Dhá ní nach féidir a dhealú ó chéile

Tá dlúthbhaint idir an spórt agus an pholaitíocht, mar a léiríonn an plé faoi chluiche na hÉireann i gcoinne Iosrael sa sacar

Foireann sacair Phoblacht na hÉireann san Aviva roimh dóibh imirt in aghaidh Catar.  Grianghraf: Inpho/Ryan Byrne
Foireann sacair Phoblacht na hÉireann san Aviva roimh dóibh imirt in aghaidh Catar. Grianghraf: Inpho/Ryan Byrne

Bhí scéal neamhghnách ag an iriseoir agus scríbhneoir Breandán Ó hEithir faoin am a raibh an t-úrscéalaí Máirtín Ó Cadhain bainteach le hÓglaigh na hÉireann ag deireadh na dtríochaidí.

Ainmníodh an Cadhnach ar Ard-Chomhairle an Airm rúnda le linn tréimhse a raibh Seán MacBride ina cheann foirne ar an ngluaiseacht.

Eagraíodh ollchruinniú i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Mheán Fómhair bliain amháin agus tháinig comhaltaí ó gach ball den tír. Bhí an halla beag lán go béal ar an Satharn agus go moch maidin Dé Domhnaigh chomh maith.

Ach ansin thug MacBride faoi deara go raibh an tinreamh tar éis titim thart ar mheán lae agus go raibh toscairí áirithe ag sleamhnú amach as an halla.

D’iompaigh sé chuig Ó Cadhain agus d’fhiafraigh sé de: “Cén fáth an bhfuileadar ag imeacht?”

D’fhreagair an Cadhnach go macánta: “Is as Ciarraí dóibh agus tá Craobh na hÉireann sa pheil ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí. Agus tá Ciarraí ag imirt.”

Máirtín Ó Cadhain
Máirtín Ó Cadhain

Bhí MacBride ar buile agus dúirt: “A leithéid de leibidí. Cén mhaith dúinne iad? Chuirfeadh siad cluiche peile roimh shaoirse na hÉireann.”

Ag breathnú siar ar an gcomhrá, dúirt Ó Cadhain gur aithin sé ag an nóiméad sin nár thuig MacBride faic faoi mheon agus pearsantacht mhuintir na hÉireann.

Deirtear nár chóir spórt agus polaitíocht a mheascadh le chéile, ach, déanta na fírinne, tá siad fite fuaite ina chéile.

An eiseamláir is déanaí ná an troid pholaitiúil idir an Rialtas agus an Freasúra faoi chluiche idirnáisiúnta sacair idir Poblacht na hÉireann agus Iosrael, atá beartaithe le himirt san Fhómhar.

Sna 1970idí agus sna 1980idí, thug foirne rugbaí na hÉireann agus na Leon turais ar an Afraic Theas faoi réimeas na cinedheighilte, rud a chothaigh díospóireachtaí géara, nimhneacha in Éirinn.

Tá tacaíocht tugtha ag formhór na bpáirtithe sa fhreasúra don fheachtas ‘Stop an Cluiche’, atá ag cur brú ar an Rialtas cur ina luí ar Chumann Sacair na hÉireann (FAI) gan an cluiche baile in aghaidh Iosrael i Sraith na Náisiún a imirt.

Tá an cúlra simplí go leor.

Ar an drochuair, tarraingíodh Iosrael mar cheann de na céilí comhraic a bheadh ag ár bhfoireann. Ó shin i leith, tá an ghluaiseacht seo, a eascraíonn ón gcosmhuintir, ag éileamh go gcuirfí an cluiche ar ceal agus go ndíbreofaí Iosrael ón gcomórtas mar gheall ar an slad ollmhór atá déanta ag an IDF ar an bpobal sibhialta in Gaza.

Bhí dhá rún ós comhair na Dála an tseachtain seo caite. Bhí rún ó Shinn Féin ag iarraidh nach rachfaí ar aghaidh leis na cluichí in aghaidh Iosrael. Pléadh é tráthnóna Dé Máirt. Pléadh a mhacasamhail de rún an lá dár gcionn, a chuir na Daonlathaithe Sóisialta chun tosaigh.

Is ceist chasta í seo ó thaobh na polaitíochta de. Bhí spórt ceangailte le polaitíocht i gcónaí, agus uaireanta bhí ról lárnach aige i mbolscaireacht pholaitiúil.

