Leanfaimid ar aghaidh inniu leis an úsáid a bhaintear as focail a dhéanann cur síos ar uisce agus a bhíonn le fáil i bhfuaimfhocail. Tugtar onamataipé ar an úsáid seo sna foclóirí mar aithris ar an fhocal ‘onomatopoeia’, a thagann ón tSean-Ghréigis. Tá mórán Éireann acu seo ann ach níl siad tarraingthe le chéile in aon áit amháin. Cha bhíonn ar mo chumas-sa ach beagán acu a lua anseo, ach seans go rithfidh cinn eile libh féin.
Déanann go leor de na fuaimfhocail atá againn i nGaeilge cur síos ar fhuaimniú a bhaineann le huisce nó le leacht de chineál éigin - bainne, bláthach nó a leithéid. Sampla maith de seo an focal slapar agus slupar slapar – tá cosúlacht acu leis an chiall ‘splash, splashing’ an Bhéarla. Bhíodh an frása slupslap ag an fhaoileann bhán sna seanscéalta le cur síos a dhéanamh ar thormán na farraige in éadan thaobh báid nó loinge. Ciallaíonn an méid sin go bhfuil aois mhór ag cuid de na fuaimfhocail seo agus go bhfuil go leor le foghlaim againn uathu, inniu féin. Is cuid de dhúchas na teanga iad, cé acu i scéalta, sa chaint nó i bhfilíocht a bhíonn siad le fáil. Tá an frása slapar seoil ann fosta ag cur síos ar an chroitheadh a dhéanann an seol nuair a bhuaileann uisce é.
<i>Boiseog uisce</i> – is ionann sin agus an méid uisce a thig leat a iompar idir do dhá láimh le d’aghaidh a ní.
Frása deas eile a chuala mé sa chaint é seo a leanas – tá an bád ag déanamh bláiche - a dhéanann cur síos ar an chubhar bhán a chaitheann bád amach ar an dá thaobh di agus í faoi lántseol. Is cinnte gur mar sin a tháinig ann don áitainm Port na Bláiche in aice le Dún Fionnachaidh i dtuaisceart Dhún na nGall, áit a mbíonn cubhar bán le feiceáil ann i rith na bliana ar fad, féadaim a rá.
Is cuimhneach liom nuair a bhímis ag iascaireacht amach ó na creagacha agus ó na leacacha cothroma ar bhruach na farraige ar mo bhaile dúchais, go mbíodh na focla seo thíos in úsáid againn go minic – scairdeog/sceairdeog agus spairdeog. Ciallaíonnn na focla sin deora uisce a thigeadh leis an ghaoith gach cúpla bomaite, agus a bhualadh isteach san aghaidh thú. Bhíodh ort ansin do stad iascaireachta a athrú go minic. Is dóigh liom go bhfuil onamataipé ag baint leo.
READ MORE

Tá mórán eile focal ann a dhéanann cur síos ar uisce, ach cha bhíonn am againn ach cuid acu a lua inniu. Tá an focal pluis/plois coitianta ar pholl uisce a bhíonn ina luí ar an bhealach mhór i ndiaidh báistí. Is breá le paistí beaga a bheith ag léimnigh amach agus isteach sna ploiseanna seo. Deirtear plais/pluis fosta le linn don léimneach a bheith ar siúl.
Tá focla aonair eile ann ar fiú sonrú a chur iontu, mar go ndéanann siad cur síos, den chuid is mó, ar an méid uisce/leachta a bhíonn ag baint le haimsir, nó le rud ar bith eile. Seo cuid acu: stioc, ‘a small drop of something’, Níl stioc bhainne agam sa teach - ‘I haven’t a drop of milk in the house’. Tá sú sileáin againn - ‘we have water dripping from the roof’. Is faoi thithe ceann tuí is mó a deirtí seo.
Ar ndóigh, is ón fhocal sil ‘drop, discharge, trickle’ a thagann sileán. Tá silteán mar ainm eile ar shruthán beag. Ta an focal caochóg ann fosta ar dhíog a bhíonn lán uisce agus gan gléas ag an uisce éalú.
Boiseog uisce – is ionann sin agus an méid uisce a thig leat a iompar idir do dhá láimh le d’aghaidh a ní. Is iontach fosta go mbíonn frásaí dúbailte in úsáid le cur síos a dhéanamh ar bháisteach throm, mar seo: báisteach fearthanna = fearthainn iontach trom ar fad, agus doirteadh díleanna ‘downpour of rain’.
Críochnóidh muid inniu leis an fhocal ceathán ‘a small shower’ ón fhocal cith/cioth. Sin sin!
Foclóir
bláiche (bláthach) = buttermilk
creagacha (carraigeacha) = rocks
croitheadh = shake
féadaim a rá = I may say
fuaimfhocal = onomatopoeic word
gan gléas ag = unable to
slapar seoil = noise made by a wet sail
slup slap = continuous splashing
stad iascaireachta = fishing place/spot
teach ceann tuí = thatched house











