Na Gaeil ag dréim go mór le halbam úr Kneecap

Thall is Abhus: Kneecap; tionól CEARTA; Fada Jewellery agus Spotsolas ar ealaíontóir Éireannach.

Ní fada Fenian uainn anois, an dara albam le Kneecap.
Ní fada Fenian uainn anois, an dara albam le Kneecap.

Na Gaeil ag dréim go mór le halbam úr Kneecap

Níl ach cúpla lá fágtha go mbeidh Fenian, an dara albam le Kneecap, ag teacht amach agus táthar ag súil go mór leis an 14 amhrán nua a bhuailfidh na haerthonnta an 24 Aibreán.

Is léir go bhfuil éacht nach beag déanta ag Kneecap le roinnt blianta anuas. Bhí ról ríthábhachtach acu i ngluaiseacht athbheochana na teanga ó tháinig siad ar an fhód de phléasc leis an chnuastéip 3CAG sa bhliain 2018, agus is iadsan a mhúscail spéis an domhain mhóir sa rapcheol Gaeilge agus a chuir an teanga ar ardáin idirnáisiúnta ag na BAFTAs agus ag an fhéile scannán Sundance. Ní hamháin go mbíonn an Ghaeilge á tabhairt ar fud na cruinne acu ach streachailt na nGael agus troid an phoblachtachais, ag labhairt amach go bródúil i gcoinne an impiriúlachais.

Tá sé ráite ag Kneecap iad féin go bhfuil siad ag iarraidh a n-oidhreacht féin a fháil ar ais leis an albam ‘Fenian’. Caithfidh siad súil siar san albam seo ar bhliain chraiceáilte, bliain inar thuill siad iomrá orthu féin i ngach cearn den domhan agus inar cuireadh cion sceimhlitheoireachta i leith Liam Óg Ó hAnnaidh i gCúirt Dúiche Westminster.

Feicfidh muid anois cad atá i ndán do Kneecap i ndiaidh an cheirnín seo, ach más aon chomhartha é an bhliain 2025, ní stopfadh an diabhal iad!

Reáchtálfar tionól i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Aibreáin
Reáchtálfar tionól i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Aibreáin

Tionól CEARTA ar na bacáin

Tá cruinniú eagraithe ag Conradh na Gaeilge le tógáil ar an ghluaiseacht mhór teanga a thit amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath anuraidh agus na chéad chéimeanna eile san fheachtas CEARTA a phlé.

Meastar gur ghlac 25,000 duine páirt sa mhórshiúl dearg i mí Mheán Fómhair seo caite nuair tháinig na Gaeil le chéile ar shráideanna na príomhchathrach chun a gcuid frustrachais agus a gcuid imní a chur in iúl maidir le tithíocht sa Ghaeltacht, maoiniú na Gaeilge, an córas oideachais agus cearta teanga i gcoitinne. Thug scoth na gcainteoirí faoin ardán ar an lá leis an slua a spreagadh agus le feiceálacht na nGael a ardú.

Cé gur éirigh go hiontach leis an mhórshiúl, tá cearta bunúsacha fós á n-éileamh ag na Gaeil fud fad na tíre. Tá Conradh na Gaeilge ag súil anois le cur leis an fhuinneamh a d’eascair as an lá agus na chéad chéimeanna eile san fheachtas CEARTA a phleanáil.

Is i Seomra na Mainistreach in Óstán Wynns, Baile Átha Cliath 1, a bheidh an cruinniú ar siúl idir 11.30 agus 2.30 Déardaoin an 30 Aibreán 2026. Tá tuilleadh eolais faoin chruinniú agus faoi fheachtas CEARTA ar fáil ag cnag.ie.

Seoda
Seoda

Réimse nua seodra ag Fada Jewellery

Le fócas ar leith ar oidhreacht Ghaelach agus ar shiombalachas cultúrtha, tá Fada Jewellery ar cheann de na brandaí seodra is mó le rá in Éirinn faoi láthair. Tá stíl iontach cuidsúlach acu agus d’éirigh go geal leis an réimse seodra a rinne siad i gcomhpháirt leis an tionchaire Aoife O’Farrell ar na mallaibh.

Mar chuid den réimse úr atá acu, tá go leor píosaí móra cosúil leis an ‘Fenian Claddagh’ - fáinne an Chladaigh nach bhfuil an choróin air. Nach bhfuil sé sin iontach tráthúil agus albam nua Kneecap ar na bacáin!

Is é an fáinne leis an chláirseach bheag atá ar an phíosa is ansa liomsa sa réimse nua seo. Is breá liom go bhfuil sé simplí go leor lena chaitheamh ó lá go lá ach go dtarraingeodh sé aird daoine ag an am céanna.

Tá Fáinne na Cláirsí (€44.99) agus fáinní eile Fada ar fáil ag fadaofficial.com.

Málaí Eoghan McLoughlin
Málaí Eoghan McLoughlin

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Eoghan McLoughlin

Má tá saoire thar lear beartaithe agat an samhradh seo, beidh a fhios agat go mbíonn costas mór ag baint leis an bhagáiste ar fad agus go mbeidh ort a bheith glic agus tú ag pacáil.

Is breá liom an smaoineamh atá taobh thiar de ‘Ciúb’, branda bagáiste bunaithe ag Eoghan McLoughlin as Dún Geanainn i gContae Thír Eoghain. Déanann sé ciúbanna beaga ‘comhbhrú’, nó málaí beaga pacála le dhá zip orthu a chuidíonn leat achan rud atá de dhíth ort a thabhairt leat gan stró. Nuair a bhíonn tú ag pacáil, is féidir leat an chéad zip a úsáid leis an mhála beag a dhruidim, agus ansin an dara zip a úsáid leis an aer ar fad a bhrú amach as an mhála. Oibríonn sé ar bhealach cosúil leis an fholúsphacáil, rud a chinntíonn go bhfuil tú in ann do chuid éadaí ar fad a chur isteach i do chás go furasta.

Cuidíonn na málaí beaga seo liomsa go pearsanta agus mé ag iarraidh feistis a phleanáil agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil gach rud deas néata sa chás. Tá go leor dathanna éagsúla ar fáil agus méideanna difriúla fosta, mar sin bheadh málaí ‘Ciúb’ foirfe i do chás mór nó i do mhála beag faoin suíochán.

Tá na Compression Packing Cubes (€45) ar fáil ag ciubtravel.com.