Cluichí agus ranganna de ló, siamsaíocht agus céilithe d’oíche.
Ní fios cén spraoi a bhíonn ag scoláirí sna coláistí samhraidh agus iad ag iarraidh líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge sa choicís nó trí seachtaine a chaitheann siad as baile.
Ní cheadaítear gutháin shoghluaiste i bhformhór na gcoláistí agus ní mórán a chloiseann a dtuismitheoirí óna ngineoga agus iad i measc a n-aoisghrúpa féin, saor ó bhraighdeanas an bhaile.
Ach beidh deis acu spléachadh a fháil ar shaol na gcoláistí samhraidh in Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn nuair a léireofar Saoirse, ceoldráma úr ó pheann an drámadóra agus an chumadóra, Shauna Carrick.
READ MORE
Suite i gcoláiste samhraidh i nGaeltacht Chiarraí atá scéal an cheoldráma seo atá faoi stiúir Mhuireann Kelly agus á léiriú ag amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc.
Dúirt Kelly gur theastaigh uaithi féin agus Carrick taobh eile an scéil a inseacht: ‘ní hamháin scéal na ndaltaí atá sa Ghaeltacht, ach scéal mhuintir na háite freisin.’
Is as Maigh Eo do Kelly ó dhúchas. Chaith sí tréimhsí ag déanamh staidéar ar an drámaíocht in Ardscoil Ríoga na hAlban, agus ar Ghaeilge na hAlban in Sabhal Mòr Ostaig ar an Oileán Sgitheanach agus, i measc tograí eile, bhunaigh sí an compántas Albanach, Theatre Gu Leòr. Labhair Tuarascáil léi faoin gceoldráma agus na dúshláin a bhaineann le léiriúchán den chineál seo a chur ar stáitse.
“Bhí suim agam san obair a bhí á déanamh ag Shauna Carrick ag an am,” a dúirt sí.
Bhí Shauna Carrick ag cur críoch le ceoldráma dátheangach dar teideal Tír na nÓg a taispeánadh sa Mill Theatre i mBaile Átha Cliath nuair a thosaigh an plé ar cheoldráma a bheadh suite sa Ghaeltacht.
“Thosaigh muid ag plé na bhféidearthachtaí a bhain le foirm an dráma agus céard a d’fhéadfadh muid a dhéanamh dá mbeadh deis ann ceoldráma a chruthú agus a léiriú trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Kelly.
“Chaith muid cúpla lá le chéile ag smaoineamh ar cheoldráma a bhí bunaithe ar an saol sa Ghaeltacht i rith cúrsa coláiste samhraidh,” a dúirt Kelly.

“Scríobh Shauna cúpla radharc agus bhí trí amhrán cumtha aici. Fuair muid aiseolas den scoth, agus leis sin bhí mé beagnach cinnte go raibh lucht féachana ann - ní hamháin lucht féachana óg, ach go mbeadh suim ag seandaoine ar nós mé féin ann freisin, mar gheall ar an nostalgia a bhain leis.”
Bunaíodh an Taibhdhearc faoi stiúir Mhíchíl Mhic Liammóir in 1928 mar theallach don drámaíocht Ghaeilge. Chun sin a dhéanamh, bheadh gá le freastal ar phobal ilghnéitheach na Gaeilge agus na Gaeltachta agus is deacair a shamhlú go bhfuil áit ar bith eile ann a thagann an pobal sin le chéile faoi aon díon amháin seachas i dtithe na mban tí sa Ghaeltacht.
Insítear scéal Shaoirse (Ciara Cox), Róisín (Evanne Kilgallon) agus Aoife (Síofra Ní Éilí) agus iad ag dul i ngleic le ceisteanna móra an tsaoil sa cheoldráma seo. Ach tá todhchaí an choláiste i mbaol freisin agus tá muintir an phobail ag streachailt lena gceisteanna féin.
“Mar a tharlaíonn sé, is scéal aiteach atá ann, ach i ndáiríre is cuma, is scéal faoi dhaltaí atá ag fáil amach cé hiad féin,” arsa Kelly.

“Uaireanta is é seo an chéad uair riamh do na déagóirí imeacht ón mbaile, ó na tuismitheoirí, gan an fón póca acu chomh maith - is rud mór é sin. Sin an fáth go bhfuil an teideal sin air, is saghas saoirse atá ann do na déagóirí.”
Ach ní hamháin go bhfuil na carachtair ag foghlaim fúthu féin agus faoi na cairde ach go bhfuil cineál sosa á fháil acu ón saol freisin.
“Sílim go bhfuil brú ar na déagóirí anois nach raibh orainne a bhaineann leis na meáin shóisialta agus mar sin de agus tá sé sin ina chuid den scéal atá sa cheoldráma chomh maith.”
Dúirt Kelly gur theastaigh uaithi féin agus Carrick taobh eile an scéil a inseacht freisin: “ní hamháin scéal na ndaltaí, ach scéal mhuintir na háite freisin.”
Theastaigh uathu na dúshláin a léiriú, “ar nós easpa na mban tí atá ann faoi láthair agus cúpla coláiste a chaill an halla mór”.
“Thosaigh muid ag smaoineamh ar an saghas brú atá ar mhuintir na háite, agus comhthéacs na bhfadhbanna tithíochta.”

