomh gaile éigin a dhéanamh. Dá shimplíocht…

Sna seanscéalta théadh an gaiscíoch ó íochtar an domhain go huachtar an domhain d'fhonn gníomh gaile éigin a dhéanamh. Dá shimplíocht í an aigne tuaithe a ghéill do na piseoga ba shaonta amuigh, ní móide gur ghéill siad puinn don laochas seo, ach amháin i ndoircheacht a n-aigne laistigh.

Rud amháin ba ea a chreidiúint go bhféadfadh bainne a d'ólfaí as blaosc manaigh ar éirí gréine maidin Aoine an Chéasta, go bhféadfadh sé an galar dubhach a leigheas. Rud eile ar fad ba ea turas go dtí an Tobar ag Deireadh an Domhain chun fód móna a bhreith abhaile.

Gan an tobar a bhac, is ag triall ar an tóin in íochtar an domhain a bhí cabhlach Shasana an lá breá gréine buí sin ar sheol siad siar ó dheas as Portsmouth de dheasca an ionsaithe a dhein an Airgintín ar na hOileáin Malvinas dóibh siúd, nó ar na hOileáin Fálclainne don dream eile, tá cúig bliana fichead ó shin. B'fhearr Ultima Thule a thabhairt orthu, nó ball éigin laisteas de sin ar imeall na faille. Measa ná móinteach Leódhais iad, ná Inis Oirc an lá is suairce a bheadh siad, ná Rockall le clúdach clúimh, ná Carraig Aonair agus cór corréisc á tionlacan.

Ní raibh de leithscéal dul chun cogaíochta ina dtaobh ach an troid faoin easair fholamh, troid na mbó maol, an sceanra a chroitheadh. Ní hé nach raibh cearta ag pobal na n-oileán go díreach mar atá ag pobail eile. Bhí agus tá.

READ MORE

B'é a scanraigh daoine dalbacht na nAirgintíneach ag gabháil d'ionsaí gan choinne gan iarraidh, agus tugthacht na Sasanach tur te dul chun cogaidh. Níor imigh lá gan nath nárbh fhiú braon fola an orlach talún is lú, nárbh ann don chúis a thabharfadh cead morálta cogadh a fhearadh. B'é sin ceartchreideamh na huaire, agus b'fhéidir gurb é an creideamh ceart é i gcónaí. Ach aon phioc de níor chreid rialtas Shasana. Aon phioc de níor chreid siad riamh.

Ní raibh againne ach na pictiúir teilifíse. Is é a chonaiceamar na sluaite gan áireamh de ghnáthphobal na tíre ag fágaint slán ag an gcabhlach agus iad ag seoladh an loch amach siar ó dheas. Bratacha agus meirgí agus gach liú fiaigh uathu. B'é seo athSuez dóibh mar is athVítneam í an Iaráic do na Meiriceánaigh. Chuaigh taidhleoireacht agus carthanacht agus caint chiúin agus na súáilcí boga an loch amach leo. B'í seo an Impireacht ghlórmhar arís agus a cuid crobhingne ar fhis go fiata. B'é ba scanrúla ná gur theastaigh cogadh ó na Sasanaigh go dóite. B'é an cogadh an chéad chloch ar an bpaidrín, an chéad urchar sa chranntabhail, an chéad rogha ar chlár na boise - agus an t-aon rogha amháin, dar leo.

Ba dheacair dúinne teacht eatarthu. Dul idir faisisteach lándéanta míleata agus ábhar faisistigh ina meon is ina hiompar. Dul idir Gealtíidhéirí agus Bean an Tuíodóra ba bheag an dul as é. Chuaigh Cathal Ó hEochaidh eatarthu, agus ba bheag duine a bhí buíoch de.

Tá seo fós ar cheann de na heachtraí is diamhaire i stair an Chathail chéanna. An amhlaidh go raibh pus air de thoisc nár éirigh leis iníon an Tuíodóra a bhréagadh lena chiteal airgid, nó an raibh creideamh éigin neamhimpiriúlach i bhfolach laistigh den bhlaosc dholéite sin? Mar is amhlaidh gur fhógair sé go raibh Éire feasta neodrach sa chogadh tar éis gur scriosadh an long chogaidh Airgintíneach an Belgrano. Chuir seo an Thatcher ar mire. Déarfaí go gcaithfidh gur rud maith a bhí ann an bhean chéanna a chur ar mire. Bean fhiata ar fiuchadh go fraochta. Bean fhraochta ar phléascadh go fiata. B'í uain bheo Chathail Uí Eochaidh í, b'í uair na glóire aige í. B'é ráiteas pholasaí neamhspleách na hÉireann é don uair dheiridh. Mar dhuine ar leith, bhí a fhios agat gur thuig an t-oileánach Haughey don oileándacht seo ionainn, ach nár thuig don oileándacht eile.

Bhí eachtra thraigéideach na Fálclainne ar cheann de mhórghlóirí na tíre seo. Sheasamar an fód. Níor shlogamar an sluasmaoineamh Eorpach, ach oiread leis an Iodáil. Ligeamar orainn ar feadh seal go raibh polasaí neamhspleách againn maidir le cúrsaí an domhain mhóir. Agus níl aon chúis agat ar a bheith id stát neamhspleách mura bhfuil agat polasaí neamhspleách eachtrannach. Is fada anois uainn monabhar a scaoileadh a chuirfeadh isteach ar na máistrí atá os ár gcionn, ná ar lucht an sparáin.

Chualamar torann an domhain ó thóin an domhain cúig bliana fichead ó shin, agus chuamar i bhfolach gan gíocs ná míocs ó shin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar