Níl ach ceithre fhoireann fágtha i gCraobh iománaíochta 2026 agus tá duais mhór ar fhíor na spéir do na buaiteoirí ag an deireadh seachtaine. Beidh Gaillimh i gcoinne Chorcaí agus tabharfaidh Luimneach aghaidh ar iománaithe an Chláir sna cluichí leathcheannais ag an deireadh seachtaine. Ar ndóigh, bhain Gaillimh agus Luimneach áit amach sna cluichí leathcheannais roimh an dá fhoireann eile, tar éis dóibh Craobh Laighean agus Craobh na Mumhan a bhuachaint ag tús mhí an Mheithimh.
Bhí lá iontach ag foireann iománaíochta na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh nuair a d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile Átha Cliath i gCraobh Laighean. Tar éis feachtas láidir sa chomórtas, léirigh fir an iarthair a gcumas agus a gcuid misnigh chun Corn Bob O’Keeffe a thabhairt ar ais go Gaillimh den chéad uair ó 2018. Ó thús an chluiche bhí smacht ag Gaillimh ar an imirt. Bhí aonad cosanta na Gaillimhe eagraithe agus lán le fuinneamh. Bhí luas agus cruinneas le feiceáil in imirt na dtosaithe - rud a chruthaigh neart deacrachtaí do chosaint Átha Cliath. Idir Tom Monaghan agus Conor Whelan, d’aimsigh siad dhá chúilín déag in aghaidh Átha Cliath!
Níor ghéill Corcaigh riamh agus lean siad orthu ag troid go cróga. Mar sin féin, choinnigh Luimneach guaim orthu féin agus d’éirigh leo na scóranna cinniúnacha a fháil sna nóiméid dheireanacha
Cé gur éirigh le hÁth Cliath roinnt cúl a scóráil agus iarracht láidir déanta acu theacht aniar, níor ghéill Gaillimh agus choinnigh siad orthu ag cur leis an scór. Bhí an bua seo thar a bheith tábhachtach do Ghaillimh mar gur dhearbhaigh sé an dul chun cinn atá déanta ag an bhfoireann le blianta beaga anuas. Tá siad cáilithe do chluiche leathcheannais na hÉireann anois agus tabharfaidh an bua go leor muiníne dóibh don chuid eile den chraobh. Beidh cuimhne ag lucht leanúna na Gaillimhe ar an lá seo mar cheann de na buaicphointí is mó i stair na foirne le blianta fada anuas.
I gCraobh na Mumhan, bhí lá stairiúil ag foireann iománaíochta Luimnigh nuair a bhuail siad Corcaigh sa chluiche ceannais i bPáirc Uí Chaoimh, gan ach an t-aon chúilín amháin eatarthu ag deireadh an chluiche. Coimhlint an-dian a bhí ann, ó thús an chluiche. D’imir Corcaigh le fuinneamh agus le paisean agus d’éirigh leo roinnt scóranna tábhachtacha a aimsiú sa chéad leath. Bhí Luimneach faoi bhrú ar feadh tréimhsí fada den chluiche, ach léirigh siad an taithí agus an misneach atá bainte amach acu le blianta fada.
READ MORE
Sa dara leath, bhí cosantóirí Luimnigh láidir agus eagraithe, agus chuir siad stop le go leor d’ionsaithe contúirteacha Chorcaí. I lár na páirce, bhuaigh imreoirí Luimnigh seilbh ríthábhachtach agus chruthaigh siad neart deiseanna scórála. D’aimsigh siad cúilíní den chéad scoth! Is iomaí réalt atá acu ach is léir go bhfuil taithí Ghearóid Hegarty agus Diarmaid Byrnes ag cur go mór le muinín Luimnigh. Níor ghéill Corcaigh riamh agus lean siad orthu ag troid go cróga. Mar sin féin, choinnigh Luimneach guaim orthu féin agus d’éirigh leo na scóranna cinniúnacha a fháil sna nóiméid dheireanacha. Bhain iománaithe Luimnigh, faoi stiuír John Kiely, a 26ú teideal Mumhan amach.
