Crystal Palace – ar thairseach na staire arís

Tá ról lárnach ag an Duibhlinneach Paddy McCarthy ar fhoirne cóitseála Palace le deich mbliana anuas

Tá Paddy McCarthy le Crystal Palace o 2008. Rachaidh a chlub chun páirce i gcoinne Rayo Vallecano i gcluiche ceannais Shraith na Comhdhála de chuid UEFA. Grianghraf: Shaun Botterill/Getty Images
Tá Paddy McCarthy le Crystal Palace o 2008. Rachaidh a chlub chun páirce i gcoinne Rayo Vallecano i gcluiche ceannais Shraith na Comhdhála de chuid UEFA. Grianghraf: Shaun Botterill/Getty Images

Oíche amárach in Leipzig na Gearmáine rachaidh Crystal Palace chun páirce i gcoinne Rayo Vallecano i gcluiche ceannais Shraith na Comhdhála de chuid UEFA. Is é seo an chéad uair riamh a bheidh Palace i gcluiche ceannais Eorpach, éacht dochreidte do chlub nach raibh aon trófaí mór buaite aige go dtí 2025.Tá Crystal Palace ar cheann de na scéalta is mó i saol sacair Shasana le cúpla bliain anuas. Faoi stiúir Oliver Glasner, tá feabhas an-mhór tagtha ar an bhfoireann. Bhain siad éacht amach nuair a bhuaigh siad Corn an FA den chéad uair in 2025 tar éis bua cáiliúil 1-0 ar Manchester City ag Wembley. Bhí an toradh sin ar cheann de na himeachtaí ba mhó i stair an chlub agus thug sé muinín ollmhór don fhoireann agus don lucht leanúna. Léiriú ar an ardú muiníne sin ab ea an bua a bhí acu ar Shakhtar Donetsk i gcluiche leathcheannais Shraith na Comhdhála ag tús na míosa.

Is fíor go bhfuil Palace ag dul ó neart go neart le tamall. Tá stíl imeartha an-tarraingteach acu anois, le peil ionsaitheach agus cosaint láidir eagraithe. Tá imreoirí ar nós Eberechi Eze, Michael Olise, Marc Guéhi agus Jean-Philippe Mateta tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh. Ceann de na cúiseanna is mó leis an rath atá orthu ná an obair atá déanta ag an mbainisteoir Glasner. Nuair a tháinig sé go Selhurst Park, thug sé fuinneamh don fhoireann chomh maith le córas smachta a fhorbairt. D’éirigh leis muinín a chur sna himreoirí agus chuir sé béim ar luas, ag cur brú ar an gcic amach agus obair foirne.

Déarfainn nach bhfuil aon easpa muiníne ag imreoirí Palace agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcluiche mór amárach. Ar an gcéad dul síos, tá cosaint an-láidir acu. Tá Guéhi agus Joachim Andersen ar fheabhas i lár na cosanta. Chomh maith leis sin, tá luas dochreidte acu ar an bhfrithionsaí. Nuair a fhaigheann Eze nó Olise spás, téann siad ar an ionsaí láithreach. Tá Mateta ag cruthú go hiontach freisin.

Sa bhliain 2023, tugadh deis mhór dó nuair a d’fhág Patrick Vieira Crystal Palace. Ceapadh McCarthy ina bhainisteoir eatramhach ar an gclub ar feadh tréimhse ghearr.

Tá meon na foirne thar a bheith láidir chomh maith. Tar éis dóibh Corn an FA a bhuachan anuraidh, creideann na himreoirí anois gur féidir leo trófaithe móra a thabhairt leo. Scaití sa pheil, is í an mhuinín sin a theastaíonn leis an mbua a fháil sa chluiche ceannais. Tá na himreoirí níos suaimhní anois faoi bhrú agus tá taithí acu ar na cluichí móra.

Tá taithí ag na cóitseálaithe chomh maith. Tá Paddy McCarthy leis an gclub ó 2008. Is iar-imreoir sacair agus cóitseálaí rathúil Éireannach é Paddy McCarthy a rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 31 Bealtaine 1983. Bhain sé cáil amach mar chosantóir láidir agus, ina dhiaidh sin, mar chóitseálaí oilte le Crystal Palace agus le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Cé nár imir sé go minic don fhoireann sinsir idirnáisiúnta, tá tionchar suntasach tar éis a bheith aige ar shacar na hÉireann agus ar shacar Shasana araon.

