Port coitianta ar feadh i bhfad nuair a bhí an Caitliceachas in airde láin agus i mbarr a chumhachta san aois seo caite ba ea go rabhamar ar cheann de na tíortha ba naofa agus ba lú dochar sa tsaol ar fad; b’é a mhalairt sin, gan amhras, nuair a d’iompófá an chloch aníos, ná go rabhamar ar an bpobal ba ghránna, ba dhéine, ba chúinge meabhrach is ba chruálaí sam bith, go háirithe maidir le mná de.
Ní gá aon cheilt a dhéanamh ar an ainiocht agus ar an ngangaid a d’fhulaing mná neamhurchóideacha sna carcair éagsúla a cheap an stát agus na heaglaisí dóibh, agus scéal é nár cheart a dhearmad go brách. Ach is minic a dhearmadtar an dóigh a raibh an stát Éireannach go mór chun tosaigh ar thíortha eile maidir le bunchearta saoránachta a nglactar leo anois go fairsing.
Ba cheart go mbeadh ceart vótála ar cheann de na cinn is léire díobh sin. Bhí cead ag gach bean vóta a chaitheamh an túisce is a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922. Ár n-iarthiarnaí trasna an chuain, níor dheonadar vóta don bhantracht go dtí 1928. Tá go dona is tá go holc, ach ní raibh an cead sin ag mná na Fraince go dtí 1944, ná ag gach bean i gCeanada go dtí 1960, san Astráil 1962, gan trácht ar scannal na hEilbhéise nár scaoileadh forlámhas na bhfear ar ghuth na polaitíochta go dtí 1990. Coinnítear an méid sin i do phóca nuair a bhítear do do mhaslú thar lear!
Is fearr ná sin é, áfach. Bhíomar go mór chun tosaigh ar fad i bhforbairt an spóirt mhachaire do mhná seachas formhór na cruinne. Ní raibh sa taispeántas iontach iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh inné idir Corcaigh agus Gaillimh ach toradh ar obair a tosnaíodh breis agus 120 bliain ó shin nuair a cuireadh an chamógaíocht ar bun den chéad uair.
READ MORE
Cé gurbh é Tadhg Ua Donnchadha, an scoláire agus an scríbhneoir, a cheap rialacha an chluiche, mná is mó ar fad a bhí á chomáint. Fís chothromaíochta a bhí riamh ann, óir d’fhás as Conradh na Gaeilge, an t-aon eagraíocht náisiúnta de chuid na linne sin ina raibh mná agus fir ar comhchéim. Go deimhin, bhí chomh Gaelach sin go raibh scoilt san eagraíocht sna 40idí mar bhí géag amháin go tur láidir in aghaidh fir a bheith ina réiteoirí nó ina n-oifigigh.
Ba cheart go bhfaigheadh na mná sin aitheantas mar dhream réabhlóideach forásach a leathnaigh agus a chraobhaigh spóirt mhachaire nuair a bhí a leithéid á gcosc ar fud an domhain, agus go háirithe sna tíortha sin a mbíonn an táiraigne abhus ag féachaint in airde chucu mar eiseamláirí iontacha dul-chun-cinniúla.
Toirmisc thar lear
Chuir FA Shasana bac ar bhaineannaigh peil a imirt ar a gcuid páirceanna sa bhliain 1921, cosc nár ardaíodh go dtí 1971. Lean tíortha eile a sampla, agus go deimhin, bhí cros ar pheil na mban sa Bhrasaíl a mhair go dtí 1981. Cuireadh toirmeasc mar sin i bhfeidhm san iarGhearmáin chomh déanach le 1955 toisc go raibh imirt na peile ‘deoranta go bunúsach do nádúr na mban.’ Níor scriosadh an riail sin go dtí 1970 féin, ach ar choinníoll go raibh an aimsir go deas teolaí taobh amuigh!
Idir an dá linn bhí mná na hÉireann ag imirt leo bíodh sé fliúch fuar meirbh marbhánta bláth brothallach. Cuireadh comórtas chraobh Éireann idir na contaetha ar bun sa bhliain 1932, agus cromadh ar a chraoladh beo ar an raidió deich mbliana ina dhiaidh sin.
An té a thaighdeodh siar gheobhadh sé iontais agus gaiscígh agus míorúiltí chomh héachtach le cluiche ar bith eile. Mar a bhí inné i bPáirc an Chrócaigh.













