Seisiún scríbhneoireachta amhrán le John Spillane i nDoire

Thall is Abhus: John Spillane i nDoire, Club Reatha Pháirc an Fhionnuisce, Connemarvellous agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach

John Spillane
John Spillane

Seisiún scríbhneoireachta amhrán le John Spillane i nDoire

Beidh an t-amhránaí is scríbhneoir mór le rá John Spillane ag tabhairt aghaidh ar Dhoire Cholmcille an tseachtain seo lena chuid saineolais a roinnt agus a chuid buanna a chur os comhair an lucht féachana.

Déanfaidh sé ceolchoirm oíche Dé hAoine an 8 Bealtaine le tacaíocht ó LARAbEL, amhránaí as Gaoth Dobhair a bhfuil an-ghealladh fúithi. Tá sí i ndiaidh a bheith ar an ardán ag cuid de na féilte ceoil is mó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe – Glastonbury, An Phicnic Leictreach agus All Together Now ina measc. Is cinnte go gcuirfidh an bheirt seo draíocht ar leith os comhair an tslua!

Tabharfaidh John Spillane faoi sheisiún cumadóireachta amhrán an mhaidin ina dhiaidh, an 9 Bealtaine, agus roinnfidh sé na leideanna agus an chomhairle is fearr atá aige do dhaoine atá ag iarraidh a n-amhráin féin a scríobh.

Dúirt Ryan Harling, Comhordaitheoir Ealaíon Chultúrlann Uí Chanáin, go bhfuil “lúcháir” orthu go mbeidh John Spillane ag teacht go Doire leis na himeachtaí seo a chur ar fáil.

“Is deis iontach é ceol s’againne a chur os a chomhair agus giota aiseolais a fháil ar ais ó dhuine leis an mhéid sin taithí agus buanna sa cheol aige. Tá an méid sin suime ag daoine sa Ghaeilge faoi láthair agus tá sé sin fite fuaite sa cheol fosta.

Tá súil agam go mbeidh muid in ann an chéad ghlúin eile a spreagadh tríd an imeacht seo agus a thaispeáint do dhaoine go bhfuil spás ann chun an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga.”

Beidh fáilte roimh chách ag an cheardlann seo, cibé acu ag toiseacht amach nó ag cleachtadh atá tú. Tá cead ag daoine uirlis a thabhairt leo fosta ach níl sé riachtanach.

Tá ticéid don cheolchoirm (£16.50) agus ticéid don cheardlann (£6) ar fáil ag culturlann.org.

Club Reatha Pháirc an Fhionnuisce
Club Reatha Pháirc an Fhionnuisce

Cleachtadh, craic agus cairdeas le Club Reatha Pháirc an Fhionnuisce

Más i mBaile Átha Cliath atá tú ag cur fút agus tú ag súil le giota beag aclaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge ag an deireadh seachtaine, rogha den scoth is ea an Club Reatha seo.

Tagann an Club Reatha le chéile gach maidin Shathairn ag 10.30 a.m. taobh amuigh de na Seomraí Tae i bPáirc an Fhionnuisce agus déanann siad 5k a rith nó a shiúl lena chéile. Níl aon bhrú ar dhuine ar bith cloí le luas ar leith nó a bheith iontach aclaí, agus is í an phríomhsprioc atá ag an ghrúpa ná daoine a thabhairt le chéile trí mheán na Gaeilge. Bíonn caife agus comhrá acu i ndiaidh an tseisiúin fosta, a thugann deis oscailte do dhaoine cairde a dhéanamh agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh.

Labhair mé le Martha Nic Giolla Dhaltúin an tseachtain seo, duine de reathaithe rialta an ghrúpa, agus dúirt sí go meallann an grúpa “daoine áille oscailte. Gach seachtain bíonn comhráite áille ann agus daoine difriúla ag plé ábhair éagsúla. Taitníonn sé go mór liom aon uair a fhreastalaím air, agus nuair a bhím ag iarraidh tús dearfach agus sóisialta a chur leis an deireadh seachtaine, is iontach go bhfuil an deis sin ann. Ba bhreá liom an grúpa a fheiceáil ag fás agus ag forbairt amach anseo!”

Tá an Club Reatha ar Instagram @clubreatha agus nasc sa bhio s’acu chun páirt a ghlacadh sa chomhrá Whatsapp. Beidh an chéad teacht le chéile eile ar siúl an deireadh seachtaine seo, 9 Bealtaine, ag 10.30am.

Connemarvellous’
Connemarvellous’

‘Connemarvellous’: súil siar spleodrach ar chúrsaí Gaeltachta

Dráma grinn dátheangach is ea ‘Connemarvellous’, scríofa agus curtha i láthair ag Bláthnaid Daly. Pléitear aoibhneas agus náire na ndéaga sa dráma nuair a thugann cailín óg faoi chúrsa ag coláiste samhraidh Gaeltachta den chéad uair.

Bronnadh Dámhachtain Lúfaireachta de chuid na Comhairle Ealaíon ar an dráma seo agus bhí sraith seónna den scoth ar siúl le linn Fhéile Scene + Heard 2026 chomh maith.

Beidh deis ag muintir na Gaillimhe an dráma seo a fheiceáil in Amharclann Halla na Cathrach anocht, an 5 Bealtaine, ag 8.30 p.m. mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta na Gaillimhe – tá na ticéid (€18) á ndíol go gasta ar www.tht.ie.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Shannon Greene
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Shannon Greene

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Shannon Greene

Tá tuiscint ar leith ag Shannon Greene ar an inbhuanaitheacht agus ar na himpleachtaí timpeallachta a bhaineann leis an tomhaltachas. Cruthaíonn sí seodra ar leith le hairgead athchúrsáilte agus fanann an fheasacht sin ar an timpeallacht ag croílár a branda, Hammer & Snail, i gcónaí.

Imeartas focal atá in ainm an bhranda le léiriú go n-úsáidtear miotal buailte in achan uile phíosa lámhdhéanta, ach go ndéantar iad go mall agus go cúramach fosta. Is breá liom píosaí Hammer & Snail mar is léir go ndéantar go haireach iad le cúram ar leith de na mionsonraí, agus seasann siad amach dá bharr.

Tá na fáinní cluaise sa phictiúr (€68.95) agus earraí eile Hammer & Snail ar fáil ag www.hammerandsnailstudio.com.