Bunchlocha na tíorántachta agus na saoirse

Cad iad na ceachtanna is féidir a fhoghlaim ón stair i dtaca leis an tsaoirse?

Uachtarán Mheiriceá Donald J Trump. Grianghraf: Brendan Smialowski/AFP/Getty Images
Uachtarán Mheiriceá Donald J Trump. Grianghraf: Brendan Smialowski/AFP/Getty Images

Thart ar an am a toghadh Donald Trump dá dara théarma, d’fhág Timothy Snyder, staraí saineolach ar thréimhse na hEorpa faoi Hitler agus Stalin, a phost ollúnachta in Ollscoil Yale le dul chuig Ollscoil Toronto i gCeanada. Tuairimíodh agus tuairiscíodh ar na meáin shóisialta gur fhág sé na Stáit Aontaithe mar gheall ar Trump. Ach shéan Snyder é sin in alt sa Yale Daily News. Níor fhág sé mar gheall ar Trump, d’fhág sé mar gheall ar a bhí ag titim amach in ollscoileanna na tíre, a dúirt sé.

Ach, mar sin féin, dúirt sé go dtuigfeadh sé é dá bhfágfadh daoine mar gheall ar Trump, go mba cinneadh réasúnta a bheadh ann. Dar leis, “is é gnó na hollscoile cúinsí na saoirse a chruthú agus a léiriú. Sin an príomh-fáth go ndéanann tíoránaigh ionsaí ar ollscoileanna ar dtús”.

An staraí Timothy Snyder. Déanann sé idirdhealú idir mhargaidh shaora, a luaitear go minic, agus daoine saora, nach luaitear minic go leor dar leis. Grianghraf: Ulrich Baumgarten/Getty Images
An staraí Timothy Snyder. Déanann sé idirdhealú idir mhargaidh shaora, a luaitear go minic, agus daoine saora, nach luaitear minic go leor dar leis. Grianghraf: Ulrich Baumgarten/Getty Images

Bhain leabhar Snyder, On Tyranny, cáil amach le linn chéad tréimhse Trump. Agus le hais an dara huair a toghadh Trump, in 2024, foilsíodh On Freedom, cuid de scríofa aige san Úcráin faoi ionsaí na Rúise. Agus muidne anseo ag comóradh 110 bliain ó Eirí Amach na Cásca taca an ama seo (24 Aibreán 1916) agus na Stáit Aontaithe ar thairseach comóradh 250 bliain óna neamhspleáchas, is fiú machnamh ar ‘chúinsí na saoirse’ mar atá léirithe agus leagtha amach ag Snyder.

Dar leis, tá cúig thréithe riachtanacha don tsaoirse: ceannas, dothuarthacht, soghluaisteacht, fíriciúlacht agus dlúthpháirtíocht.

I gCogadh na Saoirse anseo, bhíomar ag cuardach ceannais ón mBreatain. Ach ní leor sin dar le Snyder. Is rud dearfach seachas diúltach í an tsaoirse. Caithfear breathnú uirthi ní mar saoirse ó rud éigin ach saoirse chun rud éigin a bhaint amach.

Tá ról lárnach mar sin ag Coimisiún na Meán anseo ní amháin ar rialacháin na meán sóisialta ach ag tacú leis na meáin neamhspleácha, idir nuachtán agus chraoltóireacht

Tá macalla anseo le léirmheas a deirtear a thug Micheál Ó Coileáin le linn an cur agus cúiteamh ar an gConradh Angla-Éireannach: go raibh fáil ann ar an tsaoirse le saoirse a bhaint amach. Léirítear cinniúint dhifriúil freisin ó chuile cheannas nó chuile neamhspleáchas agus, dar le Snyder, tá saoirse i gcónaí le foirfiú. Luann sé ráiteas John Lewis, leathbhádóir Martin Luther King, sna 1960idí, go raibh réabhlóid 1776 fós le críochnú. Tá sin le feiscint in Éirinn freisin agus difríocht shuntasach idir fhís Eirí Amach na Cásca agus fíricí an tSaorstáit agus na Poblachta a tháinig ina dhiaidh.

