Le breis agus dhá scór bliain anuas, cruinníonn scríbhneoirí, filí, scéalaithe agus cuairteoirí ó gach cearn den domhan i gcathair na Gaillimhe ag an am seo den bhliain le freastal ar Cúirt, ceann de mhórfhéilte liteartha na hÉireann.
An file Fred Johnston, i gcomhar le Dick Donaghue, stiúrthóir Ionad Ealaíne na Gaillimhe ag an am, a chuir Cúirt ar bun in 1985.
Tá fás as cuimse tar éis teacht ar an bhféile ó shin agus, cé gur tugadh tús áite don fhilíocht ag an gcéad fhéile, leathnaíodh an clár ó shin - pléitear cúrsaí ficsin, neamhfhicsin agus réimse leathan ábhar anois le linn na féile.
Ní amháin go bhfuil Cúirt ar cheann de na féilte is fearr aithne in Éirinn anois, ach tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an bhféile freisin.
READ MORE
Is liosta gan áireamh na haíonna a d’fhreastail ar an bhféile i gcaitheamh na mblianta. Ba mhinic Seamus Heaney i láthair agus bhí leithéidí an t-údar Meiriceánach Joyce Carol Oates, an t-úrscéalaí iomráiteach a bhuaigh an Duais Booker John Banville, Ian Rankin, Marina Carr, Roddy Doyle, Sally Rooney agus Paul Muldoon i láthair freisin.
Meallfar cuid d’fhilí agus mhórscríbhneoirí comhaimseartha na linne go Gaillimh arís i mbliana le páirt a ghlacadh in Cúirt 2026 agus in imeachtaí, ar a bhfuil cainteanna, díospóireachtaí agus ceardlanna ina measc.
Ar ndóigh, ní ar scríbhneoirí nó ar phobal an Bhéarla amháin a dhírítear imeachtaí na féile. Ghlac Nuala Ní Dhomhnaill páirt ann in 1986 agus tá sé de cháil ar Cúirt go raibh spás i gcónaí don Ghaeilge ar chlár na n-imeachtaí.
I mbliana, ceapadh Louise Ní Fhearghaíl mar an chéad léiritheoir Gaeilge ar Cúirt. Dar léi, go bhfuil tallann nua scríbhneoireachta agus cumadóireachta Gaeilge ag teacht chun cinn.
Agus ní hiontas ar bith é go bhfuil, b’fhéidir. Níl sochaí ar bith ar domhan nach mbíonn béascna agus nósanna cultúrtha an phobail de shíor ag athrú inti. Aithnítear go bhfuil claochlú tagtha ar nós na léitheoireachta - i ngach teanga - go háirithe agus an oiread sin am saor á chaitheamh ag daoine ar ghléasanna soghluaiste, ach, mar sin féin, tá modhanna nua friotail ag teacht chun cinn.
“An rud atá feicthe agam in earnáil na foilsitheoireachta, agus ag obair leis an bhféile seo, ná go bhfuil taobh eile ann,” a dúirt Ní Fhearghaíl, a chaith roinnt blianta ag obair le Penguin Random House.
“Cinnte, tuigimid nach bhfuil daoine óga ag léamh an oiread agus a bhí siad, b’fhéidir, fiche bliain ó shin - ach tá fás mór tagtha ar leithéidí filíocht bhéil,” a dúirt sí.
Tá leas á bhaint ag ealaíontóirí anois as ardáin ar nós TikTok, YouTube agus Instagram chun a gcuid saothar a chur faoi bhráid an phobail agus is léir go bhfuil deiseanna úra á gcruthú do ghuthanna nua, scríbhneoirí agus filí na Gaeilge ina measc.
“Tá tairbhe á bhaint againn as sin, más maith leat, agus táimid ag obair le go leor filí béil i mbliana chun gur féidir leo an taobh sin den litríocht a thaispeáint - agus gur féidir leo a thaispeáint go bhfuil tábhacht ag baint leis, agus go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna leis an litríocht eile, an litríocht traidisiúnta,” a dúirt sí.
Tá súil ag Ní Fhearghaíl ardán a thabhairt do ghuthanna nua nach bhfuil taithí acu ar chláir fhéilte dá leithéid agus go gcuirfear an Ghaeilge i gcroílár na féile, ag cruthú níos mó deiseanna d’ealaíontóirí na Gaeilge a gcuid saothar a roinnt amach anseo.
“An rud is mó le feiceáil ón gclár i mbliana ná go bhfuil go leor guthanna óga úrnua ar an stáitse,” a dúirt sí.
