Beagán de mhórán a mhéadaíonn dúil, mar is eol do shaorálaí nó ealaíontóir ar bith. Is gá a bheith solúbtha (ar go leor bealaí), cumasach, agus fuinniúil le bheith ag pocléimneach ó phost go post, ó ról go ról. Tá fios a ceirde ag Eva O’Connor, scríbhneoir ildánach a bhfuil gradaim bainte aici agus rath ar a cuid saothair le blianta beaga anuas.
Tá Eva ag cur fúithi i Londain, ach glaonn sí orm ó Na Sceirí, áit a bhfuil sí leaindeáilte le beagán oibre a dhéanamh lena cairde agus comhscríbhneoirí ar shraith theilifíse. Fad is atá sí i mBaile Átha Cliath, tá dráma nuachoimisiúnaithe dá cuid, The Kerryman, á léiriú sa Glassmask Theatre go dtí an 20 Meitheamh. Tá sí díreach fillte ó Cheanada, áit a raibh a dráma Chicken ar ardán in ionad nua in Toronto.
“Tá foirgneamh nua - The Corleck - bhí muid ar an gcéad seó riamh ar an stáitse ann. Nuair a shroich muid an áit láithreán tógála ceart a bhí ann i ndáiríre, bhí muid faoi bhrú. Ach tá ceangal an-láidir idir Ceanada agus Éire agus tá an amharclann in aice leis an Famine Memorial. Bhí sé speisialta a bheith ann. Thug Culture Ireland an t-airgead dúinn, tá siad go hiontach. Bhí, b’fhéidir, ocht seó againn, agus bhí mé ann le mo bhainisteoir stáitse (Hildegarde Ryan) agus na páistí ar fad linn. Sin suimiúil i gcónaí!”
Ceapaim gur rud ollmhór é an greanni gcaidrimh Éireannacha. Cé go bhfuil muid an-dúnta agus <i>repressed</i>, úsáideann muid greann in áit mothúchán.
— Eva O'Connor
Gné eile den scéal: is máthair nua í Eva, anuas ar an obair uilig eile atá ar bun aici. “De ghnáth bíonn muid ag rá ‘Bhuel, tá triúr páistí againn linn, súil againn go bhfuil sin ok…!’ Bhíomar sa nGearmáin le gairid agus dúirt siad linn ‘oh my god your children are in the tech!’ Ach ansin dúirt siad ‘déanta na fírinne, tugann sin inspioráid dúinn!’ Caithfidh tú a bheith ann ó mhaidin go hoíche, níl rogha agat, níl mé chun íoc as focain babysitter 12 uair an chloig!”
READ MORE
Níl deireadh léi. In ainneoin taistil, oibre, agus léiriúcháin gan stad tá sí gealgháireach, fiosrach. Cuireann sí ceisteanna orm, cé gur mise atá á cur faoi agallamh. Tá fuinneamh tógálach aici. Is léir go bhfuil a croí agus muinín sa bpróiseas agus san éagsúlacht a bhaineann leis an ngairm seo.
“An scríbhneoireacht an príomhrud atá tábhachtach, chun mo chíos a íoc. Ach is aoibhinn liom a bheith ag aisteoireacht. Bhí mé ag smaoineamh faoi Sicín agus cé chomh bródúil atáim as. Níl sé éasca, tá sé an-fhisiciúil. Gach uair a dhéanaim é, tá sé cosúil le maratón, ach rinne mé é agus mé ag iompar clainne, agus rinne mé é tar éis Daithí a bheith agam. Bhí breith an-deacair agam, agus bhí mé ar stáitse 10 seachtaine tar éis sin - b’fhéidir, ag breathnú siar, bhí sé beagán craiceáilte - ach táim bródúil asam féin ar shlí dhifriúil anois.”
Chuala muid dán Eva, The Kerryman, den chéad uair i gcistin i gCiarraí Theas, coinnle lasta agus scéalta á roinnt i gcaitheamh na paindéime. Chuirfeadh sé drithlíní le do chraiceann í a chloisteáil á reic. Nuair a d’iarr Glassmask uirthi dráma a scríobh, bheartaigh sí an dán a leathnú amach. Scéal ealaíontóra atá ann: gann ar airgead agus fillte ar Bhaile Átha Cliath ó Bheirlín, castar uirthi Ciarraíoch fir a bhfuil gnáthphost riaracháin aige, agus í i mbun seó avant garde sa Big Romance.
“Cad a dhéanann tú nuair a deir do cheann rud amháin ach do chroí rud eile? Tá an ceangal an-láidir, ach b’fhéidir nach bhfuil an t-am ceart. A basic bitch lovestory!! Ach tá sé díolta amach!”
Eispéireas uilíoch is ea an grá, ach léirítear é ar bhealaí éagsúla ag brath ar chultúr agus cúlra. B’fhéidir go bhfuil rómánsúlacht ár linne daite ag na meáin agus brúnna na sochaí, ach is cineál ar leith grá a léiríonn muintir na hÉireann. “Ceapaim gur rud ollmhór é an greann i gcaidrimh Éireannacha. Cé go bhfuil muid an-dúnta agus repressed, úsáideann muid greann in áit mothúchán. Bhí mé ag rá ‘ní rom-com é seo! Is scéal dáiríre é.’ Ach, ón gcéad oíche, bhí gach duine ag gáire. Ach ceapaim go bhfuil sin tábhachtach - an greann agus conas a úsáideann muid é chun nascadh le daoine.”
Is álainn tuiscint agus fiosracht Eva maidir le caidrimh, agus daoine go ginearálta, agus mar a neartaíonn sé sin a bua scríbhneoireachta. Beidh seó eile dá cuid, For Delores, á léiriú ag Fishamble i gcaitheamh an tsamhraidh. Baineann sé le cairdeas idir mic léinn ollscoile i nDún Éideann.
“Go bunúsach tá cailín amháin chun pósadh ach tarlaíonn rud uafásach ag an gcóisir ghealltanais agus tá titim amach mór ann. Bhí uaim go mbeadh na haisteoirí an-óg, le léiriú cé chomh cumhachtach agus deacair atá an t-am sin, an chemistry agus cairdeas, agus cá bhfuil an líne sin?”

Arís, is eispéireas uilíoch é an grá ach ceann faoina mbíonn muid uilig ag foghlaim i gcónaí. Is mór an cúnamh scríbhneoireacht chroíúil, ar nós an lionsa Eva ar an tsaol, leis na codanna sin dínn féin a fhiosrú.
Foclóir
ildánach = multi-talented/versatile
gealgháireach = cheerful/bright-faced
tógálach = infectious/contagious
drithlíní = tingles
reic = reciting/performing (spoken word)
bheartaigh = decided/resolved
gann = scarce/short (on money)
rómánsúlacht = romanticism