Tagann an chinniúint dhifriúil sin as dothuarthacht. Maíonn Snyder go raibh an chomhréir agus an gnás mar bhunús le daoirseacht Hitler agus Stalin, agus mar sin go bhfuil splanc athrú aigne agus athrú treo mar bhunchloch sa tsaoirse. Ag tagairt d’iliomad scéalta ó Oirthear na hEorpa faoi thionchar an Aontais Shóivéadaigh, scríobhnóireacht Vaclav Havel ina measc, léiríonn sé dainséir an normalaithe agus an ghrúpsmaoinimh. Ceanglaíonn sé é sin le meáin shóisialta ár linne, na halgartaim ag cruthú smaointe gan smaointeoir, cinnireacht gan ceannaire, agus daoine fós dá leanúint mar thaoide. Sin an difríocht idir a bheith saor agus a bheith saorga.

On Freedom le Timothy Snyder
On Freedom le Timothy Snyder

Cothaíonn rogha tuairimí agus athrú aigne soghluaisteacht. Cá bhfios cá ngabhann sin? Tá roinnt gnéithe ag baint leis an tsoghluaisteacht: soghluaisteacht fhisiciúil agus soghluaisteacht shóisialta ina measc.

Maidir le soghluaisteacht fhisiciúil, luann sé tábhacht an Aontais Eorpaigh do soghluaisteacht mhuintir na hEorpa i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Tá’s againn féin é sin agus tionchar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh le feiscint (go díreach sna deiseanna taistil a tháinig agus go hindíreach sa bhorradh eacnamaíoch a tharla) i gclaochlú shoghluaisteacht na heisimirce atá níos minice anois ina rogha seachas ina riachtanas.

Ach tá cúlú tagtha, dar le Snyder, ar an tsoghluaisteacht shóisialta. ‘Sé seo an chéad ghlúin le fada, dar leis, nach mbeidh páistí níos fearr as ná a dtuismitheoirí, rud a d’fhéadfaí a rá anseo freisin inár ngéarchéim tithíochta.

Déanann Snyder idirdhealú idir mhargaidh shaora, a luaitear go minic, agus daoine saora, nach luaitear minic go leor dar leis. Arís, tá macalla ansin don díospóireacht ar na polasaithe tithíochta s’againne agus beartas an Rialtais s’againne braith ar ‘an margadh’ le soláthair tithe a chur ar fáil. Níl a leithéid ann agus margadh saor dar leis ach daoine saora, saoránaigh (focal suimiúil sa Ghaeilge, le préamh sa tsaoirse).

Agus má tá athrú aigne i gceist sa tsaoirse, tá an fhírinne - agus an fhíriciúlacht - tábhachtach le go mbeadh an fios sin feasach. Leagann Snyder an-bhéim ar na meáin neamhspleácha agus na meáin áitiúla leis an bpobal a chur ar an eolas. Tá ról lárnach mar sin ag Coimisiún na Meán anseo ní amháin ar rialacháin na meán sóisialta ach ag tacú leis na meáin neamhspleácha, idir nuachtán agus chraoltóireacht, agus an Scéim Fuaime agus Físe acu fíor-thábhachtach ina leith.

I gCogadh na Saoirse bhíomar ag cuardach ceannais ón mBreatain. Grianghraf: Topical Press Agency/Hulton Archive/Getty Images
I gCogadh na Saoirse bhíomar ag cuardach ceannais ón mBreatain. Grianghraf: Topical Press Agency/Hulton Archive/Getty Images

Agus trácht le déanaí ar reachtaíocht in aghaidh na fuathchainte agus ar rialacháin na meán sóisialta i gcoitinne, tá an tsaoirse cainte - agus an tsaoirse cáinte - ina chnámh spairne in Éirinn agus thar lear agus comhlachtaí na meán sóisialta ag argóint in aghaidh a srianta. Molann Snyder gur ceart díriú ar chainteoirí saora seachas ar an tsaoirse cainte, a bhíonn go minic gan ainm, agus gan anam.

