Meán Fómhair 1923 agus bhí Éire ina cíor thuathail. Tháinig críoch oifigiúil le Cogadh na gCarad tamall de mhíonna roimhe sin ach bhí iarmhairtí na coimhlinte ag réabadh na sochaí go fóill. Fórsaí an tSaorstáit nua ag iarraidh smacht a fháil ar an tír; na mílte Poblachtánach i ngéibheann agus a gcuid arm i bhfolach; amhras ar gach taobh faoi cad é a bhí i ndán d’Inis Fódla.
Is sa chomhthéacs leochaileach sin a lonnaigh an scríbhneoir Eoghan Ó Tuairisc a dhráma Lá Fhéile Mhichíl, a léiríodh den chéad uair in Amharclann an Lyric, Béal Feirste, in 1963. Cinneadh cróga ab ea é sin, shílfeá, i bhfianaise ábhar an tsaothair agus dhoicheall dubh na n-údarás ó thuaidh roimh an Ghaeilge agus an Phoblacht ag an am.
Dírítear sa dráma ar Emmet de Búrca, oifigeach óg in arm an tSaorstáit a n-ordaítear dó dul sa tóir ar Phoblachtánach atá ar a theitheadh i gclochar. Tugann an Máthair-Uachtarán, ar bean rialta as an Fhrainc í, tearmann don éalaitheach agus leanann tragóid a léiríonn tionchar tachrach truacánta an chogaidh chathartha, agus go leor achrainn fhuilteacha eile chomh maith gan dabht.
Bhí criticeoirí na linne iontach tógtha leis an taispeántas agus bronnadh roinnt duaiseanna air ina dhiaidh sin, ag an Oireachtas, cuir i gcás, agus ag Féile Dhún Geanainn, áit a raibh an Corcaíoch clúiteach Niall Tóibín i mbun na moltóireachta.
READ MORE
Is ar Lá Fhéile Mhichíl féin - lá eaglasta ar a dtugtar ómós do Naomh Micheál agus do na hArdaingil - a thiteann eachtraí dhráma Uí Thuairisc amach, agus, mar a tharlaíonn sé, is é inniu, an 29 Meán Fómhair, Lá Fhéile Mhichíl.
Tá sé furasta a shamhlú cad chuige ar roghnaigh an scríbhneoir an lá áirithe seo dá scéal - Naomh Micheál an laoch a mharaíonn dragan an donais agus a dhéanann soghníomhartha agus doghníomhartha an duine a mheá ar a aistear i dtreo an tsaoil eile - ach, taobh amuigh den dráma féin, ba lá mór tábhachtach riamh anall é Lá Fhéile Mhichíl, in Éirinn agus i gcríocha eile ar fud dhomhan na Críostaíochta.
Is eol dúinn - ó scéalta ar Dúchas agus foinsí eile - go n-ití béile speisialta ar an lá agus gurbh í an ghé mhéith shúmhar a bhíodh i lár an tábla. Bhaintí úsáid as fuil an éin leis an teach a chosaint (is fearr le daoine madaí nó túis sáiste anois, is dócha) agus thugtaí cuairt ar scrínte agus ar thoibreacha naofa a bhain leis an Ardaingeal.
Tá dlúthcheangal ag an naomh le Sceilg Mhichíl fós, ar ndóigh, agus le sraith láithreacha eile atá ainmnithe ina dhiaidh ó Uíbh Ráthach go Corn na Breataine, go dtí an Normainn agus an Iodáil agus ar aghaidh go dtí an Talamh Naofa féin - deirtear go fiú gur féidir líne dhíreach a tharraingt idir na suíomhanna seo ar fad agus is mór an tóir a bhíonn orthu i gcónaí mar ionaid oilithreachta.
Pearsa spéisiúil is ea Naomh Micheál fosta ar an ábhar nach duine daonna a bhí ann in am ar bith. Ní hionann agus Bríd agus Pádraig agus Colm Cille agus Drogo agus Homobonus agus na mílte eile a bhí i gcorp daonna tráth agus a canónaíodh ina dhiaidh - ar an iliomad cúiseanna, idir onóracha agus amhrasacha - is aingeal atá i Micheál Naofa. Neach neimhe nár saolaíodh riamh agus nach bhfaighidh bás go deo; gaiscíoch glórmhar nach bhfuil aon uaigh ná taisí dá chuid ar dhroim an Domhain; intleacht neamhdhaonna neamhbhásmhar a bhfuil cumhachtaí osnádúrtha aige a mbaineann sé fónamh astu ar son an tsolais agus an tsonais.
Má ritheann sé leat anois gur geall le laoch greannáin de chuid Marvel é, ní dócha go dtógfaí ort é.
Ach tá gné eile de scéal níos leithne an naoimh uilechumhachtaigh seo ar thug mé suntas di le déanaí, agus atá ábhartha dúinn inniu.
Is é sin go gceiliúrtar Lá Fhéile Mhichíl thart ar sheachtain tar éis chónocht an Fhómhair, an dara tráth sin den bhliain a bhíonn an lá agus an oíche, an tsorcha agus an dorcha, ar comhfhad le chéile, ar cóimheá, cothrom.
Agus, mar atá a fhios atá ag an tsaol mhór, is rud í an chothromaíocht nach ndéanfadh a thuilleadh di dochar ar bith dúinn. Sa pholaitíocht idirnáisiúnta agus cuid de cheannairí na cruinne de shíor ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile seachas an spás coiteann a aimsiú; sa dioscúrsa ar an ghéarchéim aeráide agus tromcheisteanna móra eile ár linne; sa scoilt ama idir obair agus áineas; sna comhráite nimhiúla atá rábach ar líne agus ag dul i dtreis lá i ndiaidh lae. Dhéanfadh níos mó cothromaíochta, níos mó stuamachta, maitheas sna réimsí sin ar fad.
B’fhéidir nach bhfuil sochaí na hÉireann chomh suaite céanna inniu is a bhí sí Lá Fhéile Mhichíl 1923, ach níl aon amhras go bhfuil borradh faoin deighilteachas agus go bhfuil ciall na cothroime á brú go himill ag an antoisceachas agus ag an easpa tomhaisteachta sa phlé poiblí.
Is fearr bail a chur ar do theach féin ar dtús, deirtear, agus is cinnte gur féidir linn ar fad, le hinspioráid an chónochta, giota beag cothromaíochta sa bhreis a thabhairt isteach inár saol laethúil, idir bhriathra agus bhearta. Ní gá dúinn aon dragan a mharú ach gníomh fiúntach a bheadh ann mar sin féin.
Foclóir
Cogadh na gCarad = Civil War
Iarmhairtí = consequences
Clochar = convent
Tachrach = contentious
Dlúthcheangal = strong connection
An tsorcha = the brightness
Cónocht = equinox
Suaite = tumultuous