Thosaigh McCarthy a ghairm bheatha le club óige Stella Maris i mBaile Átha Cliath. Ghlac sé le háit in acadamh Manchester City nuair a bhí sé fós ina dhéagóir. Cé nach bhfuair sé mórán deiseanna imeartha leis an gcéad fhoireann, fuair sé taithí luachmhar agus é ar iasacht le Boston United agus Notts County. Chabhraigh an tréimhse sin leis a stíl imeartha a fhorbairt agus thug sí muinín dó mar chosantóir lár páirce.

Sa bhliain 2005, shínigh sé le Leicester City, áit ar tháinig méadú mór ar a cháil. Bhí sé ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí sa chlub agus ceapadh ina chaptaen é agus é fós sách óg. D’imir sé os cionn seachtó cluiche do Leicester agus scóráil sé cúpla cúl tábhachtach freisin. Tar éis tréimhse le Charlton Athletic, bhog McCarthy go Crystal Palace sa bhliain 2008.

In ainneoin gortuithe tromchúiseacha a chuir isteach ar a ghairm bheatha, d’fhan sé dílis don chlub agus ghlac sé ról ceannaireachta sa seomra feistis. Ceapadh ina chaptaen é agus bhí ard-mheas ag na himreoirí eile air. Ceann de na tréimhsí ba dheacra ina shaol ná nuair a chaill sé cuid mhór de shéasúr 2012–13 mar gheall ar ghortú. Mar a tharla sé, ba é sin an bhliain a bhain Crystal Palace ardú céime amach go dtí an Phríomhroinn. Cé nach raibh sé ar an bpáirc, bhí tionchar dearfach aige agus é ag gríosú na foirne.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, rinne McCarthy ionadaíocht ar Éirinn ag leibhéil éagsúla óige, lena n-áirítear na foirne faoi 17, faoi 19 agus faoi 21. Bhí baint aige leis an bhfoireann B idirnáisiúnta agus iarradh air a bheith mar chuid de phainéal sinsir na hÉireann in 2009 faoi stiúir Giovanni Trapattoni. Ach níor imir sé cluiche iomaíoch don fhoireann sin.

Nuair a chríochnaigh sé a ghairm mar imreoir in 2016 mar gheall ar ghortuithe leanúnacha, chuaigh sé isteach i saol na cóitseála beagnach láithreach. Thosaigh sé ag obair le foirne óige Palace agus léirigh sé cumas nádúrtha mar chóitseálaí. D’oibrigh sé leis na foirne faoi 18 agus faoi 21 agus thuill sé moladh mór as a chuid oibre.

Sa bhliain 2023, tugadh deis mhór dó nuair a d’fhág Patrick Vieira Crystal Palace. Ceapadh McCarthy ina bhainisteoir eatramhach ar an gclub ar feadh tréimhse ghearr. Cé gur tráth dúshlánach a bhí ann, léirigh sé cumas agus gairmiúlacht. Ina dhiaidh sin, d’fhan sé mar chuid den fhoireann cóitseála faoi Roy Hodgson agus ina dhiaidh sin faoi Oliver Glasner.

Tá ról tábhachtach aige freisin le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Nuair a ceapadh John O’Shea mar chóitseálaí eatramhach in 2024, roghnaíodh McCarthy mar chúntóir in éineacht leis. Léirigh sé sin an meas atá ag Cumann Sacair na hÉireann air agus, ar ndóigh, tá áit lárnach aige i bhfoireann bainistíochta Palace chomh maith.

Tuigeann an lucht leanúna paiseanta go bhfuil rud éigin speisialta faoin gclub faoi láthair. Má éiríonn leo bua a fháil ar Rayo Vallecano na Spáinne i Sraith na Comhdhála oíche amárach beidh sé ar cheann de na héachtaí is iontaí i stair nua-aimseartha peile Shasana.

Foclóir:

rachaidh chun páirce = will take the field

éacht dochreidte = incredible feat/unbelievable achievement

faoi stiúir = under the direction

cumas nádúrtha = na

frithionsaí = counter-attack

meon = mentality/attitude

gortuithe tromchúiseacha = serious injuries