Buenos Aires na gcluichí Gaelacha

Tá foireann CLG darb ainm Limerick Gaels i bpríomhchathair na hAirgintíne agus fear as Luimneach i lár an aicsin ann

Ruaidhrí Ó Conaill agus foireann sinsear CLG Limerick Gaels, Buenos Aires.
Ruaidhrí Ó Conaill agus foireann sinsear CLG Limerick Gaels, Buenos Aires.

Fear óg as cathair Luimnigh is ea Ruaidhrí Ó Conaill atá ag obair in Buenos Aires na hAirgintíne ag cur na gcluichí Gaelacha chun cinn. D’imir sé peil agus iomáint lena chlub áitiúil, Na Piarsaigh, agus é ag fás aníos. D’fhreastal sé ar Ghaelcholásite Luimnigh agus, tar éis na hArdteiste, bhain sé céim amach i gCorp Oideachais agus Gaeilge in Ollscoil Luimnigh. Bhí spéis mhór aige sa spórt i gcónaí, idir lúthchleasíocht, dhornálaíocht agus rámhaíocht, ach deir sé go raibh nasc ní ba láidre aige le Cumann Lúthchleas Gael.

Bhog Ruaidhrí thar lear den chéad uair in 2021 nuair a chuaigh sé go Bilbao i dTír na mBascach. Thosaigh sé ag imirt peil Ghaelach ansin agus ba í sin an chéad taithí CLG a bhí aige taobh amuigh d’Éirinn. Bhain sé an-taitneamh as agus as a shaol ansin. Ach mar mhúinteoir, bhí sé deacair fostaíocht a fháil agus dodhéanta post buan a aimsiú mar nach raibh an Bhascais aige, cé go raibh Spáinnis aige ceart go leor. Mar sin, bhog sé ar ais go hÉirinn le bheith ag obair, agus ag imirt peile agus iománaíochta.

…bhog an-chuid Éireannach go ceantar darb ainm Hurlingham. Bunaíodh club CLG Hurling ann in 1922, agus imríonn siad sa tsraith chéanna le Gaeil Luimnigh…

Bhí fonn air dul ar imirce áfach. Bhí roinnt cairde leis ag bogadh chun na hAstráile agus bhí beirt deartháireacha leis ina gcónaí i gCeanada ag an am. Ba rogha easca é, dar leis, dul chun na hAstráile nó go Ceanada, áiteanna a mbeadh aithne aige ar go leor daoine cheana féin. Mar sin, shocraigh sé ar a bhealach féin a dhéanamh.

Bhí cara le Ruaidhrí ina chónaí san Airgintín roinnt blianta ó shin agus chuir sé Ruaidhrí i dteagmháil le Colegio Limerick, scoil atá i gcroílár Buenos Aires. Go stairiúil, bhí an-bhaint ag na hÉireannaigh leis an oideachas sa chathair. Tá cúpla scoil de chuid na mBráithre Críostaí ann, agus tionchar mór Éireannach orthu i gcónaí. Chuaigh bunaitheoirí na scoile ar thuras timpeall na hÉireann agus timpeall na hEorpa sna hochtóidí. Thug siad cuairt ar Luimneach agus chuaigh an áit go mór i bhfeidhm orthu. Nuair a d’fhill siad ar an Airgintín bunaíodh an scoil - Colegio Limerick. Sheol Ruaidhrí a CV chuig an bpríomhoide agus tá sé ag obair ansin le bliain anuas. Is é Ruaidhrí an t-aon Éireannach sa scoil ach deir sé go gcuirtear béim ar stair, ar litríocht agus ar chultúr na hÉireann ann, agus go gcuirtear an-bhéim ar an spórt. Imríonn na daltaí peil Ghaelach sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Bhí sí mar chuid den churaclam corpoideachais sular tháinig Ruaidhrí chun na scoile, ach ní raibh sí ró-iomaíoch. Bhí na scileanna bunúsacha ag na daltaí ach bhí easpa liathróidí peile agus easpa acmhainní orthu, rud a bhí ag cur bac orthu dul chun cinn a dhéanamh. Dúirt Ruaidhrí go raibh sé an-éasca socrú isteach sa scoil agus sa cheantar nuair a bhog sé ann. Daoine cineálta cneasta atá i bpobal na scoile agus chuir siad fáilte mhór roimhe.

Ruaidhrí Ó Conaill agus páistí óga i mbun traenála in Buenos Aires.
Ruaidhrí Ó Conaill agus páistí óga i mbun traenála in Buenos Aires.

