Géarú ar an éileamh

Tá idir Theachtaí Dála, ghrúpaí teanga agus saineolaithe den tuairim go bhfuil polasaí ceart oideachais don Ghaeilge de dhíth láithreach

An Teachta Dála Naoise Ó Cearúil: chun scríobh chuig an Aire Oideachais lena rá gur chóir polasaí a chur le chéile ó thaobh ailíniú leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photos
An Teachta Dála Naoise Ó Cearúil: chun scríobh chuig an Aire Oideachais lena rá gur chóir polasaí a chur le chéile ó thaobh ailíniú leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photos

Tá sé molta ag an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil scríobh chuig an Aire Oideachais, chuig an Roinn Oideachais, agus chuig Coiste Oideachais an Oireachtais lena rá gur chóir polasaí a chur le chéile ó thaobh ailíniú leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal.

Rinne an Teachta de chuid Fhianna Fáil do Chill Dara Thuaidh an moladh le linn plé a bhí ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais le gairid maidir le ‘Sonraíochtaí Ardteiste Gaeilge, Seirbhísigh Phoiblí Dhátheangacha, an Oiliúint ar Fáil Dóibh, agus Múineadh na Gaeilge ag an Iar-Bhunleibhéal’.

Ag labhairt dó roimh an chruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Séin Ó Muineacháin, go bhfuil a fhios ag an gComhchoiste nach féidir an sprioc go mbeadh Gaeilge ag 20% de sheirbhísigh phoiblí a bhaint amach mura bhfuil an córas oideachais ag leibhéal na hiarbhunscoile in ann daltaí a bhfuil Gaeilge líofa fheidhmiúil acu a sholáthar, agus mura bhfuil an oiliúint ar fáil ag an tríú leibhéal.

Dúradh go bhfuil an FTCE á úsáid ar fud na hEorpa chun an caighdeán atá ag cainteoirí na dteangacha éagsúla a léiriú.

Dúirt Aoife Ní Ghlinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, gur scríobh sí páipéar anuraidh, ar iarratas ón Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (CNCM), ina ndearna sí plé an-chuimsitheach ar an ábhar áirithe seo.

Dúirt sí gurb é príomhsprioc na foghlama ná daltaí a chumasú le bheith in ann an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ina saol sóisialta, acadúil, gairmiúil agus pobail.

Dúirt sí go bhfuil saineolaithe teanga againn in Éirinn agus gur cheart úsáid a bhaint as an saineolas atá acu leis an phróiseas seo a éascú.

Mhol an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (SF) go dtabharfaí cuireadh do na saineolaithe teacht os comhair an Chomhchoiste. Grianghraf: Bryan O’Brien
Mhol an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (SF) go dtabharfaí cuireadh do na saineolaithe teacht os comhair an Chomhchoiste. Grianghraf: Bryan O’Brien

Mhol an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go dtabharfaí cuireadh do na saineolaithe teacht os comhair an Chomhchoiste agus glacadh leis.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil an Conradh agus roinnt mhaith grúpaí oideachais, Gaeilge agus Gaeltachta, ceardchumainn múinteoirí agus aontais náisiúnta mac léinn ag moladh le tamall anuas go bhforbrófar Polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal atá ailínithe leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach.

“Táimid tar éis éileamh ar Airí Oideachais éagsúla, ón Aire Foley go dtí an tAire Naughton, an polasaí seo a fhorbairt. Is í an chéad chéim leis an bpolasaí seo a fhorbairt, inár dtuairim féin, ná grúpa saineolach a chur ar bun láithreach leis an bpolasaí a fhorbairt agus tá an t-éileamh sin déanta arís agus arís eile leis na hAirí Oideachais.

“Faraor, tá idir neamhaird agus easpa freagra mar fhreagra ar na héilimh sin,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé go mbíonn an CNCM ag obair leis na hábhair scoile uilig agus go bhfuil cúram faoi leith de dhíth ar an nGaeilge.

Dúirt Shane Ó Coinn, Cathaoirleach an Ghréasáin do Mhúinteoirí Gaeilge, go dtabharfadh curaclam agus measúnuithe a bheadh ailínithe go dlúth leis an FTCE féidearthachtaí móra i dtaca le heispéireas na ndaltaí a fheabhsú, agus le cur leis an dea-obair ar fad eile atá ag tarlú maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

“Tá sé thar am againn mar sin gníomhú ar an taighde ar fad atá déanta agus tabhairt faoin obair seo i ndáiríre le plean agus fís shoiléir agus spriocanna intomhaiste,” a mhol sé.