Nuair a bhí mac liom cúig bliana d’aois tharla go raibh sé ag féachaint ar chluichí Chorn an Domhain sa sacar, toisc go raibh mise. B’oscailt súl dó na foirne éagsúla, na bratacha daite, agus na himreoirí féin a raibh gach gné chraicinn agus dealraimh orthu. Níor chuaigh aon stad air ach ag fiafraí cad as dóibh, cad ba bhrí leo, cad ina thaobh seo agus siúd. Ba cheacht oideachais dó iad na cluichí céanna.
Ba cheart gurb amhlaidh fós don té a bhfuil suim aige sa domhan mór fairsing. Go deimhin, b’éigean dom féin dul ag tóraíocht eolais agus faisnéise mar gheall ar Curaçao agus Cabo Verde ar a laghad. Foghlaim ann féin ba ea an ceamara ag gluaiseacht thar aghaidh na ndaoine sa slua fad do sheanradhairc uait.
Is mó faoi sheacht go mbeifí ag coinne gur mucarlaigh mhóra d’imreoirí haca leacoighre a chuirfeadh Ceanada amach, ach bhí cuma Afra-Chairbeach orthu gan ghile le maíomh.
Áirítear gur saolaíodh an ceathrú cuid do scuaid na bhfoirne éagsúla ar fad lasmuigh den tír a rabhthas ag imirt dóibh. Ní móide gur sinne an chéad dream a thosnaigh an nós dul ag trálaeireacht trí na sinsir siar d’fhonn teacht ar réaltaí nárbh eol dóibh cá raibh an tír féin. Mar sin féin, tá an nós leathnaithe ó shin, agus ní chuireann sin imreoirí san áireamh gur de shliocht inimirceach iad.
Níl le déanamh gan cloigeann a thochas féin ach leathshúil chaoch a chaitheamh ar an bhfoireann in aice linn nach dtugann aon duine abhus tacaíocht dóibh. Má fuaireamarna imreoirí uathu siúd i gcaitheamh na mblianta, tá an chomaoin díolta againn gan bhréag faoi seo. De bhunadh na hÉireann iad cuid de na caideolaithe is oilte díobh, Jude Bellingham, Harry Kane agus Declan Rice, ach ar éigean gur tháinig sinsir Ebeneze Eze, Marc Guéhi nó Bukayo Saka i dtír le Hengist agus Horsa ar chósta Kent sa chúigiú haois.
READ MORE
Fós féin sa chaolsheans neamhdhóchúil gan dealramh go mbainfidís Corn an Domhain bheadh lucht leanta Farage, Reform agus na daoine a úsáideann meirgí mar bhagairt ar chuaillí ag ceiliúradh go hardghlórach le leann agus le bullaífheoil.
Beidh a fhios ag go leor gur cúlra de chuid Chamarún agus na hAilgéire atá ag Kylian Mbappé na Fraince a bhuaigh an bhuatais órga, ach níl ansin ach screamh an scéil. Fairis sin, bhí imreoirí acu ar de shliocht inimirceach iad ó Thóga, Oileán Mhuirís, Côte d’Ivoire, Mailí, Beinin, an Liobóin, an Nigéir, an tSeineagáil, an Spáinn, Guine Bissau agus an Congó cuid eile acu agus gan oiread is Le Pen ná Zemmour amháin ina measc.
Imreoir na haimsire seo chugainn, nach mór chomh cosluath le David Clifford, agus a bhain bonn na bua leis an Spáinn in aois a naoi mbliana déag dó, Lamine Yamal, is ón Maracó a athair agus an Ghuine Mheánchiorclach dá mháthair.
Falorin Balogun, ar mhaith an Trumpa cárta dearg dó nuair nach raibh buamáil á déanamh ar feadh na seachtaine aige ar thír eile a bhí páirteach sa chomórtas, chuirfí abhaile chun na Nigéire ó na Stáit Aontaithe é mura mbeadh feidhm eacnamaíochta aige ann.
Is mó faoi sheacht go mbeifí ag coinne gur mugarlaigh mhóra d’imreoirí haca leacoighre a chuirfeadh Ceanada amach, ach bhí cuma Afra-Chairibeach orthu gan ghile le maíomh.
Maidir leis an nGearmáin… och, ná bac leis.
Is é is cnó dearfach an scéil, gan amhras, ná go bhfuil an domhan ag gluaiseacht, mar a bhí i gcónaí, ach go bhfuil dlús leis anois ar chuma nach raibh riamh cheana. Murab ionann agus na cráiteacháin agus lucht domlais agus caolaigeantachta, samhail is ea Corn an Domhain den saibhriú a dhéanann agus den spreacadh a chuireann daoine isteach ar chultúir atá éirithe stálaithe agus ar phobail atá rófhada ina luí ar a gcneánna féin.
Foghlaim níos luachmhaire ná tír eolais ba ea cluichí teilifíse na míosa a d’imigh tharainn.