Má fhéachann tú siar ar na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín sa bhliain 1936, bhain Adolf Hitler úsáid astu mar chleas bolscaireachta don chine ‘Airianach’. Ar ndóigh, baineadh stangadh as nuair a bhuaigh an lúthchleasaí dubh Meiriceánach Jesse Owens ceithre bhonn óir, an rás 100 méadar ina measc.

Tá an spórt agus an pholaitíocht ag dul lámh ar láimh leis na glúnta. Mar shampla, bhí cosc ag Cumann Lúthchleas Gael ar na cluichí eachtrannacha go dtí na seachtóidí. Níos déanaí fos, níor tugadh cead do phóilíní de chuid an RUC sa Tuaisceart peil Ghaelach ná iománaíocht a imirt. Sna 1970idí agus sna 1980idí, thug foirne rugbaí na hÉireann agus na Leon turais ar an Afraic Theas faoi réimeas na cinedheighilte, rud a chothaigh díospóireachtaí géara, nimhneacha in Éirinn. Cé gur cluichí spóirt a bhí i gceist leis na turais, thug siad dlisteanacht do chóras lofa polaitiúil.

Is minic a bhraitear gurb ionann lúthchleasaithe agus na píosaí ar chlár fichille, iad á gcur chun tosaigh mar bholscaireacht i gcoimhlintí polaitiúla. Féach ar an mbaghcat a rinne na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ar Chluichí Oilimpeacha Mhoscó in 1980.

É sin ráite, tá cás thar a bheith tromchúiseach i gcoinne Iosrael. Tá slad déanta ag an tír, ní féidir leo an dubh a chur ar an gheal ar dhaoine faoi sin.

Tá dídhaonnú déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh agus déantar neamhshuim shuarach i measc phobal Iosrael de na mílte Palaistíneach atá maraithe gan trócaire gan náire ag an IDF.

Ag dul ar ais go dtí an cluiche, tá an pholaitíocht a bhaineann leis seo thar a bheith casta.

Deir an Rialtas nach bhfuil ról díreach aige sa scéal. Maíonn sé gur Cumann Sacair na hÉireann agus FIFA atá freagrach as an gcinneadh a dhéanamh.

Is cinnte nach bhfuil FIFA toilteanach an cluiche a chur ar ceal, mar is eagraíocht í atá dallta ag an gcumhacht agus ag an airgead.

Ba mhór an náire é nuair a chruthaigh uachtarán FIFA, Gianni Infantino, gradam speisialta síochána - creid é nó ná creid - le bronnadh ar Donald Trump - creid é nó ná creid. Tugann sé sin léargas éigin ar an gcineál ceannaireachta atá san eagraíocht.

An bhféadfadh an Rialtas gníomh níos láidre a dhéanamh? D’fhéadfadh, b’fhéidir, ach bheadh seans ann go mbeadh sé thíos leis dá bharr.

Is í an fhadhb ná go gcaillfeadh an fhoireann pointí agus bheadh ísliú stádais i ndán dóibh. Bheadh tionchar aige sin an chéad uair eile a bheadh Éire ag iarraidh cáiliú do Chraobh na hEorpa nó do Chorn an Domhain.

Bhí roghanna eile á meas ag an FAI. Ceann amháin ná an cluiche a aistriú go dtí ionad neodrach agus é a imirt taobh thiar de dhoirse dúnta.

Sa deireadh sin an rogha ab fhearr leo agus ní raibh mórán ionaidh ann nuair a d’fhógair an FAI Dé hAoine go raibh iarratas déanta acu an cluiche a imirt i láthair neodrach, agus gur aontaigh UEFA leis. Is sórt leathshocraithe é.

Ach beidh deacrachtaí leis sin freisin mar go mbeidh foireann Phoblacht na hÉireann fós ag imirt in aghaidh Iosrael, fiú mura mbeidh lucht féachana sa staid nó léirsitheoirí in ann dul i mbun agóide.

Caithfear a rá amach go neamhbhalbh nár chóir d’Iosrael a bheith páirteach in aon chomórtas idirnáisíunta. Ach níl an Rialtas ná aon eagraíocht spóirt toilteanach an seasamh sin a thógáil.

An ceacht atá le foghlaim?

Ní féidir an spórt agus an pholaitíocht a idirdhealú óna chéile.

Riamh.

Foclóir

tinreamh = attendance

toscairí = delegates

leibidí = fools

eiseamláir = example/exemplar

cosmhuintir = ordinary people/grassroots

cinedheighilt = apartheid

dlisteanacht = legitimacy

dídhaonnú = dehumanisation

bolscaireacht = propaganda

léirsitheoirí = protesters/demonstrators

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times