Imní faoi úsáid ‘snus’ in Éirinn

Na Ceithre hAirde: Imní faoi úsáid púitsí nicitín atá saor ó thobac; comóradh ar Ghabhla; comórtas Ghlór na nGael.

‘Snus’ a thugtar ar na púitsí seo in Éirinn, cé go dtagraíonn an focal sin do tháirgí tobac i dtíortha eile. Grianghraf: AP
‘Snus’ a thugtar ar na púitsí seo in Éirinn, cé go dtagraíonn an focal sin do tháirgí tobac i dtíortha eile. Grianghraf: AP

Tá saineolaithe sláinte buartha faoin méadú atá ag teacht ar úsáid púitsí nicitín atá saor ó thobac.

‘Snus’ a thugtar ar na púitsí seo in Éirinn, cé go dtagraíonn an focal sin do tháirgí tobac i dtíortha eile.

Dúirt an tOllamh Ray Walley gur cheart d’Éirinn a bheith ceannródaíoch maidir le cosc a chur ar an snus mar a bhí an tír i dtaca le tobac in 2004. Dúirt sé go gcothaíonn na púitsí nicitín andúil an-chumhachtach agus go mbíonn impleachtaí acu do shláinte daoine. Phléigh sé an t-ábhar ar an chlár This Week ar RTÉ le gairid.

“Is geataí iad seo chuig fadhbanna andúile eile, lena n-áirítear andúil sa tobac,” a dúirt sé.

Tá an póca snus saor ó thobac cosúil le mála tae beag bán agus cuirtear é idir an drandal agus an liopa.

Dúradh nach bhfuil an oiread céanna taighde déanta ar nicitín féin agus atá ar thobac go fóill.

Ós rud é go bhfuil an snus áirithe seo saor ó thobac, níl siad faoi réir na srianta céanna a bhaineann le táirgí nicitín eile a bhfuil tobac iontu, amhail teorainneacha aoise agus srianta ar fhógraíocht agus ar bhrandáil.

D’fhéadfadh suas le fiche oiread níos mó nicitín a bheith i bpúitse amháin snus ná mar atá i dtoitín amháin. Chuir an Fhrainc cosc ar an táirge le gairid.

Chonacthas snus in Éirinn den chéad uair in 2019. Tháinig borradh mór faoin táirge idir 2022 agus 2023, in Éirinn agus timpeall an domhain.

Meastar gur thart ar 7 mbilliún dollar a bhí i margadh domhanda na dtáirgí pócaí nicitín anuraidh. Mhéadaigh díolachán branda amháin de na pócaí nicitín in Éirinn beagnach cúig oiread le blianta beaga anuas.

Tá an Dochtúir Denise Proudfoot as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag déanamh taighde ar snus i láthair na huaire. Dúirt sise go bhfuil na táirgí seo ar díol i siopaí agus go bhfuil siad níos saoire le ceannacht ná táirgí eile nicitín. Dúirt sí go bhfuil snus níos discréidí lena thógáil agus go dtig é a ghlacfadh in áiteanna i ngan fhios do dhaoine eile de bharr nach bhfuil boladh ar bith as.

Dúirt Grúpa Dochtúirí na hEorpa go bhfuil gá le reachtaíocht chun na táirgí nicitín saor ó thobac, amhail snus, a chlúdach.

Ceiliúradh agus comóradh ar Ghabhla

Beidh Féile Ghabhla ar siúl idir Dé hAoine, an 26 Meitheamh, agus Dé Domhnaigh, an 28 Meitheamh. I mbliana beifear ag díriú go mór ar theach na scoile agus ar gach a bhaineann leis ar an oileán, atá suite amach ó chósta Ghaoth Dobhair. I measc na n-imeachtaí, cuirfear crann taobh istigh de gheataí na scoile ar an Domhnach.

Oíche Dé hAoine, beidh léacht comórtha Scoil Ghabhla ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag 7:30 pm. Is í Síle Uí Ghallchóir, an duine deireanach a cláraíodh sa scoil, a bheidh ag tabhairt n léachta i mbliana.

