Bia agus deoch don Nollaig, éadach nua don Cháisc – seanfhocal atá ina mhacalla ón am atá thart. Ar na saolta seo, ní beag an t-airgead a chaitear ar bhia, ar dheoch, ar éadach agus ar go leor eile ag an am seo den bhliain. Ach seachas na pinginí a chur i bpócaí na siopaí móra, is féidir na hearraí seo a cheannach agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí a oibríonn a bheag nó a mhór trí Ghaeilge!
Bia agus deoch
Drioglann Chroithlí: Triúr cairde a bhunaigh Drioglann Chroithlí i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall in 2018. thecrollydistillery.com
Four Provinces: Feargal Chambers as Baile Átha Cliath a bhunaigh an ghrúdlann seo. ‘Beoir na nGael’ a thugann siad ar a gcuid beorach - agus, le hainmneacha ar nós Gob Fliuch, Láidir agus Fad Lae acu ar a gcuid beorach, ní maíomh gan údar é. Cloistear Gaeilge go minic sa teach tábhairne atá acu i gCamaigh, BÁC 6, agus is féidir boscaí beorach a ordú ón suíomh. fourprovinces.ie
Tigh Chadhain nó Coynes Gastropub & Pantry: Suite i gCill Chiaráin i lár Ghaeltacht Chonamara. Tá thrí ghnó ar an láthair anseo, beár, bialann agus An Pantraí, siopa ina ndíoltar earraí áitiúla as Conamara agus na Gaeltachtaí eile ar fud na tíre. Ar bhiachlár Thigh Chadhain tá Seabhdar Bia Mara, Mairteoil na hÉireann Galstofa go Mall, Iasc agus Sceallóga, Painíní Meicsiceach, i measc go leor eile. coynesgastropub.ie/pantry
READ MORE
An Nead: Cupán, comhrá agus cultúr! D’oscail Muineachán le Gaeilge caifé Gaelach i mbaile Mhuineachán an mhí seo caite. Tá siopa beag ann leis ina bhfuil earraí Gaeilge ar díol, chomh maith le spás chun imeachtaí sóisialta a reáchtáil. 19/20 Sráid na Páirce, Muineachán/Cuartaigh ‘An Nead’ ar facebook.
Cáis Buabhaill Mhaigh Chromtha: Ní féidir a bheith ag seoladh na mbó is á mbleán ag an am céanna, a deirtear, agus is dócha gur fíor don bhuabhall é sin chomh maith. Ach rud amháin atá cinnte faoin mbuabhall ná gur féidir go leor cineálacha cáise a dhéanamh as a chuid bainne. Ó burrata agus mozzarella go ricotta agus bocconcini, déantar cáis fholláin nádúrtha atá saor ó ghlútan agus oiriúnach d’fheoilséantóirí. Ar an suíomh idirlín tá liosta siopaí ina bhfuil a gcuid cáise ar díol, agus is féidir turas feirme a chur in áirithe freisin. macroombuffalocheese.com
Folláin: Eithne Uí Shiadhail agus Máirín Uí Lionáird a bhunaigh an comhlacht suibhe seo i dtús na n-ochtóidí. Tá réimse leathan táirgí agus féiríní (ina measc tá ‘Dhá lá déag na Nollag’, 12 phróca bheaga suibhe) ar fáil ar shuíomh idirlín an chomhlachta. follain.ie/ga/shop/
Margadh na Nollag, Múscraí: Is fiú cuairt a thabhairt ar shuíomh Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Teoranta, áit a bhfaighidh tú eolas ar chistí Nollag, turcaithe cré-umha agus saor-raoin, Cáis Chúil Aodha, coinnle céarach beach áitiúla, leabhair i nGaeilge, agus go leor eile fós.