Agus tugann sé sin muid go dtí an ghné dheireanach den tsaoirse: an chomhpháirtíocht. Tá sé seo bunaithe ar an bprionsabal gur dualgas í an tsaoirse chomh maith le ceart. Má éilíonn tú saoirse, caithfidh tú saoirse a bhronnadh freisin, i ngach ceann dá ghnéithe. Sa tsaoirse, ní féidir le ‘cathair an rachmais’ maireachtáil le cois ‘chathair an bhochtanais’.

Léiríonn Snyder ón stair gurb í an chomhpháirtíocht a chloí daoirse an Chumannachais, Solidarność na Polainne ina shampla soiléir dá leithéid. Éalaíonn sé mar sin go bhfuil eagraíochtaí agus an tsochaí sibhialta de dhíth choíche leis an tsaoirse a chothú agus a chaomhnú. Áiríonn sé an scolaíocht agus seirbhísí sláinte i measc na n-eagraíochtaí úd agus gá freisin le heagraíochtaí cearta daonna le saoirse a chur chun cinn.

Tá ról an Rialtais fite fuaite sa phlé aige. Cé go bhfuil cáineadh le déanamh aige ar an eite dheis agus an eite chlé, cíonn sé riachtanais an Rialtais sa chomhpháirtíocht, in athdháileadh shaibhreas na sochaí le córas cánach forchéimnitheach, in eagrú seirbhísí poiblí, agus i gcosaint agus i gcaomhnú daoine (seachas margaidh) saora agus cainteoirí saora (seachas saoirse cainte).

Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Ronald Reagan ar cuairt lena bhean Nancy go hÉireann in 1984.  Grianghraf: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Ronald Reagan ar cuairt lena bhean Nancy go hÉireann in 1984. Grianghraf: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Maíonn sé ach go háirithe go raibh cúinsí na saoirse ar fáil i Meiriceá le hidirghabháil Rialtais sa 20ú Aois ó Socrú Nua FDR go dtí gur toghadh Ronald Reagan i 1980. B’é an dearcadh ó Reagan agus ó shin gur rud diúltach é an Rialtas agus gur cheart dó ‘an bealach a fhágáil’.

Faoi Reagan agus ó shin, dar leis, tháinig cúlú ar an tsoghluaisteacht shóisialta, ruathar ar chearta oibrithe, gortú ar ghnólachtaí beaga le lagú ar dlithe in aghaidh trustaí agus ísliú ar cháin ar lucht an rachmais a leag an t-ualach ar chuile dhuine eile. Sin iad na fáthanna nach bhfuil glúin an lae inniu níos fearr as ná a dtuismitheoirí don chéad uair ón Spealadh Mór. Agus as sin a tháinig torthaí na dtoghchán in 2016 agus 2024.

Agus muid sa tír seo ag plé ról an Rialtais in infheistíocht tithíochta, in athdháileadh shaibhreas na sochaí tríd an chóras cánach gnóthachan caipitil agus, go ginearálta, conas mar a thacaíonn an Rialtas leo siúd ar an mbeagán seachas leis an meánaicme agus an uasaicme, is fiú machnamh ar thréithe na saoirse mar atá leagtha amach ag Snyder.

Má tá na Stáit Aontaithe fós ag tóraíocht na saoirse tar éis 250 bliain, nach bhfuil obair airdeallach de dhíth orainne freisin fós?

Foclóir:

tuairiscíodh = it was reported

cinneadh réasúnta = reasonable decision

ionsaí = attack

leathbhádóir = partner

algartaim = algorithms

rialachán = regulation

An Spealadh Mór = the Great Depression