Tá imeacht ar leith eagraithe ag Craobh Chonradh na Gaeilge BÁC7 in éineacht le Fíon Eile, siopa fíona neamhspleách a osclaíodh i mBaile Phib anuraidh.
Tiocfaidh gach duine le chéile sa siopa ag 2pm an Satharn beag seo, 16 Bealtaine, áit a mbeidh deis acu scoth na bhfíonta ó thimpeall na cruinne a bhlaiseadh faoi stiúir na saineolaithe Sibéal Nic Eochaidh agus Niall Ó Siadhail.
Dúirt Aoife Ní Dhonaile, Cathaoirleach Chraobh Bhaile Átha Cliath 7, go raibh an grúpa ag smaoineamh ar an imeacht seo a reáchtáil le tamall anuas.
“An rud is mó a mheall muid ná gur osclaíodh Fíon Eile agus go raibh ainm breá Gaelach ar an áit. Tá pobal bríomhar againn sa cheantar agus bhí a fhios againn go mbíonn suim acu in imeachtaí atá difriúil. Tá Sibéal agus Niall ag obair i dteannta a chéile le Fíon Eile chun imeacht spéisiúil a chur ar fáil agus tá muid ag súil go mór leis an lá! Má éiríonn linn, seans go gcuirfidh muid ar siúl arís é!”
READ MORE
Costas €30 atá ar thicéad don imeacht seo, ach tá praghas an fhíona agus na sólaistí san áireamh. Is féidir do thicéad a fháil ag an nasc i mbio @craobhbhac7 ar Instagram. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil le tacaíocht ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge.

Glac sos ar Inis Meáin an deireadh seachtaine seo
Má tá tú ag iarraidh giota beag ama a chaitheamh scoite ón mhórthír agus ó chúraimí an tsaoil, seo chugat deireadh seachtaine folláine den scoth atá eagraithe ag Pleanáil Teanga Inis Meáin.
Idir 15-17 Bealtaine 2026, beidh deis ar leith ag daoine ceangal a dhéanamh leis an dúlra thart orthu agus le daoine áille eile trí shraith imeachtaí ar an oileán. Beidh dhá sheisiúin ióga, seisiún machnaimh, seal.
sa sána, snámh san fharraige, seisiún anála cois trá, siúlóid threoraithe bláthanna fiáine chomh maith le dhá dhinnéar mar ghrúpa san áireamh.
Dúirt Maureen Ní Choincheanainn, Oifigeach Pleanála Teanga Inis Meáin, “Táimid ag tabhairt cuireadh do chuairteoirí Inis Meáin a bhlaiseadh go díreach mar a mhairimid ann. Áit ina bhfuil an Ghaeilge, an fholláine, an scíth, agus fíorchultúr an oileáin fite fuaite le chéile go héasca.
“Is é an rud atá fíorspeisialta ná gurb é an chéad uair a tháinig gnólachtaí áitiúla Inis Meáin le chéile chun tairiscint aontaithe a chruthú. Ó oideoirí Gaeilge go cleachtóirí folláine, ó sholáthraithe lóistín go treoraithe cultúrtha, tá an pobal ar fad tar éis a saineolas agus a n-acmhainní a chomhthiomsú. Cuireann sé seo rud éigin ar fáil nach féidir a mhacasamhlú in áit ar bith eile: tearmann atá deartha, á óstáil, agus á sheachadadh ag na daoine atá ag an mbaile ar Inis Meáin.”
Tá spásanna teoranta chun stíl chluthar, phobaldhírithe an tsosa a choinneáil. €150 atá ar thicéad don deireadh seachtaine agus is féidir d’áit a chur in áirithe ag inismeainbeo.ie.

Damhsa cuaille agus ceol Gaelach le Tradaret
Meascán craiceáilte de cheol traidisiúnta agus cabaret atá sa ghrúpa Tradaret, a chuireann taispeántas dodhearmadta os comhair an lucht féachana achan uair a thugann siad faoin ardán.
Is iad an damhsóir Sinéad agus an ceoltóir Caty atá ag croílár an ghrúpa agus bíonn siad ag obair mar chomharghrúpa le healaíontóirí eile timpeall na tíre. Bhí siad le feiceáil ar stáitse ag seó How to Gael in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí in éineacht le Avatar Guille agus Neil Dignam, agus bíonn siad mar thaibheoirí rialta ag seónna Síle na Jig le Queer the Stage i mBaile Átha Cliath fosta.
Tá Tradaret ar na meáin shóisialta @tradaret, áit a roinneann siad an t-eolas is déanaí faoina seónna beo. Is fiú go mór iad a leanstan más maith leat freastal ar an chéad cheann eile!

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Tony Connolly
Is ón chultúr láidir peile i Sasana a fuair Tony Connolly an spreagadh lena bhranda féin a thosú. Díríonn Beir Bua ar fhaisean na sráide agus ar éadaí cúláilte ilúsáide a thiocfadh leat a chaitheamh i rith an lae nó sa phub, chomh maith le hataí agus málaí le feisteas ar bith a dhéanamh giota beag níos Gaelaí.
Faigheann sé inspioráid ó ghuth an phobail ina chathair dhúchais féin fosta, ó eagraíochtaí cosúil leis an Dream Dearg agus Glór na Móna. Tá sé mar aidhm ag an bhranda aird an phobail a tharraingt ar an Ghaeilge agus ar athbheochan na nGael tríd an fhaisean.
Is breá liom féin na geansaithe cniotáilte a dhéanann Beir Bua agus bheadh siad thar barr ar fad d’aimsir na bhféilte atá ag teannadh linn go gasta. Is cinnte go gcoinneoidh geansaí Beir Bua te teolaí thú agus tú ag campáil ag Féile na Gealaí i gceann cúpla seachtain!
Tá an geansaí sa phictiúr (£58) agus réimse iomlán Beir Bua ar fáil ag beirbuabc.com.