“Beidh mise ag caint faoi na múinteoirí a bhí ar an oileán, faoin daonáireamh, agus, go bunúsach, faoi na rudaí a bhain leis an scoil ar an oileán,” a dúirt sí.

Beidh taispeántas grianghraf den oileán san Acadamh chomh maith ar an oíche, agus beidh rollaí na scoile le feiceáil ann fosta. Beidh páistí a bhfuil gaol acu leis an oileán ag seinm ceoil chomh maith.

Dé Sathairn, an 27 Meitheamh, beidh ceardlann dar teideal An Cósta Beo ar siúl leis na heolaithe mara, Cat agus Dave, ar an oileán féin ar 10 am. Beidh seisiún ióga ar an trá ina dhiaidh sin.

Beidh Aifreann na Féile ar siúl Dé Domhnaigh ag 3:00 pm leis an Athair Seán Ó Gallchóir. Leanfaidh coisreacan na mbád an ócáid seo agus, i ndiaidh siúlóide go teach na scoile, fillfear ar an Bhun Beag le haghaidh oíche cheoil agus craic.

“Sin mar ba ghnách leo rudaí a dhéanamh san tseanaimsir. Bhíodh orthu teacht isteach le dul go dtí an tsiopa nó chuig an gharáiste, agus uaireanta théadh na fir isteach i dTeach Hiúdaí Bhig le haghaidh deoch. Tá muid ag súil go mbeidh ceol agus craic ann oíche Dé Domhnaigh,” a dúirt Síle.

Ardán - comórtas nua Ghlór na nGael

Tá an spriocdháta do chomórtas úr Ghlór na nGael, Ardán, ag druidim linn agus iarrtar ar ghrúpaí a bhfuil suim acu sa chomórtas clárú roimh 5 a chlog ar an 19 Meitheamh.

Tá an comórtas oscailte do ghrúpaí pobail, nó fochoistí Gaeilge de ghrúpaí pobail, a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail.

Duaischiste iomlán €83,000 atá le baint sa chomórtas, lena n-áirítear €20,000 don chéad áit agus €10,000 don dara háit, chomh maith le duaiseanna sna hocht gcatagóir agus deich nduais aitheantais speisialta.

Beidh an mholtóireacht agus an ócáid bhronnta ag tarlú ar lá amháin agus san ionad amháin, Óstán Chonnacht i nGaillimh, agus beidh fáilte roimh phobal na Gaeilge freastal ar na seisiúin mholtóireachta chun léargas a fháil ar shaothar na ngrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael go bhfuil foireann Ghlór na nGael spreagtha agus ag súil go mór leis an chomórtas úr: “Tá traidisiún fada ag Glór na nGael de bheith ag aithint dea-chleachtais agus ag bronnadh aitheantas ar ghrúpaí a shaothraíonnn ar son na Gaeilge.

“Tá muid ag súil go mór leis an chéad chaibidil eile i stair an traidisiúin sin. Baineann moltóirí Ghlór na nGael sult agus tairbhe iontach as an chamchuairt mholtóireachta gach bliain, tá muid ag súil go mór leis an phróiseas sin a oscailt amach le go mbainfidh pobal na Gaeilge leas as an mhéid atá le foghlaim ann.

“Cuirfidh sé seo clár leathan de chainteanna spéisiúla, sainiúla ar fáil don phobal agus d’earnáil dheonach na Gaeilge, cainteanna atá bunaithe ar thaithí phraiticiúil na ngrúpaí féin agus a léiríonn na cleachtais is fearr in Éirinn sna catagóirí pleanála teanga. Dar ndóigh, beidh mórócáid cheiliúrtha agus duaiseanna tarraingteacha againn, mar a bhíonn i gcónaí.”

Beidh Ardán 2026 ar siúl i nGaillimh, ar an 19 Meán Fómhair agus tá tuilleadh eolais le fáil ag glornangael.ie/ardan.