Nuair a ceapadh Kelly ina stiúrthóir ealaíne ar an Taibhdhearc, bhí sé mar aidhm aici a chinntiú go n-inseofaí scéalta ó gach cearn den tír ar an stáitse.
“Sílim go gcaithfimid scéalta ó gach áit a thabhairt ar an stáitse. Ach sílim go bhfuil sé an-tábhachtach, go háirithe nuair atá an chéad ghlúin eile ag foghlaim, go bhfuil ionadaíocht ann, agus go dtuigeann siad ‘Ó, is linne an scéal seo.’”
Agus is mar sin atá in Saoirse.
“Tá beagáinín as gach ceantar sa cheoldráma seo, mar go dtagann na daltaí as gach áit. Tá an Ghaeltacht atá sa scéal suite i gCiarraí, agus sin ceann de na haidhmeanna a bhí agam nuair a thosaigh mé mar stiúrthóir ealaíne - go mbeadh canúintí agus scéalta éagsúla ó gach áit ar an stáitse.
“Ní hamháin go bhfaigheann na scoláirí pictiúr álainn ón gcoicís nó ó na trí seachtaine a chaitheann siad sa Ghaeltacht, ach \[go bhfaigheann siad an tuiscint\] go bhfuil an Ghaeltacht beo.
“Tuigeann siad go bhfuil muintir na háite ann, agus go mbíonn siad ag déileáil le gach rud gach lá - roimh theacht na ndaltaí agus tar éis do na daltaí a bheith imithe. Beidh siad ann i gcónaí, agus beidh an Ghaeilge ann.”
Tá dúshláin ar leith ag baint le ceoldrámaí a léiriú i dteanga ar bith agus nuair a dhéantar i nGaeilge é, is gá teacht ar aisteoirí líofa a bhfuil bua na hamhránaíochta acu agus atá in ann canadh oíche i ndiaidh oíche. I gcás Saoirse, bhí orthu a bheith in ann uirlis cheoil a chasadh chomh maith.
“I ndáiríre bhí sé deacair,” a dúirt Kelly.
“Ní hé nach bhfuil a lán daoine lán le tallann agus a bhfuil Gaeilge acu, ach is saghas meascáin a bhí ag teastáil - an mbeidís in ann canadh lá i ndiaidh lae ar feadh coicíse, ag caighdeán ceoldráma?
“Ní hamháin gur gá a bheith ag canadh, ach tá naonúr ag seinm uirlisí chomh maith, tá an ceol go hiomlán beo ar an stáitse. Tá gach duine ar an stáitse an t-am ar fad. Mura bhfuil tú ag aisteoireacht sa radharc, is dócha go bhfuil tú ag seinm rud éigin.”
Ní minic a léirítear drámaíocht Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh ná i mBéal Feirste, ach is mór ag Kelly go mbeadh fáil ar dhrámaí Gaeilge ar ardáin ar fud na tíre agus thar lear. Dar léi go bhfuil fiúntas faoi leith ag baint le daoine a chruinniú le chéile, beag beann ar cé mhéad Gaeilge atá acu. Tá an léiriú i nGaeilge, ach is féidir fotheidil Bhéarla a fháil tríd an SIBRWD, feidhmchlár a ligeann do lucht féachana amharclainne tairbhe a bhaint as léiriúchán trí Ghaeilge trí aistriúcháin ar a nguthán póca.
“Níl mise líofa ó dhúchas agus is dócha go bhfuil mo chuid Gàidhlig níos fearr ná mo chuid Gaeilge i ndáiríre,” a dúirt Kelly.
“Mar amharclann náisiúnta, caithfidh an Taibhdhearc a bheith oscailte do gach aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge, nó atá ag iarraidh an dráma seo a fheiceáil.”
Tá ticéid do Saoirse ar fáil anois ag antaibhdhearc.com/saoirse nó trí ghlaoch ar (091) 357 011
Foclóir:
ceoldráma - musical (theatre)
amharclann - theatre
drámadóir - playwright
spléachadh - a glimpse
ilghnéitheach – diverse
ionadaíocht - representation
fotheidil - subtitles
feidhmchlár - application (app)