Grúdlann na nDéise: Grúdlann neamhspleách é seo a thairgeann beoir agus leann ar ardchaighdeán. Is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Jen nó le Cormac. dungarvanbrew.com
Tigh Mhic Thaidhg: Bhuaigh Aoife Nic Gabhann duais i nGradaim Gnó na hÉireann i mbliana as an gceannaireacht nuálach a léirigh sí agus í ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh sa bheár seo atá lonnaithe sa Bhoth, i gCo Mhuineacháin. Bhuaigh an beár féin bonn óir as an tseirbhís i nGaeilge agus boinn chré-umha as an gcomharthaíocht agus margaíocht. instagram.com/mccaguesbar/
Siopaí leabhar agus eile
Siopa.ie: Suíomh é seo atá breac le hearraí Gaelacha, ina measc tá cluichí boird agus acmhainní foghlama, agus is féidir cúrsaí Gaeilge a chur in áirithe anseo freisin. siopa.ie
Siopa Údar: Siopa ar líne Ghlór na nGael. Tá leabhair Ghaeilge do pháistí agus d’aosaigh acu, éadaí le dearaí Gaelacha, coinnle Nollag agus cluichí teanga spreagúla a chabhraíonn leis an bhfoghlaimeoir Gaeilge, chomh maith le raon leathan táirgí eile – ó chártaí beannachta go bronntanais cheardaíochta. siopaudar.ie
Siopa An Carn: Bóthar Thír Chiana, Co. Dhoire: Siopa Chumann Pobail Charn Tóchair. Tá lear mór leabhar in Siopa An Carn, i nGaeilge agus i mBéarla, cártaí beannachta dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar teagaisc, bronntanais Ghaeilge agus a lán eile. siopaancarn.com
An Ceathrú Póilí: Lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, siopa leabhar neamhspleách is ea An Ceathrú Póilí. Is mol cultúrtha agus litríochta é an siopa seo le breis is 3,000 teideal, rogha mhaith cártaí agus ceoil ar fáil. anceathrupoili.com/ga
An Siopa Leabhar: Más Fáinne na Gaeilge nó leabhair, saothair bhéaloidis, úrscéalta nua‑aimseartha nó clasaiceacha nó féiríní eile atá uait, b’fhiú cuairt a thabhairt ar shiopa Chonradh na Gaeilge ar Shráid Camden. Tá athchóiriú á dhéanamh ar fhoirgnimh an Chonartha ag 6 Sráid Fhearchair i láthair na huaire ach is féidir leabhair nua agus athláimhe a fháil, chomh maith le go leor eile. siopaleabhar.com/ga
Cló Iar-Chonnacht: Foilsitheoirí leabhar atá lonnaithe sa Spidéal. Tá rogha mhór ar fáil d’aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach d’aoisghrúpa ar bith mar bhronntanas Nollag. Tá sladmhargadh ar siúl faoi láthair le lascaine suas le 50 faoin gcéad ar fáil. cic.ie
Leabhar Breac: Comhlacht beag foilsitheoireachta suite i gClochar an Locha i nGaeltacht Chonamara é Leabhar Breac. Tá raon leathan leabhar ar fáil - ina measc tá ficsean, neamhfhicsean, úrscéalta grafacha, leabhair do dhéagóirí, filíocht agus drámaíocht. Tá lascaine 50 faoin gcéad ar fáil ar gach leabhar dóibh siúd a bheidh cláraithe roimh 17 Nollaig. leabharbreac.com
Éabhlóid: Tá an foilsitheoir seo lonnaithe sa Ghaeltacht freisin. Tá cnuasaigh gearrscéalta agus filíochta, úrscéalta, béaloideas, dánta agus rogha leathan ceoil ar fáil.eabhloid.com
Futa Fata: Ó leabhair go dlúthdhioscaí agus ó áiseanna scoile go pictiúirleabhair, tá réimse mór leathan ar fáil ar shuíomh Futa Fata ag futafata.ie
Earraí Eile
Mara Duit: Tá Gaeilge ag Daidí na Nollag! Ó mhálaí galánta go hataí teo teolaí, cupáin in-athúsáidte agus cártaí Nollag, díolann Mara Duit réimse maith féiríní. maraduit.com.
Nine Arrow: ‘Tá draíocht anseo’ a deir mana ar shuíomh an ealaíontóra Catherine Geaney. Agus níl aon cheist faoi ach go bhfuil – tá raon leathan priontaí agus póstaer ar nós Féileacáin na hÉireann, Sliogáin Mhara na hÉireann agus go leor eile ar díol aici ar shuíomh Nine Arrow. Tá lear mór éadaí, greamáin agus suaitheantais ar díol aici freisin. Bhuaigh Catherine bonn i nGradaim Gnó na hÉireann i mbliana. ninearrow.com
Kinia: Is fiontar sóisialta neamhbhrabúis oideachais é Kinia. Mar chuid den fhiontar sóisialta, díolann Kinia roghanna bronntanais do pháistí a dhíríonn ar STEM. Tá táirgí ar fáil as Gaeilge agus as Béarla. shop.kinia.ie
Rí na Mara: Smideadh agus táirgí eile. Rinamara.com
Cniotáil Inis Meáin Teo: Bhunaigh Tarlach de Blácam agus Áine Ní Chonghaile an comhlacht seo in 1976. Déanann an comhlacht píosaí cniotála uathúla as an snáth is fearr, iad ar fad críochnaithe de láimh. Is féidir teacht ar a dtáirgí i siopaí ar fud an domhain. inismeain.ie
Gaeilgheansai.com: Gaeilgeoirí dílse atá ag iarraidh mórtas as an teanga a fhorleathnú. I measc go leor eile, tá hataí, geansaithe agus t-léinte le inscribhinní i nGaeilge orthu ar díol. Gaeilgheansai.com
An Spailpín Fánach: Tá rogha mhaith t-léinte agus geansaithe d’ardchaighdeán ar díol le manaí agus dearaí don uile dhuine. Tá geansaithe Nollag do dhaoine fásta agus do pháistí ar díol chomh maith le cártaí Nollag. spailpin.com
Mada Rua Píoba Uilleann: Píoba uilleann lámhdhéanta ag Aodán (Jaff) Mac Séafraidh leis na hábhair thraidisiúnta is fearr, agus déanta ar ordú le riar ar riachtanais lucht foghlama agus píobairí oilte déanta araon. Irishpipes.org
Bronntanais i dteangacha Ceilteacha:
Gaelg: Learnmanx.com
Gàidhlig: Brochan.teemill.com
Cymraeg: Adrahome.com/cy