Sna cluichí ceathrú ceannais, thug an Clár aghaidh ar fhoireann Átha Cliath agus bhí Uibh Fhailí in aghaidh Chorcaí. Le roinnt blianta anuas, tá an Clár tar éis dul chun cinn suntasach a dhéanamh agus Corn Liam Mhic Cárthaigh buaite acu in 2024. Cé go raibh an Clár muiníneach as a gcumas féin, bhí a fhios acu roimh an gcluiche gur foireann chontúirteach í Áth Cliath. Bhí súil ag Áth Cliath go mbeadh siad in ann an lámh in uachtar a fháil ar an gClár. Is léir go bhfuil obair mhór déanta sa phríomhchathair sin chun iomáint a fhorbairt agus tá neart imreoirí cumasacha tagtha chun cinn le blianta beaga anuas. Bhuaigh Na Fianna Craobh club na hÉireann anuraidh agus is é an bainisteoir idirchontae Niall Ó Ceallacháin, a bhí ina bhainisteoir ar Na Fianna freisin. Ach níor éirigh leor bob a bhualadh ar an gClár sa chluiche ceathrú ceannais.
Tá cáil ar an gClár as a neart fisiciúil agus a gcumas fanacht sa chluiche fiú nuair a bhíonn siad faoi bhrú. Bhí lár na páirce ar cheann de na háiteanna ba thábhachtaí sa chluiche. Ina cheann sin, chonacthas ceannaireacht ó Mark Rodgers agus tuiscint iontach idir é féin agus Shane O’Donnell. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil Tony Kelly fós ar dhuine de na himreoirí is contúirtí sa chluiche mar aon le Peter Duggan. Ceann de na gnéithe is tábhachtaí d’aon chluiche ná ráta oibre na n-imreoirí. D’éirigh le himreoirí an Chláir smacht a fháil ar an gcluiche go luath agus formhór na seilbhe acu. Bhí siad breá ábalta deiseanna scórála a chruthú ó thús an chluiche.
Is iad na Corcaígh tánaistí chraobh na Mumhan i mbliana, tánaistí chluiche ceannais na sraithe, agus tá cluiche ceannais na hÉireann caillte acu, dhá bhliain as a chéile. Ina theannta sin, ba iadsan seaimpíní na Mumhan agus na sraithe anuraidh. Briseadh croí a bhí ann do lucht leanúna na Reibiliúnach nuair a chaill siad Craobh na Mumhan in aghaidh Luimnigh. Ní raibh ach cúilín eatarthu agus críoch fíor-dhrámatiúil a bhí ann nuair a shéid an réiteoir James Owens an fheadóg dheireanach agus iarracht ó Chorcaigh ag dul thar an trasnán. D’éirigh le Corcaigh Uíbh Fhailí a bhualadh sa chluiche ceathrú ceannais.
Tá traidisiún saibhir iománaíochta ag Uíbh Fhailí. D’fhéadfá a rá go raibh meascán de thaithí agus d’óige sa phainéal agus tá dul chun cinn suntasach déanta ag Uíbh Fhailí le blianta beaga anuas. Cuir i gcás Adam Screeney, a bhí gortaithe agus nár imir in aghaidh Chill Channaigh an mhí seo caite. Tá sé ar dhuine de na réaltaí óga a bhfuil an-ghealladh faoi. Is tosaí cruthaitheach é Eoghan Cahill a bhfuil ról lárnach aige i gcluiche Uíbh Fhailí agus is ceannaire láidir é an cosantóir Ben Conneely. Thaispeáin Corcaigh díocas agus an scil atá acu ó thús an chluiche agus bhí an- tionchar ag Alan Connolly agus ag Brian Hayes ar imirt Chorcaigh. Tá luas, neart agus scil ag an mbeirt acu agus tá moladh mór faighte acu sa chraobh go dtí seo. Léirigh Corcaigh an taithí atá acu nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí.
Ba é an Gaillimheach Tom Monaghan laoch na himeartha i gCraobh Laighean. Cuireadh ceist air tar éis an chluiche mar gheall ar phlean imeartha na Gaillimhe. Iarradh air faoin bplean a bhí ag bhfoireann don chluiche agus ar chloígh siad leis an bplean sin? Dúirt Tom go bhfuil pleananna agus teaicticí tábhachtach in aon chluiche ach go gcaithfeá a bheith in ann smaoineamh ar an bpointe boise agus an dúshlán atá os do chomhair amach a shárú. ‘Caithfidh sé sin teacht go nádúrtha, caithfidh sé sin a bheith ionat’, a dúirt sé. Freagra iontach ó iománaí ionraic! Is iomaí iománaí nádúrtha a bheidh le feiceáil ó fhoirne na Gaillimhe, Luimnigh, Chorcaí agus an Chláir ag an deireadh seachtaine. An cheist mhór ná, cé a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh ar an 19 Iúil?
Foclóir:
leathcheannais = semi-final
coimhlint = contest/conflict
cruinneas = accuracy/precision
cáilithe = qualified
trasnán = crossbar
díocas = eagerness/zeal
ionraic = honest/noble
teaicticí = tactics
buaicphointí = highlights/high points