Beidh réimse leathan imeachtaí Gaeilge i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, Ealaín na Gaeltachta agus Éigse Éireann mar chuid de chlár Cúirt, le healaíontóirí ar nós Amano De Londra Miura, Ciara Ní É, Ola Majekodunmi agus Celia de Fréine ag glacadh páirt.
“‘Ag lorg na bhfocal’ an téama atá ag an bhféile i mbliana - ’sé sin go mbeidh daoine ag caint agus ag plé na bealaí ar tháinig siad ar na focail chearta chun a saothar féin a chur in iúl,” a dúirt Ní Fhearghaíl.
“Tá meascán an-mhaith againn idir chainteoirí uirbeacha ó Bhaile Átha Cliath agus daoine áitiúla ón nGaillimh.
“Beidh meascán ceart againn ó thaobh Gaeltachtaí difriúla ag imeacht eile a bhfuil Laoighseach Ní Choistealbha mar bhean an tí aige.”
Déanfar plé arís i mbliana ar an Dinnseanchas, an ceathrú bliain den togra seo atá ina chomhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt.
Foirm scéalaíochta atá fréamhaithe i logainmneacha stairiúla na tíre atá sa Dinnseanchas agus beidh na scríbhneoirí Lorraine Ní Chathasaigh agus Seán Óg Ó Duinnín i láthair le caint a dhéanamh faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre féin.
Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht) a bheidh ina fhear an tí. Ar an Aoine, déanfar plé ar scéim forbartha ealaíontóirí na Taibhdheirce dar teideal ‘Taibhsín’ - scéim atá deartha do scríbhneoirí, lucht déanta amharclainne agus ealaíontóirí - agus reáchtálfar imeacht i gcuimhne ar an scríbhneoir Manchán Magan ar an Satharn.
“Tá súil againn go bhfuil meascán ceart againn agus ó thaobh daoine nua a thógáil isteach go meallfaidh imeachtaí ar nós imeacht Mhancháin daoine nach raibh baint acu leis an bhféile ar bith go dtí seo,” a dúirt Ní Fhearghaíl.
Reáchtálfar Cúirt an 21-26 Aibreán.
Imeachtaí
Dinnseanchas (An Taibhdhearc)
Iniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Déardaoin an 23 Aibreán, 5in, táille €10/€12.
Na Seisiúin Fhilíochta Cúirt, le hÉigse Éireann (Charlie Byrne’s Bookshop)
Imeacht dátheangach Sheisiúin Fhilíochta Cúirt le beirt a fuair sparánachtaí Síolta Taibhsín anuraidh - an scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir cruthaitheach Ola Majekodunmi agus an t-amhránaí, file agus scríbhneoir amhrán Amano De Londra Miura. Déardaoin an 23 Aibreán 6in, saor isteach.
Comhrá le Celia de Fréine: Cóirín na dTonn (An Taibhdhearc)
Áine Ní Ghlinn i gcomhrá leis an bhfile, drámadóir agus scríbhneoir próis Celia de Fréine faoina saothar Cóirín na dTonn, dráma molta ar shiollabas na hArdteistiméireachta. Déardaoin an 23 Aibreán 7in, táille €10/€12.
Comhrá le Faighteoirí na Sparánachtaí Síolta Taibhsín (An Taibhdhearc)
Beidh triúr aoi (Ola Majekodunmi, Amano De Londra Miura agus Seoirsín Bashford) ag glacadh páirt i bpléphainéal faoi chlár forbartha ealaíontóirí na Taibhdheirce do scríbhneoirí, lucht déanta amharclainne agaus ealaíontóirí taibhithe atá ag obair go gairmiúil sa Ghaeilge. Dé hAoine an 24 Aibreán, 2.30in, táille €10/€12.
Filíocht ó Bhéal & Ceol na nGael (An Taibhdhearc)
Oíche filíochta ó bhéal le Ciara Ní É agus ceol ó Amano De Londra Miura, chomh maith le ceol ón ngrúpa traidisiúnta Leatsa. Dé hAoine an 24 Aibreán 7in, táille €14/€16.
Breis eolais ar fáil ó cuirt.ie
Foclóir:
Scór – twenty
Scéalaithe – storytellers
Comhaimseartha – contemporary
i gcaitheamh na mblianta – over the years
bearna – gap
béascna – custom
dátheangach – bilingual
craoltóir - broadcaster











