Stailc agus stailceanna

Éiríonn le stailceanna, ní éiríonn le stailceanna eile, ach maireann na hiarmhairtí

D'ionsaigh póilíní stailceoirí nuair a glasáladh amach an lucht oibre i mBaile Átha Cliath, in 1913. Grianghraf: Getty Images
D'ionsaigh póilíní stailceoirí nuair a glasáladh amach an lucht oibre i mBaile Átha Cliath, in 1913. Grianghraf: Getty Images

Sa bhliain 1158 b.c. chuaigh ceardaithe agus lucht tógála na bpirimidí san Éigipt ar stailc. In ainneoin an bhéaloidis agus scannáin Hollywood, níor sclábhaithe a dhein a dtógáil ach lucht oibre a raibh ardscileanna acu. Is amhlaidh gur ghabhadar ar stailc ar na gnáthchúiseanna, pá suarach, coinníollacha garbha, easpa bia. Tá an chuma air gurbh é a dhála sin é ó shin i leith.

B’in mar a bhí abhus nuair a chuir bunmhúinteoirí na hardchathrach stailc suas sa bhliain 1946 toisc gur fhulaing siad dhá ghearradh tuarastail le deich mbliana roimhe sin agus go raibh ocras agus deireadh na feide ag bagairt orthu. Mhair an stailc ar feadh tríocha éigin seachtaine agus bíodh a theist ar a dhéine is a bhí a ndálaí oibre gur thug ardeaspag Bhaile Átha Cliath, bete noir cháich ina dhiaidh sin, an tArd Easpag Mac Uaid, tacaíocht dóibh. Shiúil trí scór go leith fear de chuid Chumann Múinteoirí Éireann amach ar Pháirc an Chrócaigh agus iad gléasta in éide dhubh ag sos leathama i gcluiche ceannais peile Chraobh na hÉireann. Níor éirigh leo ina n-éilimh, ach bhí an pobal laistiar díobh agus chaill Fianna Fáil stuacach caochthuisceanach an chéad toghchán eile. Is é sin le rá, ní i gcónaí a éiríonn le stailc, ach leanann iarmhairtí iad chun leasa nó aimhleasa.

Bhí an lá leis na fostóirí nuair a glasáladh amach an lucht oibre i 1913, agus má bhí an lá leo ní raibh na blianta. Is beag áit nach bhfuil feidhm le ceardchumainn anois, agus nuair a dhéantar iarracht bac a chur ar na hoibrithe a eagrú is gnách go mbíonn fuar acu, mar a fuair Ryanair amach nuair gurbh éigean dóibh aitheantas a thabhairt do cheardchumann na bpíolótaí sa bhliain 2017.

Is é sin le rá is éiritheach do stailceanna áirithe agus teipeann ar go leor eile, ach ní ghabhann stailc ar bith amú. Tá i bhfad róluath le toradh stailc lucht trucaile agus tarracóra an tseachtain cheana a mheas fós agus cad a thiocfaidh as, ach léiríodh easpa tuisceana an rialtais leathchluaise ar fhearg na ndaoine ar leith amháin, agus cumas eagraithe de dhroim oíche dreamanna áirithe eile d’fhonn feidhm a bhaint as na meáin shóisialta ar an leith eile.

Is fios go raibh dreamanna éagsúla creidiúnacha a bhain leis na feirmeoirí, lucht ola agus breosla, lucht bus a thiomáint, muintir uile an bhóthair a thug tacaíocht do na léirsithe agus do na bealaí a thachtadh, ach ní fios cérbh iad na daoine eile a bhagair réabhlóid, a mhaígh go raibh greim mhagairlí acu ar an rialtas agus a mhaígh go gcuirfidís an tír ar a glúine.

Tá aon rud amháin cinnte, áfach; níorbh aon aos réabhlóide iad. Ní duine mise le haon chomhairle a thabhairt maidir le réabhlóid a thionscain, ach táim suite de nach foláir creideamh a bheith agat inti sa chéad áit. Ní raibh i gcuid de cheannairí agus de lucht labhartha na ‘réabhlóide’ seo ach bolgáin bhéice, scáil phúca sa reilig, puth gaoithe i mbuidéal, broim sa séideán bruithne, ceannabhán ar an aer. An túisce is a nocht cúpla garda d’imigh leá chúr na habhann ar na léirsithe, scaip ar nós mionéin roimh sheabhac, chrap a n-eireaball siar go bun, bhíodar chomh dofheicthe le cnap leacoighir sa chupán tae, le scamaill i lár bhrothall an ghaineamhlaigh, le dreancaide i moing an leoin, le cac bábóige, le pápaire in Mecca, le corn peile i gCill Chainnigh.

D’fhonn aon ní a bhaint amach in aghaidh na bunaíochta, pé iad féin, caithfear a bheith eagraithe go daingean agus idé-eolaíocht nó creideamh diongbháilte a bheith laistiar de. Ní leor léirsiú na haon uaire agus bladar bladhmannach gan aon chur leis laistiar de.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar