Beidh atmaisféar ar leith i Halla Naomh Colmán sa Seanphobal, iarthar chontae Phort Láirge, Déardaoin seo (an 18 Meitheamh 2026) agus dráma nua arna léiriú ag Aisteoirí an tSeanphobail. Beidh an dráma aon ghnímh ar siúl d’aon oíche amháin mar is oscailt dhomhanda í seo. Seans go mbeifear ag súil leis an gcairpéad dearg agus le grianghrafadóirí!
Tá an cumann drámaíochta ag feidhmiú le beagnach ochtó bliain ag léiriú drámaí idir Ghaeilge agus Bhéarla ó chaogaidí an chéid seo caite ar aghaidh i gcúinne seo den pharóiste i nGaeltacht na nDéise.
Ag siúl tríd an halla tá sé éasca na cuimhní a athmhúscailt. Is ar ardán seo an tSeanphobail a léiríodh An Lasair Choille siar sa bhliain 1962 - dráma a bhí nuascríofa ag Caitlín Maude agus Micheál Ó hAirtnéide. Breis agus caoga bliain ina dhiaidh sin chuir an cumann léiriú nua den dráma ar bun – bhí binneas agus nádúrthacht na Gaeilge gan trácht ar ardchaighdeán na haisteoireachta ag baint le ó thús deireadh. An bhliain chéanna sin, 2018, ghlac siad páirt sa Chomórtas Náisiúnta Drámaíochta a tionóladh in Indreabhán, Conamara. Bhuaigh Liam Ó Riain, go raibh páirt an fhir óig aige, Gradam Aisteoireachta as a ról. Cuimhnigh go raibh Séamus Mac Craith as an Rinn sa chéad léiriú i bpáirt an fhir óig nuair a bhí Caitlín Maude í féin i bpáirt Mhíoda. Nuair a cuireadh léiriú 2018 ar siúl, bhí an Craitheach ann arís ar stáitse – i bpáirt an tseanfhir an uair seo.
An Breac sa Bhainne atá mar theideal ar an dráma ardáin nua a léireofar an tseachtain seo. Pléann sé le dinimic teaghlaigh atá faoi bhrón agus iad ag déileáil le rún a scaoiltear ag créamadh cinniúnach…
Tá an cumann aisteoireachta eisceachtúil ar go leor leibhéal. Ní hamháin mar gheall ar é a bheith chomh fadsaolach ag cur drámaí ar stáitse, agus ag baint úsáid as ardán bídeach atá ina seoid i bhfoirgneamh a tógadh mar bhunscoil sa bhliain 1874 go bhfuil atmaisféar álainn, seanfhaiseanta ag baint leis, ach chomh maith leis sin ar fad, tá siad eisceachtúil mar gheall ar chaighdeán na léirithe atá curtha ar siúl acu thar na blianta.
READ MORE
Ba chuimhin le fear amháin a bhí ina bhall le fada an lá, Pádraig Seosamh Ó Mathúna, gur imigh an cumann go dtí féile mhór dhrámaíochta i Luimneach go luath sna seascaidí leis an dráma Éirí na Gealaí le Lady Gregory. Bhí Hilton Edwards ina mholtóir ann. “Fear breá téagartha…Ní dóigh liom go raibh focal Gaeilge aige. Ní fios dom ar éirigh linn an dallamullóg a chur air mar bhronn sé an chéad duais sa bhféile orainn,” a scríobh sé agus é ag cur síos ar an mbua sin.
In 2015 léirigh Aisteoirí an tSeanphobail an dráma céanna ag Féile Dhrámaíochta Cheatharlach, iad ag glacadh páirt sa bhféile don tríú bliain as a chéile. Bhí Pádraig Seosamh Ó Mathúna mar léiritheoir ann. Inniu tá seomra cúlstáitse Halla Cholmáin ainmnithe i gcuimhne ar an bhfear mór drámaíochta seo atá imithe ar shlí na fírinne anois.
Tagann na baill le chéile go rialta in Halla Cholmáin, san áit seo ina gcothaítear féith chruthaitheach iontu agus a bhfeidhmíonn anois mar lárionad pobail i rith an lae agus mar amharclann san oíche.
Is iontach an acmhainn í go bhfuil cumann láidir mar iad ag feidhmiú i gcónaí i gceantar seo na nDéise. Tá an t-ádh ar an bpobal go bhfuil aisteoirí mar iad ar fáil, gan trácht ar duine mar Phádraigín Ní Chadhla, atá ina stiúrthóir ar an dráma nua, go bhfuil taithí fhairsing aici ar shaol na drámaíochta.
An Breac sa Bhainne atá mar theideal ar an dráma ardáin nua a léireofar an tseachtain seo. Pléann sé le dinimic teaghlaigh atá faoi bhrón agus iad ag déileáil le rún a scaoiltear ag créamadh cinniúnach. Is iad na haisteoirí ná Elaine O’Hara, Pádraig Innseadúin, Neela Ní Riain, John Flynn, Domhnall Ó Murchadha, Siúbhan Nic Craith, Geraldine Veale agus Tomás de Grás, agus Helen Flynn i mbun an tseit.
Mar scríbhneoir tá mé faoi gheasa ag Aisteoirí an tSeanphobail mar is dráma de mo chuid féin é seo. Thar na blianta tá roinnt scripteanna scríofa agam. Chruthaigh mé dráma don teilifíse fiú i ndiaidh dom cúrsa a dhéanamh i scríbhneoireacht na drámaíochta faoi choimirce Ollscoil Nua-Eabhrac agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath in 1995. Ach go minic d’fhág mé mo chuid iarrachtaí i leataobh - go dtí oíche amháin in 2021 nuair a fuair mé glaoch teileafóin ó Úna de Paor as an Seanphobal agus í dom spreagadh chun páirt a ghlacadh sa scéim coimisiúnaithe drámaíochta a bhí curtha ar bun ag Comhlacht Forbartha na nDéise. Is as an scéim seo a d’fhás bunleagan an dráma.
I gcónaí bhí mé meallta ag an amhrán Eochaill, a bhaineann le bean óg atá i gcruachás, í ag imeacht ar an mbóthar go Ceapach Chuinn, go dtí go mbuaileann sí le fear óg uasal, leithscéalach, a chuireann stop léi agus é faoi dhraíocht ag a háilleacht, agus é freagrach as a teitheadh. Thug rúndiamhracht an amhráin inspioráid dom agus thosaigh mé ag cumadh scéil a bhí fréamhaithe sa chaidreamh sin.
Go minic bhí sé ar intinn agam an dráma a chur faoi bhráid Aisteoirí an tSeanphobail. Ansin bhí smaoineamh ag mo dheirfiúr RoseAnn Foley go mbunóimis clár teilifíse ar léiriú an dráma, agus go leanfadh ár gceamaraí turas na n-aisteoirí go dtí oíche na hoscailte.
Mar thoradh air sin, tá Aisteoirí an tSeanphobail á leanúint ag ceamaraí agus iad i mbun na léirithe. Tá gach rud á scannánú a fhad is go bhfuil an clár seo á léiriú: an t-ullmhúchán, an spraoi agus cur chuige an chumainn aisteoireachta. Cúlstáitse i Halla Cholmáin an teideal atá ar an gclár. Craolfar é ar TG4 thart ar aimsir na Nollag i mbliana.
Ach, roimhe sin, léireofar mo dhráma den chéad uair an Déardaoin seo sa Halla céanna. Soilse, ceamaraí, aicsean. Tá mé ar bís. Beidh na ticéid ar díol ag Spar sa Rinn, in Oifig an Phoist na hAirde Móire agus sa Wine Buff i nDún Garbhán. Mar a deirtear in amharclanna ar fud an domhain: “A Aisteoirí an tSeanphobail, brisigí cos!”