Shocraigh Ruaidhrí agus roinnt daoine áitiúla club CLG a bhunú ann. Club pobail is ea Gaeil Luimnigh Buenos Aires, nó Limerick Gaels, agus imríonn scoláirí, iarscoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí leis. Tá timpeall 120 duine ag imirt leis an gclub. Tá foireann shinsearach peile, foireann ban, foireann faoi 15 agus foireann faoi 13 acu, agus imríonn siad sa tsraith áitiúil in Buenos Aires. Breis is céad bliain ó shin, bhog an-chuid Éireannach go ceantar darb ainm Hurlingham. Bunaíodh club CLG Hurling ann in 1922, agus imríonn siad sa tsraith chéanna le Gaeil Luimnigh chomh maith le club eile, CLG Bulfin. Imríonn na hÉireannaigh atá ina gcónaí sa chathair leis na foirne sin. Deir Ruaidhrí nach bhfuil mórán Éireannach ag fanacht ann go fadtéarmach; Éireannaigh atá ag caitheamh tréimhse in Buenos Aires is mó ata ann. Bíonn an spórt ar siúl ag an deireadh seachtaine, agus bíonn asado - nó beárbaiciú tipiciúil de chuid na hAirgintíne - ann freisin. Fanann chuile dhuine siar don teacht le chéile sóisialta seo tar éis na gcluichí.

Ag deireadh mhí Mheán Fómhair, beidh 40 dalta ag taisteal ó Colegio Limerick in Buenos Aires chomh fada le hOllscoil Luimnigh chun cúrsa seachtaine a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tá siad chun camchuairt a thabhairt timpeall na hÉireann - ó Luimneach go Baile Átha Cliath agus go Béal Feirste. Ní bheidh Ruaidhrí féin ag taisteal leo ach fuair sé deis taistil i rith an tsamhraidh nuair a d’fhreastal Gaeil Luimnigh Buenos Aires ar Chluichí Domhanda CLG i bPort Láirge. Turas an-spreagúil a bhí ann agus bhí cluichí an-iomaíoch ag foirne na hAirgintíne. Ba thaithí nua é sin nach raibh acu roimhe sin mar go bhfuil na foirne chomh scaipthe sin ar fud Mheiriceá Theas. Dá mbeidís ag iarraidh cluiche iomaíoch a bheith acu lasmuigh den Airgintín agus taisteal go Paragua mar shampla, bheadh sé ar nós turas idir Luimneach agus Maidrid!

Tá sraith eile ann freisin i Meiriceá Theas a eagraíonn CLG Cuenca del Plata. Beidh an comórtas mór ar siúl ar an 14 Samhain, is é sin La Copa Almirante Guillermo Brown. Laoch náisiúnta de chuid na hAirgintíne ab ea William Brown, a rugadh i mBéal Easa i gCo. Mhaigh Eo sa bhliain 1777. Chuaigh sé ar imirce agus bhunaigh sé cabhlach na hAirgintíne. Beidh Ruaidhrí agus Gaeil Luimnigh, chomh maith le foirne ó áiteanna eile san Airgintín, ó Pharagua, ón tSile agus ó Pheiriú ag glacadh páirt sa chomórtas.

Tá fonn ar na Gaeil na cluichí Gaelacha a fhorbairt sa chlub agus cúrsaí iománaíochta agus camógaíochta a chur chun cinn. Níl ach dhá chamán déag ag an gclub áfach agus níl aon chamán do leanaí acu. Tá sliotar amháin acu agus níl clogad ar bith acu. Tá cuntas Instagram @limerickgaels ag an gclub agus deir Ruaidhrí go gcuirfeadh sé fáilte mhór roimh chamán, clogad nó sliotar, dá mbeadh ceann nó dhó sa bhreis ag éinne!

Nuair a chroch foireann iomána Luimnigh Corn Liam Mhic Cárthaigh ar an 19 Iúil, bhí Ruaidhrí sa seastán i bPáirc an Chrócaigh. Ach tá fear Luimnigh an-sásta lena shaol in Buenos Aires. Tá ceart cónaithe san Airgintín aige anois agus saol an-mhaith mar mhúinteoir. Tá an lá scoile níos faide ann ná mar atá sé in Éirinn, ach deir Ruaidhrí go bhfuil rithim an tsaoil beagáinín níos moille ann agus go bhfuil sé i gceist aige fanacht. Go n-éirí leis.

Foclóir:

spéis = interest

fostaíocht = fostaíocht

tionchar = influence

iarscoláirí = former pupils

socrú isteach = settle in

clogad = helmet

cluiche iomaíoch = competitive match